Chaithfí athmhacnamh a dhéanamh ar stádas na Gaeilge in Éirinn Aontaithe – An Taoiseach

Dúirt an Taoiseach i mBéal Feirste aréir go mbeadh gá in Éirinn Aontaithe le bunreacht nua toisc, mar shampla, go bhfuil an Ghaeilge ina céad teanga oifgiúil de réir Bhunreacht na hÉireann.

Chaithfí athmhacnamh a dhéanamh ar stádas na Gaeilge in Éirinn Aontaithe – An Taoiseach

Chaithfí machnamh a dhéanamh ar stádas bunreachtúil na Gaeilge a athrú sa chás go mbeadh Éire Aontaithe ann, dar leis an Taoiseach Leo Varadkar.

Agus é i mbun díospóireachta ag Féile an Phobail i mBéal Feirste aréir, dúirt an Taoiseach go gcaithfeadh daoine a thuiscint gur ‘Stát eile’ a bheadh ann dá mbainfí Éire Aontaithe amach.

Dúirt sé go mbeadh gá sa chás sin le bunreacht nua toisc, mar shampla, go bhfuil an Ghaeilge ina céad teanga oifgiúil de réir Bhunreacht na hÉireann.

Le linn na díospóireachta céanna, dúirt ceannaire Shinn Féin Mary Lou McDonald go gcaithfeadh vóta faoi athaontú na hÉireann a bheith ann sa chás go mbeadh sé ina Bhreatimeacht gan mhargadh.

Dúirt Vardkar gur ábhar scoilte a bheadh ina leithéid de vóta aimsir an Bhreatimeachta agus tráth a bhfuil sáinn pholaitiúil ann ó thuaidh. Mhaígh sé chomh maith gur údar imní a bheadh ann dá vótálfadh móramh an-bheag daoine ar son aontú na tíre.

Ag an ócáid chéanna aréir, mhaígh Gregory Campbell an DUP gur mór aige an Ghaeilge. Tá an cháil ar an bhfeisire parlaiminte go bhfuil dearcadh tarcaisneach go maith aige i leith na teanga.

Maidir leis an scigaithris a rinne Campbell i gComhthionól Stormont cúpla bliain ó shin ar an abairt ‘Go raibh maith agat, a Cheann Comhairle’, dúirt sé aréir gurb amhlaidh go bhfuil meas aige ar an teanga agus gur masla di an mhí-úsáid a bhaineann polaiteoirí eile aisti.

Ag an bhféile chéanna in iarthar Bhéal Feirste cúpla bliain ó shin, thug an tráchtaire peile aitheanta Joe Brolly léasadh teanga do  Campbell mar gheall ar a dhearcadh i leith na Gaeilge.

Fág freagra ar 'Chaithfí athmhacnamh a dhéanamh ar stádas na Gaeilge in Éirinn Aontaithe – An Taoiseach'

  • Seán Ó Riain

    Athmhachnamh chun stádas na Gaeilge in Éirinn a threisiú atá i gceist ag an Taoiseach, gan amhras. Baineann an Ghaeilge le hoileán na hÉireann ar fad, agus leis an gcuid is mó d’Albain, agus is mó an spéis inti ag cuid mhaith daoine ó thuaidh, idir Chaitilicigh is Phrotastúnaigh, ná ó dheas.

  • Aonghus

    Ná lig do mhaidí le sruth go fóil a Leo agus Gregory ag maíomh gur mór leis an Ghaeilge.
    Le Linda ag teagasc na teanga in oirthear Bhéal Feirste is gearr go mbeidh sé líofa!

  • An Fiach Liath

    Stát-Rúnaí Éireann, Leo Varadkar, An Oifig Baile, Iar-Oifigí An Taoisigh, Baile Átha Cliath 2.

  • Donncha Ó hÉallaithe

    Mar shampla, an bhféadfaí an Ghaeilge a choinneáil ina ábhar éigeantach don Ardteist da mbeadh Éire Aontaithe ann, nó ar cheart diolúine a thabhairt do dhaoine óna 6 Contae amháin? Cén tuairim atá ag Seán agus ag Aonghus?

  • Mac an Mheiriceánaigh

    Níl mórchuid na nÉireannach sásta aon rud gníomhach a dhéanamh ar son na Gaeilge (í a fhoghlaim nó a labhairt, cuirimis i gcás) ach tá formhór na tíre fós sentimental go maith ina leith. Dá gcuirfí an cheist ar phobal Éire aontaithe, déarfainn go mbeadh tromlach maith ar fáil fós ar son Gaeilge bheith mar chéad theanga oifigiúil go fóill.

    Má shíleann Varadkar gurb é sin an freagra atá ag teastáil ó lucht vótála an Tuaiscirt, abradh sé leis! Ach déarfainn nach mór an baol go dtarlóidh sé.