Chuir mé ceist orthu an mbeadh aon imeachtaí Gaeilge eile ann, dúradh liom go mbeidh ceol traidisiúnta am lóin

Is mór an náire a laghad imeachtaí Gaeilge atá beartaithe d’Fhéile Ealaíon na Gaillimhe, ach an rud is measa faoi ná nach aon údar iontais é

Chuir mé ceist orthu an mbeadh aon imeachtaí Gaeilge eile ann, dúradh liom go mbeidh ceol traidisiúnta am lóin

Tá Féile Idirnáisiúnta Ealaíon na Gaillimh ag teannadh linn, agus mar is gnáth, beidh cathair na Gaillimhe plódaithe le cuairteoirí ó gach cearn den domhan. Maireann an fhéile ón 15-28 Iúil agus deir lucht eagraithe na féile go mbeidh idir cúig agus deich dtaispeántas éagsúil ar siúl gach lá. Ceithre lá dhéag d’imeachtaí ealaíon i gcroílár na Gaillimhe, Cathair Chultúir na hEorpa 2020. Nach orainn atá an t-ádh.

Shuigh mé síos aréir chun spléachadh a thabhairt ar chlár na féile. Caoga leathanach lán le ceolchoirmeacha, taispeántais, drámaí, cainteanna agus imeachtaí ealaíne. Bhreathnaigh mé arís agus arís eile ar an gclár, agus mearbhall orm faoina laghad imeachtaí trí Ghaeilge a bhí ar siúl – an é go raibh spéaclaí de dhíth orm nó an é go raibh cúpla leathanach in easnamh?

An fhírinne lom ná go bhfuil an Ghaeilge nach mór fágtha ar lár go hiomlán i gclár na féile – seachas dráma amháin sa Taibhdhearc, Salómae, agus ceolchoirm leis an amhránaí Gaeltachta Iarla Ó Lionáird agus ceolchoirm leis an mbanna Gaelach Kíla. Trí imeacht Gaeilge as os cionn céad imeacht ar fad?

Tá sé  scannalach, náireach ach an rud is measa faoi ná nach gcuireann sé iontas orm. Cén chaoi ar féidir linn Cathair Chultúir na hEorpa 2020 a thabhairt ar Ghaillimh nuair a dhéantar neamhaird dár dteanga dhúchais sa phríomhfhéile ealaíon a bhíonn ann?

Ná habair ach oiread gurb iad Iarla Ó Lionáird agus Kíla na haon cheoltóirí a mbíonn amhráin i nGaeilge acu a bhí sásta páirt a ghlacadh san fhéile? Cad faoi na bannaí agus na hamhránaithe nua ar fad eile a bhfuil Gaeilge ar a dtoil acu – leithéidí Seo Linn, IMLÉ, Kneecap, Muireann Nic Amhlaoibh, Padraig Jack, Síomha, Bruadar, Oisín Mac, Séamus Barra Ó Súilleabháin, Aeons, Ushmush, Róisín Seoighe, Jahk agus go leor eile, gan trácht ar na hamhránaithe iontacha sean-nóis atá againn. Cén fáth nach bhfuil oíche cheoil trí Ghaeilge ar chlár na féile – rud a thabharfadh ardán do na ceoltóirí agus deis don phobal sult a bhaint as cuid den cheol Gaeilge (agus tá níos mó de ann ná mar a cheapann daoine)?

An é nach bhfuil na ceoltóirí seo maith go leor, nó aitheanta a ndóthain, nó an é nach mbeadh spéis ag daoine éisteacht leo? Cén réasún atá taobh thiar de seo? Ní dóigh liom go bhfuil réasún ar bith leis. Nuair a chuir mé ceist ar lucht eagraithe na féile an raibh aon imeachtaí Gaeilge ar an gclár, seachas na cinn a luaigh mé, dúirt siad liom go mbeidh ceol traidisiúnta á chasadh ag am lóin ar laethanta áirithe. Ceol uirlise traidisiúnta atá i gceist, ní ceol Gaeilge. Seans nár thuig siad mo cheist? Ar ábhar eile, braithim go bhfuil na bannaí agus na ceoltóirí ceannann céanna ag casadh bliain i ndiaidh bliana ag an bhféile – ní hé go bhfuil locht agam ar leithéidí The Coronas nó Two Door Cinema Club nó Villagers, ach tá sé thar am sos a thabhairt dóibh agus banna nó dhó eile a thabhairt go Gaillimh nach bhfacamar ann cheana.

Tá réimse leathan cainteanna ar chlár na féile freisin, agus gan oiread is ceann amháin de na hócáidí sin i nGaeilge. Beidh Síle Nic Chonaonaigh ag caint faoin tsraith teilifíse An Balla ar TG4 agus beidh sí i mbun comhrá le rannpháirtithe idirnáisiúnta a ghlac páirt sa chlár faisnéise. Chuaigh mé i dteagmháil le lucht na féile le fáil amach an reáchtálfar an chaint trí Ghaeilge. Dúirt siad liom: “This is not all in Irish but I am sure there will be some depending on the audience.”

