Cén scéal a bhí ag Jimmy the Groundhog nuair a sháigh a smut amach Lá Fhéile Muire?

I gcuid mhaith ceantar i Meiriceá, tá traidisiún láidir dá gcuid féin acu an lá a dtugtar Lá Fhéile Muire air in Éirinn

Cén scéal a bhí ag Jimmy the Groundhog nuair a sháigh a smut amach Lá Fhéile Muire?

Lá Fhéile Muire, a thugtar sna bólaí seo ar an dara lá Feabhra, an lá a mbeannaítí cion na bliana de choinnle céarach an tí. Bhí seanchas deas ann faoin gcaoi ar bhronn Muire an chéad lá de mhí Feabhra ar Naomh Bríd de bharr gur shábháil an bhean s’againne Muire agus a maicín ó shaighdiúirí Héaróid. Spreagann Lá Fhéile Bríde dóchas agus an fhéile ag fógairt an earraigh agus an tsolais.

Ach i gcuid mhaith ceantar i Meiriceá, tá traidisiún láidir dá gcuid féin acu an lá sin, oidhreacht na n-imirceach Gearmánach agus Dúitseach a chuaigh thar sáile anonn. Ní bheadh aon ghlacadh ag na Protastúnaigh dhúthrachtacha sin le Muire agus mar a rinne na Críostaithe anseo in Éirinn le féile Imbolc, choinnigh siad an fhéile faoina hainm nua, Groundhog Day.

An broc seachas an t-úitseach fear/bean na haimsire a bhíodh ag na Gearmánaigh sin cé go mbíodh an béar acu i gceantair eile.

Chreid siad dá dtiocfadh an mamach crosach seo, ar geall le francach é, amach as a pholl faoi thalamh tar éis chodladh fada an Gheimhridh an lá sin agus dá mbeadh an lá geal agus é in ann a scáil féin a fheiceáil gur isteach arís ina leaba dhearg a ghabhfadh sé mar go mbeadh a fhios aige go maith go mairfeadh an geimhreadh sé seachtaine eile agus nach bhfeicfí aon amharc arís air go laethanta na Féile Pádraig.

Dá mbeadh Lá Fhéile Muire scamallach, ní fheicfeadh sé a scáil féin agus bheadh a fhios aige gur ghearr go mbeadh sé ina earrach agus in am aige tosú ag soláthar. Nuair a tháinig an scannán grinn Groundhog Day amach i 1993 chuir sé go mór le cáil an ainmhí. Agus nach minic a úsáideann Béarlóirí é le cur síos ar an lá sin nach mbíonn rompu ach an seanscéal meirgeach céanna i gcónaí.

Deirtear gur in Pennsylvania, i mbaile ar a dtugtar Punxsutawney, a tosaíodh searmanais cheiliúrtha an lae sin ar dtús ach bíonn an fhéile á ceiliúradh anois ar fud na Stát Aontaithe agus Cheanada.

Go deimhin féin bíonn iomaíocht ghéar idir na ceantair éagsúla le teacht ar bhealaí spraíúla le leas a bhaint as an úitseach chun siamsaíocht agus turasóireacht a chur chun cinn. I 1948 a thosaigh Sun Prairie in Wisconsin ag ceiliúradh Groundhog Day agus gan d’údar acu leis ach go raibh ‘sun’ san ainm agus gurb í an ghrian a chruthaíonn an scáil agus go mbíonn geimhreadh fada fuar acu. Foilsíodh cártaí poist agus táirgí eile leis an bhféile a cheiliúradh.

Sibhse a bhfuil na sciolláin faoi réir agaibh agus sibh ag tnúth leis an uain bhreá le breith ar an láí, téigí ar ais a chodladh tamall eile. Chomh luath agus a sháigh ‘Jimmy the Groundhog’, a smut amach i Sun Prairie lá’l Muire i mbliana, ní dhearna sé ach casadh ar a thóin agus bualadh ar ais a chodladh. Bhí a fhios ansin ag muintir lár Mheiriceá go raibh sé seachtaine eile geimhridh le cur díobh acu agus nach beag an t-iontas iad a bheith tuirseach den sioc agus an duartan sneachta atá acu le ráithe. 

Is deacair Jimmy a bhualadh ar an aimsir!

Fág freagra ar 'Cén scéal a bhí ag Jimmy the Groundhog nuair a sháigh a smut amach Lá Fhéile Muire?'

  • Fearn

    Ó, fág Jimí Mo Mhíle Stór na bhfuil sé, muis: nár leor mar cheap magaidh againn Uachtarán na tíre úd?
    Léamh ar an aimsir atá uait? Cad mar ghaeall ar : Muna raibh oíche giolcaireachta ag an Trumpach, beidh stoirm go haer againn? :-)