‘Níos mó Gaeilge ag muintir na hÉireann ná mar a thugann siad le fios’ – taighde nua

De réir taighde nua, tá cumas sa Ghaeilge ag muintir na hÉireann a ndéanann siad a bheag di is nach n-admhaíonn siad é a bheith acu

‘Níos mó Gaeilge ag muintir na hÉireann ná mar a thugann siad le fios’ – taighde nua

Tá baol ann go gceapfadh muintir na hÉireann gur lú Gaeilge atá acu ná mar atá, de réir taighde nua.

De réir an taighde nua a rinne scoláire i gColáiste Mhuire Gan Smál, d’fhéadfadh gur mar gheall ar an easpa misnigh a tugadh dóibh ar scoil atá easpa muiníne ag daoine as a gcuid Gaeilge.

Ar thaighde a rinne an t-údar, Shane Barry, i measc grúpa státseirbhíseach, atá an saothar nua bunaithe.

Dúirt 60% den ghrúpa státseirbhíseach a cuireadh faoi agallamh don taighde gur minic leo a bheag a dhéanamh dá gcumas sa Ghaeilge.

Dúirt údar ‘Irish language self-efficacy beliefs and the Official Languages Act 2003’ go ndealraíonn sé go bhfuil go leor státseirbhíseach agus daoine eile ann nach bhfuil tuairim chruinn á dtabhairt acu mar gheall ar a gcumas sa Ghaeilge

“De réir cosúlachta, nuair a deir státseirbhísigh, nó daoine sa phobal go ginearálta, nach cainteoirí Gaeilge iad, cur síos míchruinn amach is amach ar an eolas atá acu ar an nGaeilge a bhíonn i gceist. 

“Fágann sin gur ag cúlú ó labhairt na teanga a bhíonn daoine den chuid is mó agus go gcreideann siad go bhfuil an Ghaeilge ‘imithe go deo’ nó go bhfuil ‘dearmad’ déanta uirthi.”

De réir tuairisc de chuid an Choimisinéara Teanga ní raibh dóthain Gaeilge chun déileáil leis an bpobal i nGaeilge ach ag 2.62% de 21,000 státseirbhíseach.

Ag tagairt dó don tuarascáil sin, dúirt Shane Barry, Teangeolaí Feidhmeach, gur léir dó nach ndearna go leor de na státseirbhísigh sin cur síos cruinn ar a gcumas Gaeilge.

“Daoine a rinne staidéar ar an nGaeilge ar scoil agus a bhain caighdeán ard amach fiú, is iontach a sciobtha is a bhíonn siad á dhearbhú nach cainteoirí Gaeilge iad, in ainneoin fianaise ar a mhalairt a bheith ann.

De réir údar an taighde, tá cumas sa Ghaeilge ag muintir na hÉireann a ndéanann siad a bheag de agus nach n-admhaíonn siad é a bheith acu mar gheall ar an tslí a mbíodh an teanga á teagasc ar scoil. 

Deir an t-údar go mb’fhéidir gurb é atá ag teastáil ón bpobal agus ó státseirbhísigh ná athoiliúint sa Ghaeilge chun cur lena gcuid muiníne ina gcumas sa teanga. 

“Ach é sin a dhéanamh, b’fhéidir go n-éireodh linn sa deireadh an caidreamh corraitheach atá againn leis an nGaeilge a athrú agus caidreamh níos dearfaí a chur ina áit, caidreamh a d’fhágfadh nach údar iontais chomh mór sin a bheadh ann dúinn níos mó teanga ár muintire a chloisteáil ar an tsráid nó sa siopa,” arsa Shane Barry.

Fág freagra ar '‘Níos mó Gaeilge ag muintir na hÉireann ná mar a thugann siad le fios’ – taighde nua'

  • S. Mac Muirí

    Teangeolaí ‘feidhmeach’ eile ag feidhmiú an bhéarla sin i ngort na Gaeilge.
    D’fhoilsigh Scoil an Léinn Cheiltigh (FALB anglice DIAS) 77 leabhar sna blianta 1940-1962 ‘ach ní dhearnadh eagarthóireacht tríd an Ghaeilge ach ar tuairim is leathdhosaen díobh’ (Tuarascáil Dheireadh an Choim. um Athbheochan na G., 47).
    Tá sé thar am múscailt 7 a rá le haos acadúil, craolta 7 rialta an dá stát a gcuid béarla a choinneáil acu féin.

  • Seathrún Mac Éin

    Pé méid Gaeilge atá – nó nach bhfuil – ag muintir na hÉireann faoi láthair, is cinnte go bhfuil bealaí ann lena mheadú go tapaidh laistigh de ghlúin amháin agus í a bheith ag cuid níos mó fós díobh laistigh de dhá ghlúin. Léiríodh i suirbhé thar ceann Chonaradh na Gaeilge le déanaí go mbeadh thart ar 47% de mhuintir Phoblacht na hÉireann sásta a gclann a chur ar ghaelscoil ach a leithéid a bheith ina gceantar. Cuirimis brú, mar sin, ar an Roinn Oideachais scéim a thionscnamh a d’fhágfadh idir 40% agus 50% de na scoileanna náisiunta laistigh de chúig bliana fichead nó mar sin. – agus, má bhíonn méadú ar an éileamh idir an dá linn, an sprioc sin a ardú go dtí idir 60% agus 75%. Ar an gcuma sin, ní fada go mbeadh Gaeilge ar a dtoil ag formhór mór na ndaltaí gaelscoile agus nach fada ina dhiaidh sin go mbeadh go leor daltaí sna bunscoileanna ag iarraidh a sampla siúd a leanúint – rud a chinnteodh go mbeadh teanga bhinn na Fódla ar a dtoil ag formhór na hóige agus é ag éirí faiseanta ina measc í a labhairt eatarthu féin. Cad a mheasann sibh!