Chuirfinn chuile shórt i bhfolach freisin dá dtiocfadh Leo Varadkar ar cuairt

Bíonn fáilte roimh chuairteoirí an chuid is mó den am ach anois is arís, b'fhearr leat mura dtiocfadh éinne ar cuairt

Chuirfinn chuile shórt i bhfolach freisin dá dtiocfadh Leo Varadkar ar cuairt

Pictiúr: Rollingnews.ie

Tuairiscíodh i rith na seachtaine gur chuir Ospidéal na hOllscoile Gaillimh othair i bhfolach amach as an rannóg éigeandála sular tháinig an Taoiseach Leo Varadkar ar cuairt ann an tseachtain seo caite.

‘Meas tú ar chuala mé é sin i gceart?’ a rith liom is mé ag éisteacht leis an agallamh a thug Pádraig Mac Donncha, othar as an gCeathrú Rua don iriseoir Cóilín Ó Neachtain ar Adhmhaidin ar RTÉ Raidió na Gaeltachta.

Tuairiscíodh Dé Máirt go bhfuil an scéal séanta ag Ospidéal na hOllscoile Gaillimhe, ach de réir na tuairisce céanna thug an Teachta Dála Catherine Connolly le fios gur chuala sí an scéal céanna ó othair eile a bhí i láthair an lá sin.

Níl a fhios agam go díreach cá gcuirfeadh tú na hothair i bhfolach, nó an é go raibh siad curtha amach sna hotharchairr agus é ráite leis na tiománaithe imeacht timpeall an bhloic cúpla uair nó go bhfaighidís téacs go raibh sé ok a theacht ar ais.

Nó arb é an chaoi gur tugadh dearbháin dóibh is gur dúradh leo, ‘gabh trasna ansin go Supermacs agus bíodh burgar a’d ar do chompord, glaofaidh muid ort nuair a bheidh an dochtúir in ann thú a fheiceáil’.

Drochsheans go bhfuil seomra le spáráil acu in áit éicint. Nó b’fhéidir go bhfuil.

Caithfidh go bhfuil sé tarlaithe dúinn uilig, uair amháin nó uair eile. B’fhéidir go mbíonn slacht de chineál éicint ar an teach an chuid is mó den am ach anois is arís, b’fhearr leat mura dtiocfadh éinne ar cuairt.

Go hiondúil, dáiríre, ní bhíonn rudaí baileach chomh dona seo, tá mé a’ rá. “Muise dá dtiocfá lá ar bith eile, bheadh muid togha, ach inniu thar aon lá!”

An lá áirithe seo, tá an teach ina chéas ceart. Tá soithí an dinnéir fós ar fud na cistine, tá soithí an bhricfeasta sa mhullach orthu sin. Tá na bileoga a tháinig abhaile ón scoil scaipthe ar nós coinfití ildaite ar na hurláir agus tá croitheán lego scaipthe ar a mbarr.

Chuile thaobh a bhreathnóidh tú, chomh fada le radharc na súl, feiceann tú ciseáin éadaí. Éadaí atá le níocháin, éadaí atá nite ach fós fliuch, éadaí atá nite agus triomaithe, ach fós le cur chun bealaigh. Agus, tá chuile dhuine sa teach fós ina gcuid pitseámaí agus an ghrian go hard sa spéir.

Ansin, cloiseann tú cloigín an dorais. Is beag nach stopann do chroí ag bualadh. Casann chuile chloigeann i dtreo an dorais. Cromann tú síos agus síneann tú do chloigeann amach, agus súil amháin agat ar an halla agus faitíos i do chroí.

Trí fhuinneog an dorais, feiceann tú duine éicint.

“An bhfuil scail ormsa, nó ab in é Leo Varadkar atá ina sheasamh sa doras?.”

Breathnaíonn tú arís. Bhí an ceart agat, tá an Taoiseach ag an doras. An fearr rith maith ná drochsheasamh?

‘Bígí ciúin as ucht Mac Dé agus na Maighdine Muire oraibh! B’fhéidir nach bhfuil muid feicthe aige!’ a fhógraíonn tú is tú ag lámhacán isteach ón halla is ag guí nach bhfeicfear thú istigh.

Buaileann an cloigín arís.

‘Ó a Thiarna na glóire! Caithfidh muid é a ligean isteach,’ a deir tú agus taom scaoill buailte ort. “Bígí ag bailiú! Chuile shórt i bhfolach sa seomra beag agus cuir glas air, cuir glas air go beo!’

Fág freagra ar 'Chuirfinn chuile shórt i bhfolach freisin dá dtiocfadh Leo Varadkar ar cuairt'