Cinneadh le déanamh go fóill ag TG4 faoi dhíospóireacht uachtaránachta

Is le linn feachtas 2011 a craoladh an t-aon díospóireacht uachtaránachta amháin a bhí ag an stáisiún Gaeilge

Cinneadh le déanamh go fóill ag TG4 faoi dhíospóireacht uachtaránachta

Níl cinneadh déanta fós ag TG4 faoi dhíospóireacht uachtaránachta a chraoladh. Ó bunaíodh an stáisiún i 1996, reáchtáladh trí thoghchán uachtaránachta agus díospóireacht amháin a bhí ar TG4.

Ní raibh TnaG bliain ar an bhfód nuair a toghadh Máire Mhic Giolla Íosa i 1997 agus ní raibh toghchán ann in 2004 mar níor chuir duine ar bith in aghaidh Mhic Giolla Íosa. Ghlac seachtar páirt sa díospóireacht a craoladh ar an stáisiún i mí Dheireadh Fómhair 2011 – an tUachtarán Micheál D Ó hUigínn ina measc.

In 2011, seachas mír bheag chainte réamhullmhaithe, níor labhair aon duine den ochtar iarrthóirí ach Ó hUigínn Gaeilge le linn na díospóireachta. 

Bheartaigh TG4 gan díospóireacht a chraoladh in 2018 mar gheall nach bhféadfaí “díospóireacht chothrom a riaradh” gan a bheith i dtuilleamaí an iomarca Béarla. Ní raibh Gaeilge líofa ach ag beirt den seisear a sheas don toghchán sin – Micheál D Ó hUigínn agus Liadh Ní Riada ó Shinn Féin.

Tá spéis léirithe i mbliana ag beirt chainteoirí líofa Gaeilge i ról an uachtaráin – Catherine Connolly agus Seán Kelly. Tá Catherine Connolly, atá ina cathaoirleach ar Comhchoiste na Gaeilge, na Gaeltachta, agus Phobal Labhartha na Gaeilge i dTithe an Oireachtais, ag seasamh ina hiarrthóir neamhspleách a bhfuil tacaíocht pháirtithe na heite clé aici.

Tá Seán Kelly san iomaíocht leis an iar-aire Gaeltachta Heather Humphreys, nach bhfuil Gaeilge aici, d’ainmniúchán Fhine Gael. Tuairiscítear go bhfuil Humphreys i bhfad chun cinn ar Kelly ó thaobh na tacaíochta de.

Tá sé ráite ag ceannaire Fhine Gael, Simon Harris, go roghnófar iarrthóir an pháirtí faoi lár na míosa seo chugainn.

Thug Gareth Sheridan, fear gnó a bhfuil spéis léirithe aige i ról an uachtaráin, le fios le deireanas go bhfuil sé féin ag foghlaim na Gaeilge faoi láthair. Níor fhreagair sé ceisteanna ó Tuairisc ar an ábhar sin go fóill.

Nuair a d’fhógair an stáisiún nach mbeadh díospóireacht á craoladh acu in 2018, mhol an scoláire Pádraig B Ó Laighin go nglacfadh TG4 cur chuige chruinnithe an Aontais Eorpaigh chucu féin agus córas ateangaireachta a úsáid.

“Tá ateangairí comhdhála le Gaeilge den scoth againn, arna n-oiliúint in Acadamh na hOllscolaíochta Gaeilge, a mbeadh ar a gcumas, ach an deis a thabhairt dóibh, craoladh cruinn i nGaeilge a chur ar fáil do na ceannairí ar mhian leo labhairt i mBéarla, agus ní chuirfeadh an mhoill nach mairfeadh ach cúpla soicind aon stró ar aon duine,” a mhínigh Ó Laighin do Tuairisc in 2018.

Mhaígh sé go raibh pobal na Gaeilge “i dteideal cothromaíochta sna cúrsaí seo” agus gur léirigh cur chuige TG4 “deacracht bhunúsach” atá ag an stáisiún maidir le ceist na ndíospóireachtaí.

Chuir TG4 an plean a bhí acu díospóireacht idir ceannairí na bpáirtithe a reáchtáil le linn fheachtas Olltoghchán 2016 mar gheall nach raibh beirt cheannairí sásta a bheith páirteach ann ar an ábhar go mbeadh siad faoi mhíbhuntáiste de dheasca a gcumas sa teanga. In áit na díospóireachta, cuireadh na ceannairí agus urlabhraithe na gceannairí gan Ghaeilge faoi agallamh.

D’éirigh go maith leis an díospóireacht idir Enna Kenny, Micheál Martin, agus Eamonn Gilmore a craoladh ar TG4 le linn fheachtas Olltoghchán 2011. Níor craoladh aon díospóireacht pholaitiúil eile ar an stáisiún ó 2011 i leith, áfach.

Fág freagra ar 'Cinneadh le déanamh go fóill ag TG4 faoi dhíospóireacht uachtaránachta'