Cén saghas magadh é sin? Bhfuil sé i gceist acu fiafraí den slua a gcuid lámh a chur in airde má tá Gaeilge acu agus ansin cinneadh a dhéanamh ar an bpointe imeacht Gaeilge nó leathGhaeilge a dhéanamh as? Is sampla é seo arís eile den drochmheas a léirítear ar Ghaeilgeoirí ag an bhféile seo. Caithfidh nach bhfuil duine ar bith le Gaeilge sásta caint a thabhairt ar ábhar éigin mar chuid den fhéile – é sin nó níor bhac lucht na féile an scéal a fhiosrú.

Ní gá dom a thuilleadh a rá. Tabhair sracfhéachaint ar shuíomh gréasáin na féile, www.giaf.ie, agus beidh sibh in ann breathnú ar an gclár sibh féin. Táthar ann a déarfadh nach fiú imeachtaí Gaeilge a chur ar siúl mar nach bhfuil Gaeilge ach ag mionlach den slua a bheidh ag freastal ar an bhféile. Táthar ann freisin a déarfadh nach bhfuil caighdeán ard go leor ag ceoltóirí, aisteoirí, cainteoirí na Gaeilge agus gurb é sin an fáth nach bhfuil siad san áireamh. Ach creidim féin go bhfuil sé níos simplí ná sin: leisce atá i gceist. Ní dhearnadar iarracht cheart. Mar dá mbeadh iarracht cheart déanta acu, bheadh toradh na hiarrachta sin le feiceáil ar an gclár.

Trí neamhaird a dhéanamh ar an nGaeilge agus ar lucht na Gaeilge, tá Féile Idirnáisiúnta Ealaíon na Gaillimhe ag rá leis an saol mór nach bhfuil áit tuillte ag an nGaeilge san fhéile seo atá lonnaithe in iarthar na hÉireann, i ngaireacht scread asail do Ghaeltacht Chonamara. Tá sé maslach, níl aon amhras faoi sin, ach caithfimid a ndúshlán a thabhairt. Mura ndéanaimid sin, ní thiocfaidh athrú ar chúrsaí an bhliain seo chugainn, ná an bhliain dár gcionn.

Fág freagra ar 'Chuir mé ceist orthu an mbeadh aon imeachtaí Gaeilge eile ann, dúradh liom go mbeidh ceol traidisiúnta am lóin'

  • Criostóir Ó Maonaigh, Melbourne, Na hAstráile

    Nach bhfuil freagra an cheist seo léite againn san alt eile i dTuairisc an lae inniu? Féach ar ‘Aicmeacas na Cathrach is cúis leis an droch-chaoi….’

  • Gabriel Rosenstock

    Níl ach teanga amháin a thuigeann lucht féilte ealaíne agus litríochta na tíre seo, teanga an airgid. Ní fiú labhairt le lucht na bhféilte féin faoi chúrsaí cultúrtha mar nach bhfuil a fhios acu cad is cultúr ann – caithfear labhairt le lucht a maoinithe! An Chomhairle Ealaíon príomhfhoinse mhaoinithe na bhféilte sin. Caithfear dul i gcion ar an gComhairle Ealaíon agus a rá leo go neamhbhalbh go gcaithfidh 15% de na féilte ealaíne – an suíomh idirlín san áireamh – a bheith i nGaeilge nó bainfear 15% den deontas. Caithfear dul i bhfeidhm ar na hurraitheoirí go léir – i gcás na Gaillimhe, Heineken, Slí an Atlantaigh Fhiáin etc – agus an rud céanna a rá leo. Cuimhnigh: airgead an phobail é ciste na Comhairle Ealaíon.
    Níl drochphoiblíocht ná badhcat ag teastáil ó na hurraitheoirí corporáideacha, leithéidí Heineken, abair, agus ba bhreá leo an deis a thapú chun drochphoiblíocht a sheachaint.
    Tá scríbhneoir an ailt thuas le moladh as ár n-aird a tharraingt ar an scannal seo.
    Tá breis is 500 ball ag Aontas na Scríbhneoirí Gaeilge, mar shampla, agus níor mhaith le Heineken a chlos nach mblaisfidh éinne acu braon Heineken go deo arís mura gcloífidh siad
    le riail an 15%. Tús.

  • Eoghan Ó Néill

    Tá dearcadh frith-ghaelach English-only ag Anglos sa tír seo ar an dóigh chéanna is a bhfuil sé ag na Trumpadóirí thall sna Stáit Aontaithe agus iad nimhneach in aghaidh na Latinos agus lucht labhartha teangachaí eile.

  • Mac an Mheiriceánaigh

    An mise an t-aon duine i nGaillimh a bhí ag smaoineamh go mbeadh “Galway 2020” ar siúl sa mbliain 2020??!?!?!?!?!?!?
    Céard é an plean, mar sin? An ndéanfaí muid agóid?
    Roghnaíodh Gaillimh mar chathair chultúir MAR GHEALL AR an nGaeilge agus seo anois an fhéile atá le bheith againn??

  • Pól Ó Braoin

    Níl aon áit don Ghaeilge ná do na Gaeil in Éirinn an lae inniu. Mar adeir Gabriel thuas ní thuigeann lucht eagraithe na rudaí sin ach teanga an airgid. Tiocfaidh daoine ó thíortha eile chomh fada leis na féilte sin agus nuair a chríochnós siad ní bheidh a fhios acu faoi neamh na n-éan go bhfuil teanga dhúchais ar bith eile sa tír seo ach an béarla.