Tá mé thar a bheith sásta go dtáinig Cumann Lúthchleas Gael ar athrú intinne faoi Pháirc Uí Chaoimh a chur ar fáil don chluiche as a dtiocfaidh airgead an gheata chun sochair bhean chéile Liam Miller agus a gclann mar aon le hospís i gCorcaigh. Go fiú mura mbeadh cic tugtha riamh do liathróid O’Neills ag Miller, trócaire air, sular thug sé aghaidh ar chluiche an tsacair, ar Manchester United agus ar Glasgow Celtic ba chóir gur mar sin a tharlódh.
Le hionann is cúig ghlúin anois tá fréamhacha CLG scaipthe go domhain in ithir na tíre seo agus i measc a cuid saoránach. Ní dhearna an eagraíocht i gcás Pháirc Uí Chaoimh ach aithris ar an ngníomh a dhéanann pobal ar bith nuair a thagann briseadh croí ag leic na tairsí ag duine dá gcuid comharsan. Céard a deir muid ag síneadh lámh amach dúinn ach ‘níor mhaith liom do thrioblóid’?
An t-aon mhilleán a d’fhéadfaí a leagan ar an gCumann i mo thuairimse go ndearna siad a bheagán moilleadóireachta ón am ar socraíodh an sacar agus an rugbaí a ligean isteach go Páirc an Chrócaigh agus go mba cheart dóibh polasaí níos leithne a bheith leagtha amach acu. Tiocfaidh cásanna mar seo chun cinn arís agus an geábh sin ní mór a bheith faoi réir.
Mar a tharla le linn don athchóiriú a bheith á dhéanamh ar Staid an Aviva nuair a d’imir foirne rugbaí na hÉireann/Mumhan/Laighean mar aon leis an bhfoireann sacair i bPáirc an Chrócaigh, ní raibh an socrú faoi Pháirc Uí Chaoimh an-chasta ach an oiread. Ní bheidh chuile cheann eile chomh héasca agus sin an chúis gur cheart beartú anois.
Ón mbliain 1884 tá luach na mbilliún de thalamh agus de mhaoin tagtha i seilbh CLG – chuile orlach de saothraithe agus tuillte.
Is deacair a shamhlú go mbeifí ag súil go roinnfeadh siad sin ar fad leo siúd atá i gcoimhlint leo, ach ní foláir dóibh dul i mbun staidéir go luath agus straitéis a leagan amach nó tiocfaidh an chéad chás eile aniar aduaidh orthu arís, mar a tháinig cluiche Liam Miller.
Chuir caint polaiteoirí faoin scéal cuthach dearg orm, áfach, agus is minic leo. Tabhair micreafón dóibh ag ócáid spóirt ar bith agus molfaidh siad go haer a bhfuil á dhéanamh ar mhaithe le hóige na tíre, lena sláinte agus mar sin de. Ní raibh an lasair féin faoi chás Pháirc Uí Chaoimh nuair a bhí a ladar curtha sa scéal ag airí, baill rialtais agus ag Teachtaí Dála agus iad ag díriú airde ar a raibh de ‘airgead an stáit’ caite le cóiriú na páirce sin.
‘Airgead an Stáit’! Chuir sé i gcuimhne dom achar gairid a chaith mé i Seomra na Nuachta i Raidió na Gaeltachta fadó nuair ba é meaisín an facs an córas bolscaireachta a bhíodh ag polaiteoirí. Bhí lá ann nuair a chuir sé aníos le casacht ráiteas ó Roinn áirid go raibh oiread seo airgead ceadaithe ag an Aire do scéim éicint agus ar ndóigh é thar a bheith ríméadach go raibh ar a chumas sin a dhéanamh.
Chuir mise aguisín beag leis agus nuair a bhí mé á léamh dúirt go raibh ‘oiread seo d’airgead an cháiníocóra ceadaithe ag an Aire’. A mhac go deo, a leithéid de sciolladh agus a fuair mise ón státseirbhíseach a bhí ar an nguthán agam láithreach agus bagairt nach raibh mórán de cheilt air faoina raibh i ndán dom dá ndéanfainn a leithéid arís.
Anois ba mhaith liom a chur i gcuimhne don Aire Spóirt agus do na clabairí eile nach fada ó shin ó bhí siad ag maíomh as an gcaoi agus ar an gcóir a bheadh ar an bpáirc Cois Laoi sa gcás go dtiocfadh Craobh Rugbaí an Domhain chun na tíre seo in 2023 nó 2027. Má tugadh deontas €30 milliún dá hathchóiriú as póca an cháiníocóra ba cheart go gcaithfeadh siad cúig nóiméad ag déanamh staidéar cneasta ar a mbainfear de bhuntáiste as sin agus staidéar níos cneasta fós ar an méid dáiríre de do chuid airgidse agus de mo chuid airgidse a bheas caite leis i ndeireadh lae.
D’íoc Cumann Lúthchleas Gael féin €10 milliún VAT as Páirc Uí Chaoimh leis féin anuraidh agus íocann siad ar a laghad €5 mhilliún chuile bhliain eile. Sin le rá go mbeidh an t-airgead íoctha ar ais in 2020.
Má tá cúig nóiméad eile le spáráil acu le linn an achair a bhfuil an Dáil ar saoire (naoi seachtaine) dhéanfadh siad níos measa ná súil a chaitheamh freisin ar an mórchóiriú deireanach de chuid CLG lenar cheadaigh siad airgead dár gcuid.
€260 milliún a chosain cóiriú Pháirc an Chrócaigh, obair ar tugadh faoi gan aon iarratas ná aon chinnteacht ar chabhair ón taobh amuigh – go deimhin bhí an obair ar Ardán an Chíosógaigh críochnaithe faoin am ar chuir an tAire Airgeadais ag an am lámh inár bpócaí, gan cuireadh gan iarraidh.
Faoin am a raibh an obair ar fad críochnaithe bhí €110 milliún íoctha aige ar ár son – €19 milliún cánach agus €91 milliún d’airgead an Chrannchuir Náisiúnta, a tosaíodh go bunúsach don chineál sin oibre, más buan mo chuimhne.
Glac leis sin agus feicfidh tú gur beagán níos lú ná 7.5% den chostas é an €19 milliún a tháinig as ‘airgead an stáit’.
Faoi dheireadh díreoidh mé na clabairí ar staidéar a d’fhoilsigh Ollscoil Halam in Sheffield cúpla bliain ó shin inar thug siad le fios go gcaitheann 10,000 lucht féachana ag ócáid spórt €1 milliún go háitiúil – bhí 126,000 i bPáirc an Chrócaigh an deireadh seachtaine seo caite agus beidh níos mó ná sin arís ag cluichí an deireadh seachtaine seo.
I bhfad uainn pápaireacht polaiteoirí.
Fág freagra ar 'Chuir caint polaiteoirí faoi scéal ‘cluiche Liam Miller’ cuthach dearg orm…'