Ceisteanna go leor i dtaobh Stormont agus aghaidh á tabhairt ar bhliain úr

Beidh go leor ag súil go mbeidh bail níos seasmhaí ar an bpolaitíocht i Stormont in 2017 chun a dhul i ngleic le Breatimeacht agus dúshláin eile

Ceisteanna go leor i dtaobh Stormont agus aghaidh á tabhairt ar bhliain úr

“Ní bheadh a fhios againn gur bliain úr a bhí ann mura mbeadh an tsáinn bhliantúil i Stormont,” arsa vótóir i ndeisceart Bhéal Feirste. Dearcadh searbh, soiniciúil ar ghealadh na hathbhliana, ach comhartha sóirt ar thuirse an phobail leis na geáitsí a dtugtar polaitíocht orthu.

Bhí go leor ag súil go mbeadh bail sheasmhach ar an bpolaitíocht i Stormont in 2017 chun a dhul i ngleic leis an dúshlán ollmhór a bhaineann le Breatimeacht. Mheath an dóchas, áfach, i bhfianaise na géarchéime a chothaigh an scannal faoi chur amú airgid ar an scéim fuinnimh inathnuaite. Thug an Chéad-Aire Arlene Foster na cosa léi ó vóta mímhuiníne, ach bhí éiginnteacht fhollasach faoin a raibh i ndán do Stormont sa bhliain seo chugainn.

Cén t-athrú a dhéanfaí i dtoghchán eile? Cén sort rialtais a d’fheadfaí a chur ar bun tar éis na scoilteanna a tharla i mí na Nollag? An mbeadh Feidhmeannas mar is gnách oiriúnach don fheidhm? Díol suntais ab ea é go raibh éifeacht na déabhlóide á cheistiú fiú ag daoine a raibh an ghráin acu ar riail na dTóraithe.

Lasmuigh de Stormont, de cheal réiteach i measc na bpolaiteoirí faoi oidhreacht na dTrioblóidí beidh an PSNI faoi bhrú arís. Cúis omá don Phríomh-Chonstábla é go gcaitear acmhainní ar fhiosruithe stairiúla, acmhainní atá riachtanach ar phóilíneacht reatha.

Thairis sin níl muinín ag an-chuid íospartach as fiosruithe an PSNI i gcásanna ina raibh an RUC nó fórsaí stáit eile páirteach, nó cásanna ina raibh fiosruithe an RUC easnamhach.

Tá contúirt thromchúiseach ann ó easaontóirí poblachtacha agus gá le slándáil chuige sin in 2017. Beidh aird mhór ar chásanna cúirte faoi eachtraí a raibh easaontóirí freagrach astu, ar nós mharú Adrian Ismay, an t-oifigeach príosúin a fuair bás sa Mhárta seo caite de bharr pléascadh faoina charr. Easaontóirí poblachtacha a mharaigh Michael McGibbon in Ard Eoghain freisin; beifear ag féachaint an éireoidh leis an PSNI breith orthu sin a bhí freagrach.

Bhí paraimíleataigh dílseacha gníomhach anuraidh freisin agus cuireadh siléig i leith an PSNI nuair nár deineadh tada faoin UDA cé gur fhógair beirt de cheannairí na bpóilíní go raibh ball nó baill den eagraíocht mhídhleathach gníomhach i scéim phoiblí in oirthear Bhéal Feirste. Caitheadh £1.6 milliún ar phóilíneacht i gCarraig Fhearghusa i dtréimhse chúig mhí mar a raibh dhá fhaicsean den UDA ag ionsaí a chéile. Beidh suim thar na bearta i gceist i gcás Gary Haggerty, an t-ollbhrathadóir a thug eolas do na póilíní faoin UVF; tá sé le bheith os comhair cúirte san Aibreán, é cúisithe as breis is 200 cion – cúig dhúnmharú ina measc.

Beifear ag faire amach freisin don gcor is déanaí i gcúrsaí NAMA agus na scannail iomadúla a d’eascair as díol maoine i mBéal Feirste le Cerberus. Bhí líomhaintí faoi chaimiléireacht á bhfiosrú ag Áisíneacht Náisiúnta na Breataine in aghaidh na Coiriúlachta, an NCA. Cuireadh fiosrú i Stormont ar fionraí fad is a bhíothas ag fanacht le toradh ar shaothar an NCA agus ba cheart go mbeadh fáil ar thoradh an fhiosrúcháin sin in 2017. Ar ndóigh tá fiosrú Dála á dhéanamh freisin, maille le fiosrú coiriúil i Meiriceá.

Nuair a athosclófar éisteachtaí an Choiste Um Chuntais Phoiblí i Stormont – má tharlaíonn sé – beidh spéis mhór i bhfianaise Dhaithí McKay, iarTheachta Tionóil de chuid Shinn Féin a d’éirigh as polaitíocht i ngeall ar a iompar is é ina chathaoirleach ar an gCoiste sin i Stormont in 2015. Tráchtaire polaitíochta é McKay anois, ach tá ceisteanna le freagairt aige faoi líomhaintí go ndearna sé cóitseáil ar an dílseoir Jamie Bryson ionas go n-ainmneodh seisean Peter Robinson mar dhuine a bheadh ag fáil breibe nó síneadh láimhe as díol na maoine a bhí i seilbh NAMA. Shéan Robinson, an Chéad-Aire agus ceannaire an DUP ag an am, go raibh pingin rua le fáil aige féin ná éinne dá mhuintir.

Mar is gnáth, beidh tionchar ar shaol gach éinne ag na heachtraí le linn shéasúr na máirseála. Ba mhór an faoiseamh é nuair a rinne ionadaithe pobail socrú logánta i dtuaisceart Bhéal Feirste an samhradh seo caite a chinntigh go raibh an Dara Lá Déag síochánta. Le cabhair eadránaithe rinneadh margadh a cheadaigh mionmháirseáil in Ard Eoghain roimh an mháirseáil bhliantúil; mar chuid den mhargadh cuireadh deireadh le campa dílseach Twaddell a raibh costas póilíneachta ollmhór ag baint leis ar feadh trí bliana gan trácht ar an teannas seicteach a spreag sé. Bhí easaontóirí poblachtacha in Ard Eoghain míshásta gur ligeadh Oráisteach ar bith thar bráid ach níor tharla círéib ná trioblóid.

Beifear ag súil leis an tsíocháin chéanna arís i mbliana agus, b’fhéidir, cúram d’íospartaigh agus ionchoisní. Chuige sin, ní móide go dtiocfaidh na polaiteoirí ar réiteach uileghabhálach faoi pharáidí chomh maith le hoidhreacht na dTrioblóidí.

Fág freagra ar 'Ceisteanna go leor i dtaobh Stormont agus aghaidh á tabhairt ar bhliain úr'