Cinneadh comhairle contae faoi chomharthaí páirceála á fhiosrú ag an gCoimisinéir Teanga 

Rinne baill den phobal gearáin leis an gCoimisinéir Teanga faoi chinneadh Chomhairle Contae Chorcaí gan an Ghaeilge a úsáid ar chomharthaíocht nua atá le tabhairt isteach ar spásanna páirceála ar fud an chontae

Cinneadh comhairle contae faoi chomharthaí páirceála á fhiosrú ag an gCoimisinéir Teanga 

Tá a ndualgais maidir le hAcht na dTeangacha Oifigiúla meabhraithe do Chomhairle Contae Chorcaí ag an gCoimisinéir Teanga mar thoradh ar chonspóid a bhaineann le comharthaíocht nua.

Tuairiscíodh ar an suíomh seo inné go raibh cinneadh déanta ag an gComhairle gan an Ghaeilge a úsáid ar chomharthaíocht nua atá le tabhairt isteach ar fud an chontae mar go mbeadh sé ‘cumbersome’ comharthaíocht dhátheangach a úsáid.

Fuair an Coimisinéir Teanga roinnt gearán ón bpobal faoin gcás i ndiaidh fhoilsiú an scéil.

Agus spásanna páirceála ar leith le cur ar fáil do dhaoine aosta ar fud an chontae, rinneadh cinneadh comharthaíocht i mBéarla amháin a chur in áiteanna lasmuigh den Ghaeltacht agus an Ghaeilge amháin a úsáid sa Ghaeltacht.

Rinne baill den phobal gearáin leis an gCoimisinéir Teanga faoin scéal, agus tá sé deimhnithe ag Oifig an Choimisinéara go bhfuil an scéal á fhiosrú aige agus go raibh siad i dteagmháil le Comhairle Contae Chorcaí.

“Tá na dualgais atá ar an gComhairle Contae faoi scáth an Achta maidir le comharthaíocht meabhraithe dóibh athuair,” a dúradh.

“Faoi na Rialacháin atá déanta faoi Alt 9(1) d’Acht na dTeangacha Oifigiúla, ní mór do chomhlachtaí poiblí a chinntiú go mbíonn a gcuid comharthaí i nGaeilge nó i nGaeilge agus i mBéarla.”

Má bhíonn comharthaíocht i nGaeilge agus i mBéarla le cur in airde, leagtar síos san Acht go gcaithfidh go mbeidh an téacs i nGaeilge ar dtús, go gcuirfidh sé in iúl an t-eolas céanna leis an téacs i mBéarla, nach mbeidh an téacs i nGaeilge níos lú, agus go mbeadh sé chomh hinléite agus chomh sofheicthe leis an téacs i mBéarla.

“Sa gcás go gceaptar go mbeadh comhartha dátheangach rómhór, deacair a léamh nó ina chúis bhacainn nó contúirte,” a dúirt Oifig an Choimisinéara, “is féidir, de réir Alt 6(2) den Acht dhá chomhartha “a shuíomh ag an suíomh sin agus an fhaisnéis lena mbaineann a bheith i nGaeilge ar cheann amháin díobh agus an fhaisnéis lena mbaineann a bheith i mBéarla ar an gceann eile.”

Dúradh go raibh comharthaí páirceála sonraithe freisin sa Lámhleabhar do Chomharthaí Tráchta d’úsáid ar bhóithre poiblí agus cé nach mbaineann na Rialacháin faoi Acht na dTeangacha Oifigiúla le comharthaí tráchta, tá dualgais reachtúla maidir le húsáid an dá theanga oifigiúla ar chomharthaí tráchta sonraithe sa Lámhleabhar freisin.

Dúirt Oifig an Choimisinéara Teanga go rabhthas chun deis a thabhairt do Chomhairle Contae Chorcaí freagra a thabhairt sula ndéanfaí aon ráiteas eile.

Fág freagra ar 'Cinneadh comhairle contae faoi chomharthaí páirceála á fhiosrú ag an gCoimisinéir Teanga '

  • donnchadh ó seaghdha

    Go hiontach