Ciarán Ó Fátharta ceaptha ina Eagarthóir Stiúrtha Nuachta i Raidió na Gaeltachta

Tá tuairim is 30 bliain caite ag an gceannasaí nuachta nua ag obair do RTÉ Raidió na Gaeltachta i gCasla

 

screen-shot-2016-05-19-at-15-00-43 copy

Tá Ciarán Ó Fátharta ceaptha ina Eagarthóir Stiúrtha Nuachta  ag RTÉ Raidió na Gaeltachta. 

Ba é Ó Fátharta a bhí ag feidhmiú sa phost ar bhonn sealadach a fhad is atá an próiseas earcaíochta ar bun chun an folúntas buan a líonadh. 

Tagann Ó Fátharta i gcomharbacht ar Aodh Ó Coileáin, a d’fhógair i mí Feabhra go mbeadh sé ag éirí as phost, deich mí i ndiaidh a cheapacháin.

Is craoltóir aitheanta é Ciarán Ó Fátharta ar as an Máimín i Leitir Móir ó dhúchas é. Tá sé ina chónaí anois ar an gCeathrú Rua. Tá cáil ar Ó Fátharta freisin mar chumadóir amhrán, agus ba é a chum na hamhráin ‘Bearáilte’, ‘Maggie Thatcher’, ‘Amhrán Ráth Chairn’ agus ‘Amhrán na mBáid Mhóra’.

Bíonn sé ag plé cuid mhaith le cúrsaí spóirt ar RTÉ Raidió na Gaeltachta agus d’imir sé mar lánchúlaí ar chlé ar fhoireann mionúr na Gaillimhe a bhuaigh Craobh Mionúr na hÉireann i 1976. 

Tá tuairim is 30 bliain caite aige ag obair do RTÉ Raidió na Gaeltachta i gCasla. Ba mar oibrí fuaime a thosaigh sé i dtús aimsire.

 

Fág freagra ar 'Ciarán Ó Fátharta ceaptha ina Eagarthóir Stiúrtha Nuachta i Raidió na Gaeltachta'