Clár, albam nó sraith raidió uait? Tá roinnt moltaí againn…

Sa cholún nua seo tá moltaí ag meitheal Tuairisc faoi na leabhair, an ceol, na scannáin, na cláir, na hócáidí agus na podchraoltaí ar fiú blaiseadh díobh

Clár, albam nó sraith raidió uait? Tá roinnt moltaí againn…

Curtha in eagar ag Meadhbh Ní Eadhra

CEOL

Tá íomhá shnasta agus fuaim ar leith ar an gceirnín seo

Wet Leg – Wet Leg (albam)

Bhí díomá ar dhaoine an tseachtain seo caite nuair a cuireadh geábh Wet Leg ar Éirinn (mar bhanna tacaíochta Inhaler i bPáirc Fhionnradhairc) ar ceal, agus thuigfinn dóibh. Tá an banna – beirt bhan as Inis Iocht – ag dul ó neart go neart le cúpla mí anuas: aird á mealladh acu lena gcéad singil, Chaise Longue, ag coinneáil leis an gcéad albam iontach féinteidealaithe, agus seó spleodrach curtha chun ardáin acu ag féile Glastonbury.

Is breá liom i gcónaí gals le giotáir, ach anuas air sin tá stíl aigeantach, agus seiteanna lán le hamhráin bhríomhara, greann dóite, agus meascán tragóide agus spraoi á chur os ár gcomhair ag Wet Leg. Tá íomhá shnasta agus fuaim ar leith ar an gceirnín seo, mar a bheadh Blair Waldorf (Gossip Girl) théis albam indie-rac a scríobh. Being in Love agus Wet Dream na hamhráin is mó a sheas amach ar an gcéad éisteacht.

Emma Ní Chearúil

RAIDIÓ

Beidh mé ábalta dul ar an turas go fíorúil i m’intinn

Turais – BBC Raidió Uladh

Ar dheireadh seachtaine saoire bhainc na Bealtaine achan bhliain, reáchtáltar siúlóid Thulacha Beigile in iarthuaisceart Dhún na nGall. Is seanbhealach oilithreachta é seo ó Ghaoth Dobhair, trasna Thaobh a’ Leithéid, fhad le reilig Thulacha Beigile, atá suite in abhantrach an Fháil Charraigh. 

Fadó, d’iompraíodh muintir Ghaoth Dobhair coirp na marbh thar na cnoic chomh fada le paróiste Chloich Cheann Fhaola, áit a gcuirtí iad i reilig Thulacha Beigile, cionn is nach raibh a reilig féin acu.

Sa chéad eagrán den sraith Turais ar BBC Raidió Uladh, tugann Aodhán Ó Baoill faoi Thuras Thulacha Beigile.

Mo náire nach bhfuil an tsiúlóid déanta agam féin go dtí seo, agus é ar siúl i mo bharúntacht féin (agus ní féidir an locht a chur ar an phaindéim níos mó!) ach anois beidh mé ábalta dul ar an turas go fíorúil i m’intinn agus mé ag éisteacht leis an chlár seo.

Craoladh an chéad eagrán de Turais ar an Mháirt an 5 Iúil ar BBC Raidió Uladh, BBC Raidió Feabhail agus BBC Sounds ag 19:03.

Póilín Nic Géidigh

YOUTUBE

Cúrsaí cumarsáide agus caint cheannairceach

An té a bhfuil spéis aige i bpolaitíocht Mheiriceá, beidh air aghaidh a thabhairt ar YouTube luath nó mall le tuairimíocht na gcloigne cainteacha cáinteacha a fháil. Tá rogha mhór ann agus tuairimí ar speictream iomlán na polaitíochta: ní maith leat Bill Maher, bíodh Ben Shapiro agat; ní maith leat Candace Owens, bíodh Ana Kasparian agat; ní maith leat Seth Meyers agat, bíodh Steven Crowder agat nó ní maith leat na stáisiúin thraidisiúnta, bíodh Breaking Points mar rogha ina n-áit.

