Clár snasta suaite faoi iomrall ceartais Robáil Traenach na Sollán

Snáth uama na sraithe Crimes and Confessions ná go raibh drong Gardaí sa timpeall sna seachtóidí/ochtóidí a chuaigh i muinín na láimhe láidre le hadmháil a bhaint astu siúd a bhí faoi amhras

Clár snasta suaite faoi iomrall ceartais Robáil Traenach na Sollán

Nuair atá scéal le téagar idir lámha agat agus na rannpháirtithe cuí earcaithe agat tá na bunchlocha leagtha do chlár faisnéise le dealramh. Is amhlaidh a bhí leis an ngála is déanaí do Crimes & Confessions (RTÉ1, Dé Luain). Díríonn an tsraith seo ar chásanna iomrall ceartais ós na seachtóidí agus ochtóidí agus na cúiseanna a bhí leo. Snáth uama na sraithe go maítear go raibh drong Gardaí sa timpeall ag an am a chuaigh i muinín na láimhe láidre le hadmháil a bhaint astu siúd a bhí faoi amhras. Sa chéad ghála díríodh ar fhuadach agus marú Úna Lynskey i 1971 agus an éagóir a deineadh ar an triúr ar cuireadh na coireanna ina leith. Sa dara gála seo díríodh ar robáil traenach na Sollán i 1976.

An lá cinniúnach úd d’éirigh le buíon d’fhir armáilte tuairim is £200,000 a sciobadh leo. Ní fada ina dhiaidh sin nó gur gabhadh Osgur Breatnach, Nicky Kelly, Brian McNally, Mick Plunkett agus John Fitzpatrick. Dhein an clár seo scéal suaite, conspóideach an bhfear seo a insint. 

Ba é comhthéacs polaitiúil na tréimhse a chruthaigh cúinsí a d’éascaigh an t-iomrall ceartais. Bhraith na Gardaí go rabhadar faoi léigear ag an IRA agus an INLA. Go deimhin, maraíodh an Garda Michael Clerkin i mí Dheireadh Fómhair na bliana sin. Bhí an Chúirt Choiriúil Speisialta ar an bhfód ó 1972; cúirt gan ghiúiré a bhí dírithe ar sceimhlitheoirí a chur ar a dtriail. 

Bhí ionchur tomhaiste áititheach againn ó Osgur, Nicky agus John. Siad a gcuntais siúd máithreacha an chláir agus a thugann cumhacht faoi leith dó. Tugadh cur síos mion ar an mbrúidiúlacht agus an chamastaíl a ba chúis lena n-admhálacha. 

Deineadh a bpaistí cainte siúd a shníomh le hábhar cartlainne, míreanna athchruthaithe agus ionchur ó chloigne cainte cosúil leis an iriseoir Gene Kerrigan agus dlíodóir na bhfear, Pat McCartan. 

Tugadh sinn go meáite trí sheó bóthair na cúirte: an easpa fianaise, breitheamh ag titim ina chodladh, bagairt á déanamh ar fhear an méid a chonaic sé a tharraingt siar, breitheamh ag maíomh gur thug na fir a bhí cúisithe bascadh dóibh féin srl. Dá mba scannán é bheimis ag rá gurbh áiféiseach an scéal é. 

Bhí cuma na héagóra ar an gcás ón tús agus d’éirigh na glamanna níos glóraí nuair a ciontaíodh iad agus nuair a deineadh éagóir bhreise ar Nicky Kelly nuair a d’fhill sé ó bheith ar a theitheadh. Go deimhin chuir Amnesty a ndearcadh féin in iúl le tuairisc cháinteach i 1997. An chuid ab áiféisí den scéal ná nár tugadh John Fitzpatrick os comhair na cúirte cé go raibh admháil sínithe aige. An breac sa bhainne ná go riabh sé luaite in admhálacha na bhfear eile cé go raibh ailibí iontaofa aige.  

Cé gur scaoileadh na fir saor, gur íocadh cúiteamh leo agus go raibh pardún ón uachtarán i gceist, níl na fir ar a suaimhneas go fóill. Tá fiosrúchán poiblí á éileamh acu leis an teip chórasach a thabhairt chun solais. Is léir gur fhág na heachtraí suaite cinniúnacha úd lorg fad saoil orthu; maíonn Osgar gurb iad ba chúis le cliseadh a phósta agus a shláinte.  

Clár snasta suaite a bhfuil oscailt súl ag baint leis. Níl deireadh an scéil seo againn go fóill. 

Fág freagra ar 'Clár snasta suaite faoi iomrall ceartais Robáil Traenach na Sollán'