CLUASTUISCINT: Ar cheart gaelscoil a dhéanamh de do bhunscoil Bhéarla? Cuirtear an cheist ar thuismitheoirí na hÉireann…

Éist leis an bpíosa seo as alt ó Tuairisc.ie agus déan na gníomhaíochtaí a ghabhann leis

Gníomhaíocht 1 – Ceisteanna

  • Scríobh an cheannlíne i d’fhocail féin.
  • Céard atá eagraíochtaí Gaeilge ag éileamh?
  • Cén suirbhé atá an Roinn Oideachais a ullmhú?
  • Cén bhaint atá ag an bhfigiúr 400 leis an scéal?
  • Cad é an “cur chuige céanna” a luann Conradh na Gaeilge?
  • Cad a bhí le rá ag Julian de Spáinn?
  • Déan an abairt thíos a chur san ord ceart.

Ba chóir an le fáil amach cé mhéad cur chuige céanna duine amuigh ansin a úsáid i gcás an ghaeloideachais go mbeadh suim acu go ndéanfaí scoil lán-Ghaeilge de scoil a gcuid gasúr.

Gníomhaíocht 2 – Deachtóireacht

  • Éist leis an gcéad trí abairt arís agus déan iarracht na príomhfhocail a scríobh síos.
  • Cuir an méid atá scríofa i gcomparáid leis an méid atá scríofa ag do pháirtí. I mbeirteanna déanaigí iarracht na trí abairt a scríobh.
  • Éist leis na habairtí arís más gá.
  • Beidh sibh in ann an méid atá scríofa agaibh a chur i gcomparáid leis an leagan bunaidh ar ball.

Gníomhaíocht 3 – Aimsigh agus Cuardaigh

  • Éist leis an gcéad trí abairt arís. Aimsigh sampla d’ainmfhocal san uimhir iolra agus den tuiseal ginideach iolra.
  • An bhfuil aon fhocal/frása a chuala tú nach dtuigeann tú? Déan iad a chuardach ar focloir.ie agus www.teanglann.ie.

Gníomhaíocht 4 – Cur in ord

  • Seo thíos an chéad phíosa eile den alt.
  • Ag obair le do pháirtí déan iarracht é a chur in ord.
  • Tabhair réasúnaíocht cén fáth a bhfuil siad san ord sin.
  • Beidh sibh in ann an freagra a sheiceáil ar ball.
    • deis atá ann an gaeloideachas a chur chun cinn chomh maith.“Fáiltíonn an Foras roimh an Roinn a
    • bheith ag beartú suirbhé a dhéanamh ar thuismitheoirí maidir le scoileanna il-sainchreidmheacha a
    • faoi 2050, ach níl aon sprioc ar chor ar bith againne i leith na Gaeilge,” arsa de Spáinn.
    • Tá Conradh na Gaeilge ag iarraidh go leanfaí cur chuige na Breataine Bige, agus sprioc a leagan síos maidir le líon na nGaelscoileanna nua atá le bunú.
    • “Sa Bhreatain Bheag mar shampla tá sprioc intomhaiste acu go mbeadh 40% de na scoileanna ina scoileanna Breatnaise
    • Deir An Foras Pátrúnachta, an pátrún is mó ar scoileanna lán-Ghaeilge, go bhfáiltíonn siad roimh an suirbhé
    • atá á bheartú ag an Roinn Oideachais faoi scoileanna il-sainchreidmheacha ach deir siad gur
    • dhéanamh de scoileanna Caitliceacha. Braithimid gur deis a bheadh anseo do phobail a léiriú go bhfuil rogha eile uathu
    • ina gceantair féin,” a dúirt Caoimhín Ó hEaghra, Príomhfheidhmeannach an Fhorais Pátrúnachta.

Gníomhaíocht 5 – An leagan bunaidh

  • Seo an nasc chuig an leagan bunaidh.
  • Féach siar ar a bhfuil déanta agaibh i nGníomhaíochtaí 2 agus 4.
  • Déan an t-alt a léamh tú féin. Ansin déanaigí é a léamh os ard i mbeirteanna.

Fág freagra ar 'CLUASTUISCINT: Ar cheart gaelscoil a dhéanamh de do bhunscoil Bhéarla? Cuirtear an cheist ar thuismitheoirí na hÉireann…'