CLUASTUISCINT: An ruathar ar an gCaipeatól – an bhféadfadh sé tarlú arís?

Éist leis an bpíosa seo as alt ó Tuairisc.ie agus déan na gníomhaíochtaí a ghabhann leis


Gníomhaíocht 1 – Ceisteanna

  • “An bhféadfadh sé tarlú arís?” Céard atá i gceist ag an údar leis an líne sin, meas tú?
  • Cén fáth a luaitear cogadh na saoirse?
  • Céard a bheidh ag tarlú mí na Samhna seo chugainn?
  • Cén fáth a bhféadfadh an toghchán a bheith tubaisteach do na Daonlathaigh?
  • Déan ceann de na ceisteanna a scríobh i d’fhocail féin.
  • Déan an abairt thíos a chur san ord ceart.

ceisteanna le bheith ar a soiléir gcuid a fháil orthu má tá fhiosrúcháin rath Tá sraith a gcaithfidh lucht an seo freagra oibre.

Gníomhaíocht 2 – Deachtóireacht

  • Éist leis an gcéad trí abairt arís agus déan iarracht na príomhfhocail a scríobh síos.
  • Cuir an méid atá scríofa i gcomparáid leis an méid atá scríofa ag do pháirtí. I mbeirteanna déan iarracht na trí abairt a scríobh.
  • Éist leis na habairtí arís más gá.
  • Beidh sibh in ann an méid atá scríofa agaibh a chur i gcomparáid leis an leagan bunaidh ar ball.

Gníomhaíocht 3 – Aimsigh agus Cuardaigh

  • Éist leis an dá cheist dheireanacha arís. Aimsigh sampla den tuiseal ginideach agus d’aidiacht bhriathartha.
  • An bhfuil aon focal/frása a chuala tú nach dtuigeann tú? Déan iad a chuardach ar focloir.ie agus www.teanglann.ie.

Gníomhaíocht 4 – Cuir in ord

  • Seo thíos píosa eile den alt.
  • Ag obair le do pháirtí déan iarracht é a chur in ord.
  • Tabhair réasúnaíocht cén fáth a bhfuil siad san ord sin.
  • Beidh sibh in ann an freagra a sheiceáil ar ball.
    1. ag na meáin chumarsáide thall agus aird ar leith ar dhaoine ar nós Seán Hannity ó Fox News agus clann an Uachtaráin Trump, Don Jr. agus Ivanka. Tá obair mhór le déanamh ag an
    2. cúirte eisithe do bhreis is leathchéad duine agus eolas faoina gcuid guthán iarrtha ar 100 eile. Tá dúshlán an choiste tugtha ag
    3. gcoiste comhdhála seo más leo a chinntiú nach in olcas a rachaidh an deighilt atá sna Stát Aontaithe. Beidh Poblachtánaigh ag
    4. cáineadh na hoibre agus ag diúltú comhoibriú leo agus, ag an am céanna,ag iarraidh leas toghchánaíochta a bhaint as an
    5. bhfiosrúchán. Déanfaidh na Daonlathaigh a ndícheall an méid atá ar siúl ag an gcoiste a úsáid lena chruthú nach féidir muinín a chur sna Poblachtánaigh.
    6. Is críonna an té a déarfadh cén breithiúnas a thabharfaidh an pobal faoi Shamhain. Idir an dá linn, ná cuir tuilleadh trioblóide as an áireamh ach an oiread.
    7. suas le deich nduine fhichead atá ag diúltú comhoibriú leis an obair. Tá eolas nua ag teacht chun cinn go laethúil faoi eachtraí an lae úd. Tá sé ina dhráma
    8. Ó thosaigh an fiosrúchán i mí Iúil seo caite (gan tacaíocht na bPoblachtánach) tá agallaimh curtha ar os cionn 250 duine. Tá toghairmeacha

Gníomhaíocht 5 – An leagan bunaidh

  • Seo an nasc chuig an leagan bunaidh.
  • Féach siar ar a bhfuil déanta agaibh i nGníomhaíochtaí 2 agus 4.
  • Déan an t-alt a léamh tú féin. Ansin déan é a léamh os ard i mbeirteanna.

Fág freagra ar 'CLUASTUISCINT: An ruathar ar an gCaipeatól – an bhféadfadh sé tarlú arís?'

  • colleen

    Go riabh maith agaibh as seo – an-úsáideach