Níl an chaint cheannairceach ar chúrsaí polaitíochta chomh furasta le haimsiú abhus. Cinnte, tá difear sa dlí idir na Stáit agus Éirinn ach tá meon i gceist fosta; tá greim an fhir bháite ag tráchtairí tura mheeja Dhuibhlinne ar an dioscúrsa náisiúnta go fóill. Faraor! Thug cinsireacht YouTube caidhp bháis ar chainéal polaitíochta an tráchtaire Dave Cullen, fear a raibh na sluaite á leanstan ar YouTube. (Is ann dá chuid tráchtaireachta ar chúrsaí ficsean eolaíochta go fóill.)

Tá cainéal beag eile ar YouTube – Dan’s Mix Tape – ar thug mé suntas dó ar na mallaibh. Tráchtaireacht ghéar shibhialta ar chúrsaí polaitíochta agus eile atá ann. Bhí píosa aige ar ról na meán cumarsáide a shíl mé a bheith an-ghéarchúiseach. Labhrann sé ar na teipeanna a bhaineann le saol na polaitíochta agus is iomaí sin teip atá ann. 

Saoránach ag caint ar neamhchead na meán oifigiúil agus saoistí móra na polaitíochta. Tús maith. Bímis ag súil go leanfaidh daoine eile an dea-shampla agus nach fada go mbeidh Bill, Ben, Áine agus Caitríona againn!

Pól Ó Muirí

TEILIFÍS

Clár éadrom atá ann ach a bhfuil a dhóthain den chomhcheilg is an mhistéire ann le do spéis a choinneáil

Only Murders in the Building – Disney+

Tá Only Murders in the Building ar ais don dara séasúr – hip, hip, hurá!

Thosaigh Disney+ ag sruthú eagráin nua den tsraith grinn-mistéire an tseachtain seo caite. Is iad Steve Martin agus John Hoffman a chruthaigh an tsraith.

Deich n-eagrán ar fad atá sa tsraith nua is beidh ceann á eisiúint gach Máirt as seo go dtí an 23 Lúnasa.

Suite i bhfoirgneamh árasán galánta i gceantar saibhir an Upper West Side i gCathair Nua-Eabhrac, leanann an scéal triúr carachtar neamhghnách, Selena Gomez, Martin Short agus Steve Martin, nach bhfuil de chosúlacht eatarthu ach an tóir atá acu ar phodchraoltaí fíorchoireachta.

Nuair a dhúnmharaítear duine sa bhfoirgneamh socraíonn an triúr tús a chur le podchraoladh agus iad ag iarradh a fháil amach cé a bhí ciontach.

Tá splanc iontach idir na príomhaisteoirí. Coinníonn cur i láthair fuarchúiseach Gomez guaim ar áibhéileachas Short is fuinneamh neirbhíseach Martin agus oibríonn an triúr go maith as lámha a chéile.

Cé go bhfuil an tsraith suite sa lá atá inniu ann, tá gné theolaí chumhach ann a mheabhródh na fichidí duit agus ré órga an dráma raidió.

Gheofar blaisín spraíúil den chéipear inti, cuimhnigh ar leithéidí Baile an Droichid le Joe Steve Ó Neachtain nó A Prairie Home Companion le Garrison Keillor.

Clár éadrom atá ann ach a bhfuil a dhóthain den chomhcheilg is an mhistéire ann le do spéis a choinneáil. Tá sásamh le baint freisin as na seiteanna, an ceol, cur i láthair na n-aisteoirí agus na suíomhanna galánta.

Teilifís theolaí atá ann ar tugadh faoi gach gné di go paiteanta. 

Curtha in eagar ag Meadhbh Ní Eadhra

Fág freagra ar 'Clár, albam nó sraith raidió uait? Tá roinnt moltaí againn…'