An ruathar ar an gCaipeatól – an bhféadfadh sé tarlú arís?

Cothrom an ama seo anuraidh a rinne drong de lucht tacaíochta Donald Trump ruathar ar an gCaipeatól. Tá ceisteanna le freagairt i gcónaí…

An ruathar ar an gCaipeatól – an bhféadfadh sé tarlú arís?

An bhféadfadh sé tarlú arís? Sin an cheist atá in intinn go leor d’aicme pholaitiúil na Stát Aontaithe faoi láthair. Bliain ó shin go díreach a tharla na círéibeacha in Washington D.C. lá chinn an dá lá dhéag 2021.

Eachtra dá leithéid ní fhacthas ó chogadh na saoirse sna Stáit Aontaithe, a deirtear linn. An imní anois an bhféadfadh a leithéid tarlú arís. Braitheann sé sin cuid mhór ar an bhfiosrúchán a reáchtálann an coiste comhdhála atá bunaithe le iniúchadh a dhéanamh ar na heachtraí. Beidh tionchar ag an bhfiosrúchán sin ar an toghchán lár téarma i mí na Samhna seo chugainn. D’fhéadfadh an toghchán a bheith tubaisteach do na Daonlathaigh mura n-éiríonn leo dul chun cinn a dhéanamh go gairid maidir le comhlíonadh na ngeallúintí a rinne an tUachtarán Joe Biden nuair a toghadh é. Tá an baol ann go dtabharfaidh fiosrúchán mí-éifeachtach tuilleadh ugaigh dóibh siúd a d’ionsaigh Washington anuraidh agus don té atá in ann iad a ghríosú le chuile fhocal a thagann as a bhéal – Donald Trump.

Tá sraith ceisteanna a gcaithfidh lucht an fhiosrúcháin seo freagra soiléir a fháil orthu má tá rath le bheith ar a gcuid oibre. Tá na ceisteanna sin leagtha amach ag cathaoirleach an choiste, Benny Thompson, ball comhdhála as Mississippi.  Deir Thompson  gurb iad na freagraí  ar na ceisteanna seo a leanas a chruthóidh an bhfuil a gcuid oibre déanta ag an gcoiste:

1. Cén bhaint a bhí ag an Teach Bán le heagrú na slógaí a reáchtáladh in Washington an lá sin?

2. An raibh Donald Trump nó a rialtas ar an eolas go raibh foréigean á bhagairt ag cuid acu siúd a bhí i láthair?

3. Céard a rinne nó nach ndearna an tUachtarán nuair a thosaigh na léirsithe? (Más fíor na tuairiscí shuigh sé síos ag breathnú ar an teilifís).

4. Cén fáth gur thóg sé an fhad sin na fórsaí slándála, idir phóilíní agus fórsaí míleata, a chur chun gnímh?

5. An raibh sé beartaithe dáiríre ag Donald Trump dúshlán na n-údarás a thabhairt mar gheall ar thoradh an toghcháin uachtaránachta agus cén chaoi?

Ó thosaigh an fiosrúchán i mí Iúil seo caite (gan tacaíocht na bPoblachtánach) tá agallaimh curtha ar os cionn 250 duine. Tá toghairmeacha cúirte eisithe do bhreis is leathchéad duine agus eolas faoina gcuid guthán iarrtha ar 100 eile. Tá dúshlán an choiste tugtha ag suas le deich nduine fhichead atá ag diúltú comhoibriú leis an obair. Tá eolas nua ag teacht chun cinn go laethúil faoi eachtraí an lae úd. Tá sé ina dhráma ag na meáin chumarsáide thall agus aird ar leith ar dhaoine ar nós Seán Hannity ó Fox News agus clann an Uachtaráin Trump, Don Jr. agus Ivanka.

Tá obair mhór le déanamh ag an gcoiste comhdhála seo más leo a chinntiú nach in olcas a rachaidh an deighilt atá sna Stát Aontaithe. Beidh Poblachtánaigh ag cáineadh na hoibre agus ag diúltú comhoibriú leo agus, ag an am céanna,  ag iarraidh leas toghchánaíochta a bhaint as an bhfiosrúchán. Déanfaidh na Daonlathaigh a ndícheall an méid atá ar siúl ag an gcoiste a úsáid lena chruthú nach féidir muinín a chur sna Poblachtánaigh.

Is críonna an té a déarfadh cén breithiúnas a thabharfaidh an pobal faoi Shamhain. Idir an dá linn, ná cuir tuilleadh trioblóide as an áireamh ach an oiread.

Fág freagra ar 'An ruathar ar an gCaipeatól – an bhféadfadh sé tarlú arís?'

  • An Teanga Bheo

    Tágann an stair timpeall