Clabhsúr á chur ar chainteanna rialtais, clár nua rialtais le foilsiú

Tá geallta ag an Tánaiste agus ceannaire Fhianna Fáil Micheál Martin go mbeadh cás na Gaeilge agus na Gaeltachta ‘i gcroílár' an chláir rialtais a fhoilseofar inniu

Clabhsúr á chur ar chainteanna rialtais, clár nua rialtais le foilsiú

Foilseofar inniu clár an chéad rialtais eile agus meastar go mbeidh cruinnithe  ag páirtithe parlaiminte Fhianna Fáil agus Fhine Gael chun an clár nua a phlé.

Rinne Fianna Fáil agus Fine Gael margadh tráthnóna inné leis an nGrúpa Réigiúnach Neamhspleách maidir le rialtas nua a bhunú.

Tá geallta ag an Tánaiste agus ceannaire Fhianna Fáil Micheál Martin go mbeadh cás na Gaeilge agus na Gaeltachta “i gcroílár an chláir rialtais”.

Meastar go mbeidh gealltanais ann faoi thoghchán Údarás na Gaeltachta a thabhairt ar ais, faoi fhorbairt an ghaeloideachais agus faoi chás na teanga sa chóras oideachais trí chéile.

Ar na gealltanais eile a tuairiscítear a bheith sa chlár rialtas tá gealltanas faoi bhille na gcríocha um fhorghabháil agus faoi ráta CBL do chodanna d’earnáil an fháilteachais.

Tá na cainteanna maidir le bunú rialtais nua nach mór críochnaithe agus deireadh tagtha tráthnóna inné leis an idirbheartaíocht idir na páirtithe agus na Teachtaí Dála neamhspleácha a bhfuil suim acu tacú le bunú an chomhrialtais nua.

Tá sé ag i gceist go gcaithfeadh baill Fhianna Fáil vóta faoin gclár rialtais ag Ard-Fheis an pháirtí i mBaile Átha Cliath Dé Domhnaigh. Pléifidh lucht Fhine Gael an cháipéis ag sraith cruinnithe réigiúnacha a gcuirfear tús leo ag deireadh na seachtaine.

Táthar ag súil rialtas nua a chur os comhair na Dála ach a bhfillfidh sí Dé Céadaoin seo chugainn nuair a thoghfar Micheál Martin ina Thaosieach.

Tá socruithe le déanamh chomh maith faoi leagan amach na ranna stáit faoin rialtas nua, faoi líon na n-aireachtaí a bheidh ag na páirtithe éagsúla agus faoi cé a gheobhaidh na postanna sin.

Dúirt an Tánaiste Micheál Martin an tseachtain seo caite go leagfar cúram na Gaeilge agus na Gaeltachta ar roinn eile sa chéad rialtas eile.

Ag labhairt dó le Nuacht TG4, gheall Martin, ar dócha go mbeidh sé ar an gcéad Taoiseach eile, go mbeidh an Ghaeilge agus an Ghaeltacht “i gcroílár” chlár an rialtais nua.

Faoi láthair, tá cúram na Gaeilge agus na Gaeltachta ar an Roinn Turasóireachta, Cultúir, Ealaíon, Gaeltachta, Spóirt agus Meán.

Gheall Fianna Fáil ina bhforógra toghcháin go ndéanfaí an Roinn Gnóthaí Pobail, Tuaithe agus Gaeltachta a athbhunú dá mbeidís i gcumhacht.

Bhí an Roinn Gnóthaí Pobail, Tuaithe agus Gaeltachta ann faoi rialtais Fhianna Fáil idir 2002 agus 2010.

Níor thug Micheál Martin aon ghealltanas gur ar aire sinsearach a leagfaí príomhchúram na Gaeltachta sa chéad rialtas eile, seachas é a tharmligean le haire stáit, mar atá tarlaithe i ngach rialtas ó 2011.

Faoin mbunreacht 15 aireacht rialtais atá ceadaithe agus an cheist a bheadh ann ná an roinn aisti féin a bheadh sa roinn nua nó an leagfaí an cúram ar aire a bheadh i gceannas ar roinn eile chomh maith. Faoin rialtas deireanach bhí gnóthaí pobail agus tuaithe mar chúram ar an aire coimirce sóisialaí.

Beidh dhá mhóraireacht stáit, a mbeidh suíochán ag bord an rialtais ag dul leo, agus dhá aireacht stáit ag an ngrúpa neamhspleách mar chúiteamh ar a dtacaíocht don chomhrialtas nua.

Ag beirt Teachta Dála neamhspleách ón nGaillimh a bheidh an dá mhóraireacht stáit, Noel Grealish a toghadh i nGaillimh Thiar agus Seán Canney a toghadh i nGaillimh Thoir.

Ag Kevin ‘Boxer’ Moran as Longfort-An Iarmhí agus Marian Harkin as Sligeach-Liatroim a bheidh an dá aireacht stáit.

Dúirt Barry Heneghan, duine eile den ghrúpa neamhspleách a bheidh ag tacú leis an rialtas, go raibh sé sásta leis an méid a baineadh amach don Ghaeilge sa mhargadh.

I measc na n-éileamh a luaigh Heneghan, a toghadh i gCuan Bhaile Átha Cliath Thuaidh, roimhe seo bhí foirgneamh buan do Gaelscoil Reachrann i nDomhnach Míde. Gheall sé chomh maith go mbeadh sé “ag troid” ar son mhuintir na Gaeltachta sa Dáil nua.

Níl Gaeilge ag aon duine den cheathrar neamhspleách atá luaite leis na haireachtaí stáit agus beidh lucht na teanga ag súil dá réir nach ar aon duine acu a leagfar cúram na Gaeltachta sa chéad rialtas eile.

Bhí an Grúpa Réigiúnach ag súil le haireacht shinsearach ach níor ghéill Fianna Fáil agus Fine Gael don éileamh áirithe sin. Meastar gur ochtar airí sinsearacha a bheidh ag Fianna Fáil agus go mbeidh seachtar ag Fine Gael.

 

Fág freagra ar 'Clabhsúr á chur ar chainteanna rialtais, clár nua rialtais le foilsiú'