Clár maoithneach, tábhachtach, taitneamhach i measc ‘Gaeil Bhoston’

Déanann Seán Mac an tSíthigh a chúram go paiteanta sa tsraith nua ‘Gaeil Bhoston’ agus é breá in ann a chuid aíonna suimiúla a bhíogadh go caolchúiseach

Clár maoithneach, tábhachtach, taitneamhach i measc ‘Gaeil Bhoston’

Dhá bhliain ó shin thug an t-iriseoir Seán Mac an tSíthigh camchuairt ar an Ríocht Aontaithe le caint a chur ar Ghaeil agus a sliocht. Sraith mhaoithneach, eolgaiseach ba ea í agus í á cur i láthair go slachtmhar ag an Duibhneach. Vae leis arís mar sin. An babhta seo ardaíonn sé a sheolta le tabhairt faoi stát

Massachusetts i Meiriceá le héachtaint a thabhairt ar an bpobal Gaelach ansiúd.

Mar dhuine a chaith tréimhse ghairid i mBostún i laethanta baotha m’óige agus a bhfuil cleatráil mhaith gaolta agam sa stát in oirthuaisceart Mheiriceá tuigim an ceangal atá ag Éirinn agus ag Corca Dhuibnne leis an áit sin, Springfield ach go háirithe.

Go deimhin ag pointe áirithe sa chlár maíonn Seán Cahillane arb ón Oileán agus Baile na nGall dá thuismitheoirí, go raibh níos mó cainteoirí Gaeilge ó Chorca Dhuibhne in Springfield sna seascaidí ná mar a bhí ar an bhfód dúchais.

Ar an drochuair níor deineadh an teanga a sheoladh ar aghaidh chuig an chéad ghlúin eile.

Maíonn an Sítheach gurb í cathair Boston an chathair is Gaelaí i Meiriceá agus is geall le coilíneacht de chuid na Ríochta í cathair Springfield nó ‘Ciarraí Beag’ faoi mar a thugann sé uirthi.

Deirtear linn ag tús an chéad chláir gur thosaigh na hÉireannaigh ag triall ar Bhoston aimsir an Ghorta Mhóir agus luaitear gur tháinig tuairim is 40,000 Éireannach i dtír sa chathair sa tréimhse anróiteach úd.

‘Tearmann’ an teideal atá ar an gcéad ghála agus déantar trácht ar an bhfáilte chiníoch dhrochmheasúil a cuireadh roimh na Gaeil. Ina ainneoin sin “fuaireadar cothú agus dídean anseo, dóchas agus deiseanna”. I bhfad na haimsire d’fhágadar a lorg ar shaol polaitiúil, spórtúil, creidimh agus coiriúlachta na cathrach.

Ní fhéadfaí gan trácht a dhéanamh ar Southie. Geiteo Gaelach a bhí lán le coiriúlacht ba ea é, dar le daoine áirithe. Nárbh as an áit seo do Whitely Bulger? Fear atá neadaithe sa chultúr coiteann agus a bhfuil a mhiotas féin á leanúint.

Dar le daoine eile ba cheantar comharsanúil é Southie le pobal dlúth a bhí teann as a ndúchas. Gan amhras tá athruithe móra tagtha ar áiteanna cosúil le Southie agus Dorchester agus dream níos gustalaí, dream nach bhfuil ag brath ar an tsluasaid, buailte fúthu iontu.

Arís eile déanann an Ciarraíoch a chúram go paiteanta. É cuileachtúil, réchúiseach agus breá in ann a chuid aíonna a bhíogadh go caolchúiseach.

Braitheann clár den saghas seo go mór ar na rannpháirtithe agus d’éirigh le meitheal an chláir aíonna suimiúla deisbhéalacha a aimsiú, agus Gaeilge ag a bhformhór.

Molly Hester ag cur síos go hachomair ar thosach stair na nÉireannach sa chathair agus dreasanna cainte le Johnny Mac Gearailt, Peter O’Malley agus an duine deireanach de mhuintir an Bhlascaoid in Springfield, Mairéad Kearney Shea nó Mairéad Pheats Tom Ní Chearnaigh mar ab fhearr aithne uirthi tráth.

Dar léise nuair a bhí an t-oileán in airde láin ní raibh cíos, cás ná cathú ar an bpobal ach ba gheall le príosún é nuair a thréig an dream óg an t-oileán. Níor leag sí cos ar an oileán ó thug sí an bád bán uirthi féin.

Tugann an Sítheach turas chomh maith ar fhear óna pharóiste féin, Seán Ó Muircheartaigh. Bhí sé siúd ar fhoireann na Gaeltachta a bhuaigh Chraobh Chiarraí Thiar i 1991 agus maítear gurb é an bua sin a chuir tús le ré órga an chumainn ina dhiaidh sin.

Tá taifeadadh den chluiche faoina ascaill ag an Sítheach agus seo an chéad uair ag an Muircheartach é a fheiscint.

Is beag focal a bhí as agus turas maoithneach á thabhairt siar bóithrín na smaointe aige.

B’fhuirist léamh ar a chuntanós, áfach.

É ag déanamh a mharana ar an saol eile ar fad a bheadh caite aige ar pháirc na himeartha agus ar mhóinéar an tsaoil araon dá mbeadh sé fanta ar an bhfód dúchais.

Clár maoithneach tábhachtach taitneamhach.

Fág freagra ar 'Clár maoithneach, tábhachtach, taitneamhach i measc ‘Gaeil Bhoston’'

  • Seosamh Ó Cuaig

    An bhfuil aon láithreoir eile in Éirinn, i nGaeilge ná i mBéarla, chomh cumasach ná chomh nádúrtha le Seán Mac an tSíthigh? Iontach ar fad. Bhain muid an-sásamh as an gclár anseo i gConamara. Nuair a chuireann tú leis an gclár Bádóirí é is cinnte gur fiú TG4 a bheith ann.