Cairt teanga seolta ag Comhdháil na gCeardchumann sa Bhreatain Bheag

Tá fáilte curtha ag oifig Choimisinéir na Breatnaise roimh an gcairt nua agus é ráite ag an Leas-Choimisinéir Osian Llywelyn go bhfuil úsáid na Breatnaise san ionad oibre i measc na dtosaíochtaí atá ag an oifig

Tá cairt nua seolta ag Comhdháil na gCeardchumann (TUC) sa Bhreatain Bheag le tacú le cur chun cinn na Breatnaise san ionad oibre sa tír sin. Deir an TUC go gcruthófar “ionaid oibre dhátheangacha ionchuimsitheacha” leis an gcairt nua agus go dtacófar le “fás úsáid na Breatnaise ar obair” léi.

‘Twf’ (Fás) is ainm don chairt a seoladh an mhí seo ina bhfuil ceithre bhunphrionsabal don “cheartas teanga” san ionad oibre. Deir an TUC go bhfuil an chairt feiliúnach “do gach earnáil” agus go gcuirfear “cúinsí cothroma” ar fáil don lucht oibre chun an Bhreatnais a fhoghlaim agus iad ag obair.

Dúirt Ard-Rúnaí na Comhdhála, Shavanah Taj, gur cheart go mbeadh an deis ag gach duine an Bhreatnais a úsáid, a fhoghlaim, agus a scileanna sa teanga a fhorbairt san ionad oibre.

“Tá muid ag iarraidh méadú a fheiceáil ar ionaid oibre dhátheangacha inar féidir leis an lucht oibre a scileanna teanga Breatnaise a úsáid agus a fhorbairt agus oibriú trí Bhreatnais ar bhonn laethúil,” a dúirt sí.

Mhaígh sí go bhfuil “ról ríthábhachtach” ag na ceardchumainn sa Bhreatain Bheag i gcosaint agus i gcur chun cinn chearta teanga an lucht oibre agus go gcaithfidh siad a dhéanamh cinnte go bhfuil na hionaid oibre “saor ón réamhchlaonadh”.

“Is féidir leis an lucht oibre, craobhacha na gceardchumann, agus fostóirí Twf a úsáid le tacú le soláthar ionaid oibre dhátheangacha mar cheist chomhionannais agus chothromais,” a dúirt sí.

Tá fáilte curtha ag oifig Choimisinéir na Breatnaise roimh an gcairt nua agus é ráite ag an Leas-Choimisinéir Osian Llywelyn go bhfuil úsáid na Breatnaise san ionad oibre i measc na dtosaíochtaí atá ag an oifig.

“Tá sé níos tábhachtaí anois ná riamh go mbeadh plean gníomhach ag eagraíochtaí d’úsáid laethúil [na Breatnaise] – ní hamháin le cleachtais inmheánacha na Breatnaise a láidriú, ach le cumas an lucht saothair seirbhísí ardchaighdeáin Breatnaise a chur ar fáil don phobal.

“Tá muid féin agus TUC Cymru ag obair as lámha a chéile le blianta beaga anuas, agus ba mhaith linn go gcuirfí Twf i bhfeidhm in ionaid oibre ar fud na Breataine Bige,” a dúirt Llywelyn.

Fág freagra ar 'Cairt teanga seolta ag Comhdháil na gCeardchumann sa Bhreatain Bheag'