Ciarraí agus Dún na nGall ar ais le chéile i bPáirc an Chrócaigh

Imreofar cluiche ceannais Roinn 2 na sraithe peile idir Corcaigh agus an Mhí roimh an gcluiche ceannais sa bpríomhroinn idir na Ciarraígh agus na Conallaigh

Ciarraí agus Dún na nGall ar ais le chéile i bPáirc an Chrócaigh

Sean O’Shea agus Ciaran Moore. Pictiúr: INPHO/James Lawlor

Cluiche Ceannais Roinn 1 na Sraithe Peile Náisiúnta
Ciarraí v Dún na nGall – Páirc an Chrócaigh, 16:00 (Beo ar TG4)

Cluiche Ceannais Roinn 2 na Sraithe Peile Náisiúnta
An Mhí v Corcaigh – Páirc an Chrócaigh, 13:45 (Beo ar TG4)

Tá sé deacair Ciarraí agus Dún na nGall a scaradh óna chéile na laethanta seo. Is iad, ar ndóigh, a bhí le chéile i gcluiche ceannais na hÉireann anuraidh agus tá an t-earrach caite acu taobh le chéile ar bharr Roinn 1 na sraithe. Tabharfaidh an dá scuad aghaidh ar an Algarve chomh maith do champaí traenála aimsir na Cásca ach buailfidh siad le chéile roimhe sin i bPáirc an Chrócaigh tráthnóna agus Corn Mhichíl Uí Mhuircheartaigh le buachan.

An teachtaireacht atá tagtha ón dá champa le seachtain anuas ná gurb iad an dream eile an fhoireann is fearr sa tír faoi láthair. Cé go bhfuil an chuma ar an scéal nach bhfuil ceachtar dream ag iarraidh glacadh leis an onóir, is dóigh linn gur féidir a rá go cinnte nach bhfuil aon fhoireann eile sa tír níos fearr ná an péire atá againn sa gcluiche ceannais inniu.

Thóg sé tamaillín ar na Ciarraígh barr a maitheasa a bhaint amach sa tsraith ach, tar éis dóibh Craobh na hÉireann a bhaint anuraidh, mhaithfeá dóibh má thóg sé cúpla seachtain breise orthu  luí isteach ar an obair arís.

Ní raibh ach aon bhua amháin ag Ciarraí théis trí bhabhta, agus cailliúint i gcoinne na gConallach ina lár sin, ach ó bhuaigh foireann Jack O’Connor ar Áth Cliath i bPáirc an Chrócaigh ag deireadh mhí Feabhra, tá siad ag feabhsú de réir a chéile.

Mar a bheadh tú ag súil leis, tá David Clifford, Seán O’Shea, Joe O’Connor agus Tom O’Sullivan, atá fillte ar an bhfoireann, ina measc siúd atá ag déanamh go maith do Chiarraí ach tá Armin Heinrich, Cillian Trant agus Keith Evans tar éis na deiseanna a tugadh dóibh a thapú agus imreoirí ar nós Paul Geaney, Shane Ryan, Gavin White agus Diarmuid O’Connor tar éis an tsraith uile go dtí seo a chailliúint.

Fear eile nach bhfuil mórán feicthe de ná Paudie Clifford, a bhí chomh tábhachtach sin i mbua Chiarraí ar Dhún na nGall i gcluiche ceannais na hÉireann. Ní minic go bhfeiceann tú Jim McGuinness ag déanamh botúin, ach botún a bhí ann saoirse Pháirc an Chrócaigh a thabhairt do Clifford mí Iúil seo caite. Ní bhfaighidh na Conallaigh an deis é sin a chur ina cheart inniu agus Paudie le coinneáil siar ag Ciarraí.

Shamhlófá go mbeadh fonn díoltais ar McGuinness ach d’fhéadfadh sé an plean mór atá réitithe aige a shábháil go dtí níos deireanaí sa mbliain.

Is deacair a rá ar lig Dún na nGall na maidí le sruth beagáinín sa gcúpla babhta deireanach den tsraith. Chaill siad i gcoinne Ros Comáin i mbabhta a sé cé go raibh farasbarr 11 pointe acu ag leath ama agus cé gur bhuaigh Dún na nGall ar Mhuineachán an tseachtain seo caite, rinneadh obair chrua den chluiche i gcoinne na foirne is measa sa roinn.

Thuigfeá do Dhún na nGall más sin a bhí i gceist toisc go raibh siad chomh maith sin luath sa mbliain. Tá Gavin Mulreaney agus Shea Malone ar bheirt atá tar éis na deiseanna atá tugtha dóibh sa tsraith a thapú ach tá tábhacht Conor O’Donnell, Michael Langan, Jason McGee agus ar ndóigh Michael Murphy, le feiceáil chomh maith.

Ní déarfadh aon duine sa dá champa leat an tseachtain seo gurb é cluiche an lae inniu an chloch is mó ar a bpaidirín, ach nuair a chaitear an liathróid isteach i bPáirc an Chrócaigh, ná déan iontas má bhíonn faobhar le cúrsaí.

Jordan Morris. Pictiúr: INPHO/James Lawlor

D’fhéadfadh an rud céanna a bheith fíor i gcás Chorcaí agus na Mí i gcluiche ceannais Roinn 2 níos luaithe tráthnóna ach, murab ionann agus Ciarraí agus Dún na nGall, tá ceann de phríomhspriocanna na bliana, nó an phríomhsprioc féin b’fhéidir, bainte amach ag na foirne seo.

Cinnte i gcás Chorcaí, tá an t-ardú céime go dtí Roinn 1 níos tábhachtaí ná nach mór aon ghaisce a d’fhéadfadh foireann John Cleary a bhaint amach sa gcraobh, seachas Corn Mhig Uidhir féin a bhuachan. Tá dul chun cinnte déanta ag an bhfoireann le cúpla bliain anuas ach beidh na Corcaígh ag imirt i gcoinne na bhfoirne is fearr sa tír seachtain i ndiaidh seachtaine sa bpríomhroinn an bhliain seo chugainn, rud a dhéanfaidh tuilleadh maitheasa dóibh tar éis deich mbliana a chaitheamh sa bhfásach.

Chuir na Corcaígh tús iontach leis an tsraith le ceithre bhua as a chéile ach bhí lucht an amhrais le cloisteáil arís nuair a thug Doire stánáil dóibh i mbabhta a cúig. Chríochnaigh foireann John Cleary go láidir, áfach, agus buanna acu i gcoinne Chill Dara agus Thír Eoghain, ag déanamh cinnte gur bhaineadar an t-ardú céime amach.

Is beag nár chuir cailliúint i gcoinne Chorcaí i bPáirc Uí Chaoimh i mbabhta a ceathair aon seans a bhí ag an Mhí ar ardú céime go tóin poill ach bhuaigh foireann Robbie Brennan na trí chluiche a bhí fágtha chun an dara háit a bhaint amach. Is i bPáirc an Chrócaigh atá an Mhí ag imirt a gcluichí baile i mbliana agus Doire, contae Lú agus Tír Eoghain sáraithe acu sa bpríomhchathair. Seans gur fiú cúpla pointe an taithí sin inniu sa gcluiche ceannais agus fir na Mí ag iarraidh an bhliain iontach a bhí acu anuraidh a shárú.

 

Fág freagra ar 'Ciarraí agus Dún na nGall ar ais le chéile i bPáirc an Chrócaigh'