Cigirí le ceapadh chun iniúchadh a dhéanamh ar Independent News & Media

Tá glactha ag an Ard-Chúirt le hiarratas ón Stiúrthóir ar Fheidhmíocht Chorparáideach go gceapfaí cigirí chun iniúchadh a dhéanamh ar chúrsaí rialachas corparáideach sa ghrúpa meán is mó sa tír

Cigirí le ceapadh chun iniúchadh a dhéanamh ar Independent News & Media

Tá glactha ag an Ard-Chúirt le hiarratas ón Stiúrthóir ar Fheidhmíocht Chorparáideach go gceapfaí cigirí chun iniúchadh a dhéanamh ar chúrsaí rialachas corparáideach in Independent News & Media (INM), an grúpa meán is mó sa tír.

Déanfar iniúchadh faoi mhórshárú ar shonraí a líomhnaítear a tharla in 2014, sárú ina líomhnaítear gur thángthas go míchuí ar shonraí a bhain le hiriseoirí agus iarstiúrthóirí de chuid INM agus daoine eile.

Chuir Uachtarán na hArd-Chúirte Peter Kelly siar go dtí Déardaoin ceapadh foirmeálta na gcigirí i ndiaidh do dlíodóirí INM deis a lorg chun machnamh ar a chinneadh.

Dúirt an Breitheamh Peter Kelly inniu go raibh ceapadh na gcigirí cóir chun a fháil amach céard a tharla dáiríre in INM.

Dúirt sé go mb’fhéidir go bhfuil míniú cuimsitheach ar fáil faoinar tharla, ach murab amhlaidh an cás gur scéal “tromchúiseach” a bheadh ann.

“Tá go leor gnéithe den scéal seo nach bhfuil na freagraí orthu ar eolas againn. Tá mistéir go leor ag baint go fóill le cuid de na gnéithe,” a dúirt an Breitheamh Peter Kelly.

Dúirt an Breitheamh go raibh sé tábhachtach go reachtálfaí gnóthaí comhlacht poiblí go hoscailte agus gur dlúthchuid den daonlathas an saorphreas. B’údar imní ar leith dó go raibh líomhaintí faoi shonraí iriseoirí i gceist agus ba léir gurb é leas an phobail go ndéanfaí cúrsaí a fhiosrú a thuilleadh, a dúirt sé.

Beirt chigirí a ceapadh, an t-abhcóide sinsearach Seán Gillane agus saineolaí ar dhlí na gcuideachtaí as an mBreatain, Richard Fleck.

Ordaíodh go gcuirfí faoi bhráid na cúirte roimh an 12 Aibreán 2019 an chéad tuarascáil eatramhach de chuid na gcigirí, is é sin mura gceadófaí tréimhse fanachta.

Thug Oifig an Stiúrthóra ar Fheidhmíocht Chorparáideach le fios gur iarratas neamhghnách a bhí san iarratas go gceapafaí cigirí de bharr “a láidre” is a bhí sé.

Bhí imní orthu a dúradh go raibh gnóthaí INM á reáchtáil sa chás seo ar bhealach ‘neamhdhleathach ar mhaithe le cuspóir neamhdhleathach’. Mhaígh Oifig an Stiúrthóra ar Fheidhmíocht Chorparáideach chomh maith go raibh “cultúr” in INM umhlaíocht a léiriú do phríochscairshealbhóir an ghrúpa Denis O’Brien, agus go raibh amhras ann gur cuireadh isteach ar ghnóthaí an chomhlachta ar mhaithe leisean.

Shéan INM go láidir gur tharla a leithéid agus agus dúirt siad gur líon beag eachtraí aonair ar leith a tharla san am a caitheadh ba chúis le himní Oifig an Stiúrthóra ar Fheidhmíocht Chorparáideach. Mhaígh INM nach raibh aon bhunús leis an iarratas go gceapfaí cigirí, go raibh sé thar fóir agus go ndéanfadh an-dochar do INM.

Fág freagra ar 'Cigirí le ceapadh chun iniúchadh a dhéanamh ar Independent News & Media'