Ní bheidh an chéad bhunscoil lán-Ghaeilge in oirthear Bhéal Feirste ag oscailt i mbliana mar a bhí beartaithe.
Deir Bord Scoil na Seolta go bhfuil “díomá” orthu nach mbeidh an scoil lán-Ghaeilge ag oscailt do pháistí Rang a hAon an mhí seo, ach gurbh éigean dóibh bunú Scoil na Seolta a chur siar go ceann bliana.
Deir Bord Scoil na Seolta nach raibh aon bhaint ag bagairtí i gcoinne bhunú na scoile úire leis an chinneadh a ghlac siad gan an scoil a bhunú i mbliana.
An mhí seo caite, reáchtáil Coiste Pobail Chluain Damh, eastát cónaithe dílseach ar Bhóthar Montgomery atá gar do láthair na scoile úire, cruinniú poiblí in aghaidh bhunú na scoile.
Tuairiscíodh gur fhreastail 350 duine ar an chruinniú a eagraíodh in aghaidh bhunú na scoile nua agus é á mhaíomh ag Coiste Pobail Chluain Damh gur “gan comhairliúchán agus gan rannpháirtíocht” an phobail áitiúil a roghnaíodh láthair na scoile.
Dúirt Aodán Mac Séafraidh, cathaoirleach Bhord Scoil na Seolta, go ndearnadh an cinneadh gan Scoil na Seolta a bhunú i mbliana “roinnt míonna” roimh aon agóid ina coinne.
“Rinne muid an cinneadh faoi bhunú na scoile a chur siar ar feadh bliana sula raibh aon raic ann i gCluain Damh nó feachtas inár n-éadan.
“Tá díomá orainn nach mbeidh an scoil ag oscailt i mbliana. Bhí orainn a chur in iúl do thuismitheoirí a bhí ag súil lena gcuid páistí a chur chuig Scoil na Seolta nach mbeadh an scoil ag oscailt agus go chóir dóibh áiteanna á lorg dá bpáistí i scoileanna eile.
“Sa deireadh ní raibh muid in ann dul ar aghaidh léi mar gheall ar ghanntan spáis a bheith ar fáil in Eaglais Phreispitéireach Garnerville, an foirgneamh sealadach ina bhfuil Naíscoil na Seolta ag feidhmiú faoi láthair,” a dúirt sé.
Cé nach raibh baint ag na bagairtí a rinneadh in aghaidh bhunú na scoile leis an chinneadh gan an scoil a bhunú i mbliana, dúirt Mac Séafraidh gur chosúil gur chuir an scéal isteach ar roinnt tuismitheoirí in oirthear Bhéal Feirste a bhfuil suim acu san oideachas lán-Ghaeilge.
“Chaill Naíscoil na Seolta roinnt páistí mar gheall air, cé nár dúirt na tuismitheoirí é sin linn, tá muid ag déanamh gurb é sin an chúis a d’fhág siad. Ciallaíonn sin go gcaillfidh an naíscoil amach ar mhaoiniú PEG i mbliana mar gheall ar an titim atá tagtha ar líon na bpáistí sa naíonra, ach sin mar atá,” a dúirt sé.
Dúirt Mac Séafraidh gur “ceist ama amháin” atá ann maidir le bunú Scoil na Seolta agus nach bhfuil aon amhras ann ach go mbeidh oideachas lán-Ghaeilge ar fáil do pháistí Protastúnacha in oirthear Bhéal Feirste.
“Beidh foirgneamh nua againn réidh do thús na scoilbhliana seo chugainn ar Bhóthar Montgomery. Tá tacaíocht againn ó pholaiteoirí, tá cead pleanála faighte againn don scoil nua agus beidh tús á cur leis an obair thógála an mhí seo mar sin níl aon amhras ach go mbeidh an scoil nua á bunú don bhliain acadúil 2025.
“Tá go leor obair dhearfach déanta i dtreo bhunú na scoile, múinteoir nua-cheaptha agus cúntóir scoile don bhunscoil, atá ag obair sa Naíscoil i mbliana agus nuair a bheas an foirgneamh nua ann ní bheidh aon amhras ann faoin scoil,” a dúirt sé.
Fág freagra ar 'Cinneadh glactha gan an chéad bhunscoil lán-Ghaeilge in oirthear Bhéal Feirste a bhunú i mbliana'