Cén Ghaeilge atá ar ‘Cloud learning’, ‘data harvesting’ agus ‘pumpkin spice latte’?

Ach dul i muinín liosta nua téarma.ie, bheadh an ‘mílaoiseach’ maith ábalta labhairt go húdarásach faoi ‘chnuaschóipeáil sonraí’ fad is a bheadh sé nó sí ag ól ‘latte spíosrach puimcín’ i ndiaidh babhta ‘damhsaclaíochta’

Cén Ghaeilge atá ar ‘Cloud learning’, ‘data harvesting’ agus ‘pumpkin spice latte’?

Tá ‘Cloud learning’, ‘data harvesting’, ‘pumpkin spice latte’, ‘dancercise’ agus ‘millennial’ ar na téarmaí is déanaí a bhfuil leaganacha Gaeilge ar fáil dóibh ar shuíomh athsheolta téarma.ie.

Mar chuid den athdhearadh ar an mbunachar náisiúnta téarmaíochta, liostaítear anois ar leathanach baile an tsuímh na téarmaí is déanaí ar tugadh bheith istigh dóibh.

Ach sracfhéachaint a thabhairt ar an gcéad liosta sin de théarmaí nua ar an suíomh bheadh an ‘mílaoiseach’ maith ábalta labhairt go húdarásach faoi ‘chnuaschóipeáil sonraí’ fad is a bheadh sé nó sí ag ól ‘latte spíosrach puimcín’ i ndiaidh babhta ‘damhsaclaíochta’ nó ‘néalfhoghlama’.

An tseachtain seo caite a seoladh an leagan nua de téarma.ie a rinne Fiontar agus Scoil na Gaeilge, DCU agus maoiniú acu ó Fhoras na Gaeilge.

Tá an suíomh curtha in oiriúint chomh maith anois don fhón póca agus don táibléad.

Is féidir cuardach a dhéanamh freisin ar an suíomh athdheartha de réir réimsí focal.

Tá nasc déanta chomh maith idir téarma.ie agus foclóir.ie,  teanglann.iegaois.ie agus Nua-Chorpas na hÉireann. Ach cliceáil ar an tsaighead a ghabhann le gach téarma, is féidir leis an té atá ag cuardach dul láithreach go dtí na foinsí eile sin.

Deir lucht téarma.ie gurb í an “phríomhsprioc” le hathdhearadh an tsuímh ná “idirdhealú níos fearr a dhéanamh idir téarma.ie mar fhoinse téarmaí teicniúla agus acmhainní foclóireachta eile a phléann le gnáthfhocail”.

Fág freagra ar 'Cén Ghaeilge atá ar ‘Cloud learning’, ‘data harvesting’ agus ‘pumpkin spice latte’?'