‘Ciníoch’ a thabhairt le fios d’inimircigh nach mbaineann an Ghaeilge leo

Deir Conradh na Gaeilge go gcaithfear an cur chuige atá ann maidir le hinimircigh agus foghlaim na Gaeilge ar scoil a athrú

‘Ciníoch’ a thabhairt le fios d’inimircigh nach mbaineann an Ghaeilge leo

Tá sé ‘ciníoch’ a thabhairt le fios do dhaoine a thagann thar tír isteach nach mbaineann an Ghaeilge leo, a deir Ard-Rúnaí Chonradh na Gaeilge.

Ag labhairt dó leTuairisc, dúirt Julian de Spáinn go gcaithfear an cur chuige atá ann maidir le hinimircigh agus foghlaim na Gaeilge ar scoil a athrú.

“Faoi láthair [is é] an rud atá muid a rá le daoine eile ó thíortha eile atá ag teacht isteach, ‘bíodh sibh mar chuid iomlán de shochaí na hÉireann ach ní bhaineann an teanga leat’.

“Agus sílim go bhfuil sé sin seicteach, sílim go bhfuil sé ciníoch agus go bhfuil sé chun fadhbanna a chruthú amach anseo, síos an bóthar, a rá go bhfuil rudaí difriúil idir daoine áirithe atá ina gcónaí sa tír agus daoine eile atá ina gcónaí sa tír mar gheall nach bhfuair siad an deis an Ghaeilge a fhoghlaim nuair a bhí siad ar scoil.”

Bhí de Spáinn ag trácht ar an líon ard daltaí nach ndéanann aon scrúdú Gaeilge don Ardteist.

Rinne eagraíochtaí teanga agus oideachais cáineadh géar an tseachtain seo caite ar an Roinn Oideachais faoin scéala nach bhfuair beagnach duine as gach ceathrar, aon toradh ardteiste don Ghaeilge i mbliana.

De ghnáth, bíonn díolúine ag idir 60-70% de na daltaí nach ndéanann aon scrúdú Gaeilge.

An scoilbhliain seo caite, 2023-24, bhí díolúine ón nGaeilge ag 15% de na daltaí go léir a rinne an Ardteist, cuid mhaith acu a tháinig anseo ó thar lear.

Polasaí “cuimsitheach comhtháite” amháin atá bunaithe ar an gComhchreat Tagartha na Eorpa um Theangacha (CEFR) atá ag teastáil do theagasc na Gaeilge, a deir Conradh na Gaeilge.

D’fhéadfaí an múnla sin a úsáid chomh maith chun cur chuige nua a thabhairt isteach i leith inimirceach.

“Agus arís bheadh an Fráma Tagartha Comónta Eorpach in ann freastal air sin mar cén fáth nach féidir leis na daltaí sin atá ag teacht isteach déanach sa chóras tosú ar an gcéad leibhéal atá sa bhfráma, sé sin A1 agus arís go mbeadh na pointí CAO bunaithe air sin, bunaithe air sin dóibh siúd freisin,” a dúirt de Spáinn.

Fág freagra ar '‘Ciníoch’ a thabhairt le fios d’inimircigh nach mbaineann an Ghaeilge leo'