Ceisteanna sóisialta láimhseáilte go healaíonta i scéal bleachtaireachta lán teannais

Éiríonn le Anna Heussaff an teannas a choinneáil ó thús deireadh in ‘An Poll Báite’

Ceisteanna sóisialta láimhseáilte go healaíonta i scéal bleachtaireachta lán teannais

An Poll Báite
Anna Heussaff
Cló Iar-Chonnacht
€15

Sa Pholl Báite le Anna Heussaff ar an cheathrú húrscéal bleachtaireachta aici agus castar orainn arís anseo Aoife Nic Diarmada agus an Garda Réamonn Seoighe, an bheirt is mó a bhíonn chun tosaigh i réiteach na gcásanna dúnmharaithe sna scéalta seo. Casadh orainn i dtosach iad in 2004 sa leabhar Bás Tobann, ina dhiaidh sin in 2010 le Buille Marfach agus ansin in 2015 i Scáil an Phríosúin.

Thosaigh an chomhghuaillíocht idir an garda agus an bhean seo ar leithinis Bhéarra nuair a thosaigh bean na háite ag cuidiú leis an fhiosrúchán oifigiúil agus lean an comhoibriú sin ar aghaidh nuair a bhí dúnmharú le fiosrú i mBaile Átha Cliath ina dhiaidh sin. I gcás an leabhair is déanaí seo tarlaíonn eachtraí an scéil agus an fiosrúchán sa dá áit sin.

Tosaíonn Sa Pholl Báite ar bhruach na Life nuair a fheictear corp mná greamaithe i ngéaga crainn ar bhruach na habhann taobh le Cill Mhaighneann, a bhí mar shuíomh don scéal Scáil an Phríosúin fosta. Tá cónaí ar an scríbhneoir sa cheantar sin le fada an lá agus cuireann a tuiscint ar an cheantar agus na mionsonraí áitiúla a bhaineann leis go mór le sochreidteacht an scéil. Is cuairteoir rialta fadbhunaithe í go Béarra chomh maith, rud a chuireann ar a cumas tírdhreachanna agus saol na háite sin a thabhairt dúinn go tuisceanach leis.

Nuair a ghlaoitear ar Réamonn agus gardaí eile atá lonnaithe sa cheantar le fiosrúchán a thosú faoi bhás na mná bíonn orthu cuid de na bunfhíricí a chinntiú. Cé hí an bhean seo agus cad é go díreach a tharla di nó an dúnmharú nó timpiste atá le fiosrú acu?

Nuair a fhaigheann siad amach go mbaineann an bhean le hIarthar Chorcaí tógann sin Aoife isteach sa scéal, áit a mbeidh a heolas ar an cheantar agus a fiosracht nádúrtha ina chuidiú arís ag an fhiosrúchán oifigiúil ag na gardaí agus go háirithe ag a cara Réamonn  Seoighe.

Baineann cuid mhór den scéal le Dan, mac na mná a maraíodh. Fear óg ait atá trína chéile ar fad ag bás tobann a mháthar. Tarraingíonn a iompar taghdach aird air féin agus ar a bhuachaillchara Polannach a chónaíonn cois Life i bpobal beag agus nach bhfuil sásta nó in ann freagraí sásúla a thabhairt ar cheisteanna an gharda.

Nuair a bhíonn sin ag titim amach san ardchathair, tá Aoife ar a dícheall eolas a fháil amach faoi iar-fhear céile na mná a bhfuil teach aige i mBéarra. Má tá acmhainní an Gharda Síochána ag Réamonn le cuidiú leis san fhiosrúchán, bíonn Aoife fágtha cuid mhór ar a conlán féin. Tá contúirt ar leith ag baint leis sin di nuair a bhraitheann sí go bhfuil sí ar tí fianaise thábhachtach a nochtadh trí chuardach mídhleathach a dhéanamh ar theach an fhir sin i ndorchadas na hoíche.

Níl sé i gceist agam aon rún nó réiteach a scaoileadh anseo ar eagla go millfeadh sé sin an scéal nó an teannas ar an duine a léifidh an leabhar seo.

Bíonn an scéal ag bogadh ó Bhaile Átha Cliath go Corcaigh agus ar ais arís i rith an ama de réir mar a thagann eolas nó amhras chun tosaigh. Éiríonn leis an údar teannas a choinneáil ann tríd síos agus tarraingítear aird an léitheora anseo agus ansiúd le nodanna faoi na príomh-amhrasáin – agus tá níos mó ná Dan, a chara agus a athair i gceist ansin.

Mar a bhíonn i mórán de na scéalta bleachtaireachta comhaimseartha sníonn an scríbhneoir ceisteanna sóisialta na linne tríd an bplota go healaíonta. Sa chás seo léirítear an fhadhb mhór i mBaile Átha Cliath le daoine gan dídean atá ina gcónaí ar thaobh sráide nó cois abhann. Ardaíonn sí ceisteanna eile faoi fhéiniúlacht ghnéis, faoi dhaorsmacht i gcaidrimh phearsanta agus chlainne, faoi bhulaíocht, faoi fhoréigean in éadan na mban agus faoi chothromaíocht idir obair agus saol pearsanta.

Ach ó thús go deireadh is iad na ceisteanna faoi cé a rinne é agus cad chuige a choinníonn an scéal ag gluaiseacht agus a choinneoidh an léitheoir ag léamh.

Is beag léitheoir de chuid Anna Heussaff nach mbeidh ag súil leis an chúigiú úrscéal i ndiaidh dóibh Sa Pholl Báite a chríochnú.

Fág freagra ar 'Ceisteanna sóisialta láimhseáilte go healaíonta i scéal bleachtaireachta lán teannais'