Clár cúrsaí reatha bainte de shuíomh TG4 mar gheall ar t-léine ‘Tiocfaidh ár Lá’

Níl eagrán na seachtaine seo den chlár cúrsaí reatha 7Lá ar fáil ar sheinnteoir an stáisiúin ná níor craoladh ar RTÉ News Now é mar gheall go raibh T-Léine le mana polaitíochta á caitheamh ag duine de na haíonna

Clár cúrsaí reatha bainte de shuíomh TG4 mar gheall ar t-léine ‘Tiocfaidh ár Lá’

An Comhairleoir Contae Gaeltachta Mícheál Mac Giolla Easbuig

Níor cuireadh eagrán na hoíche aréir den chlár cúrsaí reatha 7Lá ar shuíomh idirlín TG4 mar gheall go raibh T-Léine le mana polaitíochta poblachtánach á caitheamh ag duine de na haíonna.

Níor craoladh an clár ach oiread ar RTÉ News Now mar gheall ar an t-léine chonspóideach, a bhí á caitheamh ag Micheál Cholm Mac Giolla Easbuig, Comhairleoir Contae as Gaeltacht Dhún na nGall.

‘Our day will come’ agus íomhá de bheirt agus gunnaí agus bratacha na hÉireann agus na Palaistíne á n-iompar go caithréimeach acu a bhí le feiceáil ar an T-léine. Tá ‘Tiocfaidh ár Lá’ agus leagan Araibise den mhana céanna i litreacha níos lú ar an T-Léine chomh maith.

Tuigtear gur le linn an chláir, a dhéanann RTÉ do TG4, a tugadh an t-léine faoi deara agus nár taispeánadh arís í ina dhiaidh sin.

Níor tharraing an t-léine mórán cainte ar líne ach chuir an tuairisceoir le The Corkman Concubhar Ó Liatháin tvuít amach le linn 7Lá inar mhaígh sé gur “mór an náire” é go raibh duine le feiceáil ar an gclár agus t-léine dá leithéid á caitheamh aige.

Ag labhairt dó le Tuairisc.ie inniu, dúirt Micheál Cholm Mac Giolla Easbuig gur tugadh le fios dó ar maidin gur “fadhbanna fuaime” ba chúis leis an scéala gur stop láithreoir an chláir a bheith ag dul chuige i lár an chláir, ach gur léir anois nárbh amhlaidh an scéal.

As stiúideo RTÉ Raidió na Gaeltachta sna Doirí Beaga a bhí an comhairleoir contae ag caint ar an gclár agus é ag glacadh páirt i ndíospóireacht faoi chúrsaí cead pleanála sa Ghaeltacht.

Dúirt urlabhraí ó 7Lá le Tuairisc.ie go raibh eagarthóireacht á déanamh ar an gclár le go mbeadh sé ag teacht le treoirlínte RTÉ maidir le manaí, siombailí agus suaitheantais pholaitíochta a cheadú ar chláir theilifíse cúrsaí reatha amhail 7Lá.

Dúirt an t-urlabhraí go rabhthas “ag obair ar atheagar a dhéanamh ar eagrán na hoíche aréir de 7Lá agus go mbeadh fáil “go luath” air ar sheinnteoir TG4  agus ar RTÉ News Now.
“Shocraigh muid an t-atheagar a dhéanamh chun go gcloífeadh mír a bhí ann lenár dtreoirlínte maidir le comharthaí a chaitheamh ar aer,” arsa urlabhraí 7Lá.

Ach deir Micheál Cholm Mac Giolla Easbuig gur “cinsireacht” atá i bpolasaithe dá leithéid.

“Más fíor an scéal gur baineadh ón aer mé mar gheall ar an T-Léine a bhí á caitheamh agam bheadh an-díomá orm le TG4.

