Clár Gaeilge tathagach a bhí sa chéad ghála den tsraith díospóireachta Tionól

Tá dúshlán RTÉ agus TG4 ó thaobh cúrsaí reatha á thabhairt ag Oireachtas TV

Clár Gaeilge tathagach a bhí sa chéad ghála den tsraith díospóireachta Tionól

Bhí an chéad ghála de Tionól, clár díospóireachta cúrsaí reatha, ar Oireachtas TV ar an Aoine. Fiontar nua atá sa tsraith seo a eascraíonn as comhghuaillíocht idir an cainéal sin agus Comhchoiste na Gaeilge, na Gaeltachta agus Phobal Labhartha na Gaeilge. Ba thús maith é óir gur cuireadh clár tathagach, slachtmhar os ár gcomhair agus cúiteamh eile ar easnamh soláthar cúrsaí reatha as Gaeilge. Níl aon radharc go fóill ar Fóram, an clár cúrsaí reatha nua atá beartaithe ag RTÉ, agus bíonn TG4 i dtaobh le Seacht Lá den chuid is mó. Mar sin murab aon rud eile é is maith ann a leithéid de chlár le dúshlán a thabhairt ó thaobh an aischuir cúrsaí reatha.

Sé an t-iarchoimisinéir teanga Seán Ó Cuirreáin a bhí mar láithreoir agus is deacair a shamhlú go bhfuil a shárú le fáil le tabhairt faoin gcúram. Chaith Ó Cuirreáin na blianta ag plé le cúrsaí reatha in RnaG agus is é atá compordach ag treabhadh an iomaire chéanna arís. I gclár na hAoine caitheadh súil siar ar phaindéim Covid-19, conas mar a láimhseáladh an ghéarchéim agus cad iad na ceachtanna atá foghlamtha. Éacht de shaghas ba ea duine díobh siúd a bhí lárnach i bhfreagairt an chórais sláinte a mhealladh isteach sa stiúideo. Chonaicemar an Dr Colm Henry, Príomhoifigeach Cliniciúil Fheidhmeannacht na Seirbhíse Sláinte, go minic i rith 2020 agus 2021. Taobh leis bhí Mairéad Ní Nuadháin, colúnaí le Tuairisc.ie , agus An tOllamh Tadhg Crowley, Cathaoirleach an Choiste Dochtúirí Teaghlaigh. Cuireadh agallamh chomh maith ar Phil Ní Sheaghdha, Ard-Rúnaí an INMO.

Ag tosach an chláir thug mír shnasta le Sadhbh Ní Nualláin siar chuig laethanta duairce na paindéime sin. Nach ait é go bhfuil nithe, cleachtais agus béarlagair na tréimhse ligthe i ndearmad againn. Meicníocht chosanta aigneolaíoch de shaghas éigin. An clutharú agus díghalrú, an scaradh sóisialta is PPE. Sinn inár saineolaithe Zoom agus ag cíoradh figiúirí NPHET go mion gach oíche. Tháinig an galar anoir chugainn ach aniar aduaidh orainn. Ba shuaite an tréimhse í agus bhíothas sceimhlithe agus éiginnte faoin todhchaí.

Níorbh leasc le Ó Cuirreáin na ceisteanna crua a chur. Ar chailleamar smacht ar chúrsaí sna tithe altranais? Ar breathnaíodh ar na meáin mar namhaid? Téama suimiúil eile a cíoradh ná an fiosrúchán poiblí a d’fhéadfadh a bheith ann go luath. Cuireadh an cheist go mb’fhéidir go bhfuil sé róluath a leithéid a bheith ann má táthar ag iarraidh ceachtanna a fhoghlaim. B’fhéidir go sleamhnófaí i dtreo chluiche an mhilleáin.

Clár uair an chloig a bhí anseo agus tá sé deacair an ghaoth a choimeád sna seolta don mhéid ama sin i seó stiúideo ach dhein Ó Cuirreáin a chúram go paiteanta. Chabhraigh na míreanna éagsúla le fuinneamh a choinneáil sa chlár agus mheabhraigh scéal Mhairéad Uí Thréinir dúinn go bhfuil an galar fós linn i gcruth an chovid fhada.

Saothar tathagach, tá gá le tuilleadh.

Fág freagra ar 'Clár Gaeilge tathagach a bhí sa chéad ghála den tsraith díospóireachta Tionól'

  • An Sléibhteoir

    An-shuimiúil. Ní rabhas in ann teacht air ar shuíomh Oireachtas TV. Súil agam go
    mbeidh sé ar fáil arís