Clár nua cúrsaí reatha Gaeilge RTÉ curtha siar mar gheall ar easpa foirne

Bhí sé i gceist an chéad chlár sa tsraith Fóram a chraoladh ar an 8 Deireadh Fómhair ach tuigtear do Tuairisc nach mbeidh sin ag tarlú

Clár nua cúrsaí reatha Gaeilge RTÉ curtha siar mar gheall ar easpa foirne

Tá an seit tógtha agus cleachtadh déanta don chéad sraith cúrsaí reatha i nGaeilge ar RTÉ le breis is 20 bliain, ach ní fios cathain a chraolfar an chéad chlár.

Tá an dáta tosaithe don chlár nua, Fóram, curtha siar mar gheall ar easpa foirne.

Bhí sé i gceist an chéad chlár sa tsraith a chraoladh ar an 8 Deireadh Fómhair ach tuigtear do Tuairisc nach mbeidh sin ag tarlú.

Triúr atá luaite leis an gclár faoi láthair, eagarthóir, Colm Kirwan, láithreoir, Caoimhe Ní Laighin, agus taighdeoir.

Ar Joe Reddington, príomheagarthóir Nuacht TG4/RTÉ, atá an phríomhfhreagracht as an gclár nua.

Tá an té a bhí le bheith mar iriseoir le Fóram, Eoin Ó Catháin, iarchomhfhreagraí polaitíochta RnaG, imithe ón gclár agus RTÉ fágtha ar fad aige chun tús a chur le post nua.

Is cosúil go bhfuil deacrachtaí ann duine a fhostú in áit Uí Chatháin mar gheall ar an gcosc ar earcaíocht a tugadh isteach in RTÉ le déanaí.

Bhí sé i gceist ag an dtús go mbeadh triúr láithreoirí ag babhtáil cúram an láithreora ar Fóram ach níl luaite anois leis ach Caoimhe Ní Laighin, iriseoir le Nuacht TG4.

D’fhág duine de na daoine eile a bhí luaite mar láithreoir Fóram, Sinéad Crowley, RTÉ le déanaí chun dul ag obair le Coimisiún na Meán.

Bhí sé beartaithe an chéad lá tús a chur leis an gclár cúrsaí mí an Mheithimh agus roinnt eagrán a chur amach ach cinneadh tús na sraithe a chur siar go dtí an fómhar.

D’fhógair RTÉ ag deireadh na míosa seo caite gor mbeadh Fóram mar chuid de sceideal an fhómhair ag an gcraoltóir.

Tá sé i gceist an clár nua, leathcheann The Week in Politics an Bhéarla, a chraoladh beo ó stiúideo nuachta RTÉ uair sa tseachtain, maidin Dé Domhnaigh idir 10-11am.

Bhí an chéad chlár le dul amach faoi cheann coicíse ach tá cinneadh déanta nach dtarlóidh sin agus níl aon dáta tosaithe nua socraithe go fóill.

Tá an seit tógtha don chlár agus rinneadh cleachtadh do Fóram le déanaí.

Tá ráiteas iarrtha ag Tuairisc ar RTÉ faoin scéal seo.

Fóram beartaithe ag RTÉ mar chuid den phlean don Ghaeilge a d’aontaigh siad leis an gCoimisinéir Teanga nuair a chinn sé go raibh sárú á dhéanamh acu ar a ndualgas reachtúil i leith na Gaeilge.

Faoin Acht Craolacháin 2009, tá dualgas reachtúil ar RTÉ “réimse cuimsitheach clár Gaeilge agus Béarla a chur ar fáil” agus “cláir nuachta agus cúrsaí reatha a chur ar fáil i nGaeilge agus i mBéarla”.

Tugadh le fios i dtuarascáil de chuid Údarás Craolacháin na hÉireann a foilsíodh in 2021 nach cláracha cúrsaí reatha nó nuachta ach thart ar 4% de chláracha teilifíse Gaeilge nó dátheangacha.

Fág freagra ar 'Clár nua cúrsaí reatha Gaeilge RTÉ curtha siar mar gheall ar easpa foirne'

  • Pádraic

    Beidh sé deacair lucht féachana a mhealladh ag an tráth sin den mhaidin ar an Domhnach!