“Cinsireacht a bheadh i gceist sa chás sin. Is polaiteoir tofa mé agus tá míniú ag teastáil uaimse agus ó lucht votála s’agamsa a bhí ag iarraidh orm cúrsaí pleanála sa cheantar a phlé,” a dúirt Micheál Mac Giolla Easbuig.

Dúirt Mac Giolla Easbuig nach raibh aon aiféala air gur chaith sé an t-léine atá i gceist agus gur minic t-léinte polaitíochta á gcaitheamh aige. 

 “Is t-léine í a bhaineann le saoirse agus cearta. Creidim i saoirse na tíre agus i gcearta daonna,” a dúirt an Comhairleoir Contae Mac Giolla Easbuig. 

 Dúirt sé gur chaith sé an t-léine le “seasamh” le muintir na Palaistíne agus leis an fheachtas atá ar bun chun an Dr Issam Bassalat, Palaistíneach atá á choinneáil i bPriosún Mhaigh gCabraí i nDoire, a bhogadh ó Foyle House go Roe House, áit a mbíonn príosúnaigh pholaitíochta á gcoinneáil. 

Tá an Dr Iassam Bassalat agus príosúnaigh phoblachtánacha eile ar stailc ocrais le seachtain anuas mar chuid den fheachtas sin. 

I ráiteas a chuir TG4 ar fáil do Tuairisc.ie faoin scéal dúradh:

“Bhí ceist eagarthóireachta a bhain leis an eagrán de 7Lá a craoladh aréir.  Beidh an clár ar fáil ar sheinnteoir TG4 go luath.”

Tá ráiteas iarrtha ag Tuairisc.ie ar RTÉ. 

Fág freagra ar 'Clár cúrsaí reatha bainte de shuíomh TG4 mar gheall ar t-léine ‘Tiocfaidh ár Lá’'

  • Concubhar

    Níor iarr Tuairisc aon ráiteas uaimse. Ní 7Lá TG4 an t-aon meán Ghaeilge atá ar leathshúil.

  • Feargal Mac Amhlaoibh

    B’ait liom nach raibh stop curtha le Mac Giolla Easpuig dul ar an gclár ón tús leis an t-léine céanna. In ionad san, tháinig sé aniar aduaidh ar an láithreoir agus an lucht féachanna, rud a chuir isteach go mór ar ábhar an chláir agus a lot an díospóireacht ar phleanáil. Gan trácht ar droch-aird a tharrach ar ghéarchúis na Palaistíne.

  • Seán Fennell

    Bulaí fir, a Mhíchíl. Bíonn aifeála ar mhuintir na hÉireann fá rudaí ar chóir dúinn mórtas a bheith orthu. Tá sé go breá don Trendy Left bheith ag tacú le Cuba, ag caitheamh T Léinte Che Gue Vera nó gluaiseachtaí Lucht Oibre, Yellow Vest ón Fhrainc……Ach, bí cúramach le hÉireannaigh chróga, poblachtaigh go háirid…má bhíonn muid bródúil as an streachailt a rinne Óglaigh na hÉireann ó thuaidh ar son cearta mhuintir an tuaiscirt, cáineadh a bhíonn ann.

    Gan tréimhse na reabhlóide céad bliain ó shín agus trodáirí cróga ar son saoirse, go háirithe, i gCorcaigh, faoi cheannasaíocht Tom Barry agus Tom Hales, b’fhéidir go mbeadh 32 contae faoi smacht ag an Bhreatain fós.

    Mana an Stailc Ocrais 1981, Tiocfaidh ár lá… mana a las solas an dochais sna cillíní gruama.
    Tá Mac Giolla Easpuig ag tarraingt airde ar iomrall ceartais agus eagóir a thit amach sna sé chontae ar na mallaibh, a raibh lámh ag Mi5, PSNI, Rialtas na Breataine agus na Spooks eile ann. Má mhothaíonn daoine go gcaithfidh siad dul ar stail ocrais sa bhliain 2020 in Éirinn, tá ceisteanna le tógáil.

    Lean ort, ach níor tháinig ár lá go fóill!!