Ceist chasta na saoránachta sa Tuaisceart ag éirí níos casta fós

An mbeidh sciar mór den phobal ó gach taobh thíos le Breatimeacht nár theastaigh ón móramh sa Tuaisceart?

Ceist chasta na saoránachta sa Tuaisceart ag éirí níos casta fós

Seoid do náisiúnaithe an Tuaiscirt ab ea an fhoráil i gComhaontú Aoine an Chéasta go bhféadfadh duine ar bith a rugadh abhus saoránacht Éireannach nó Bhriotanach nó an dá cheann a roghnú.

Aitheantas oifigiúil i gconradh idirnáisiúnta ar a bhféiniúlacht ab ea é d’fhormhór an phobail náisiúnaigh. Bua ab ea é nach bhféadfaí a chlaonadh nó a cheilt. Ach arbh ea?

Cuireadh an t-aitheantas ar bhonn reachtúil i ndlíthe na hÉireann ach is mar nós imeachta a ghlac rialtas na Breataine leis. Tháinig deacrachtaí chun solais le cur chuige Oifig Ghnóthaí Baile na Ríochta Aontaithe cúpla bliain ó shin agus anois tá imní sa bhreis cothaithe ag rialacha na Roinne maidir le cearta tar éis an Bhreatimeachta.

Bhí cás Emma agus Jake de Souza orthu sin a nocht aimhrialtacht chonspóideach i dtosach. Rugadh Emma i Machaire Fíolta i gContae Dhoire. In 2015 phós sí Meiriceánach, Jake, i mBéal Feirste. Pas Éireannach a bhí ag Emma, ba mhór aici a féiniúlacht mar Éireannach agus is mar shaoránach de chuid na hÉireann a smaoinigh sí uirthi féin ar feadh a saoil. Rinne an lánúin iarratas ar cheadúnas cónaithe do Jake de Souza faoi rialacha an Limistéir Eorpaigh Eacnamaíoch; mhaígh siad ina n-iarratas go mbeadh ceart cónaithe ag a fear céile abhus bunaithe ar shaoránacht Éireannach Emma. I mí Mheán Fómhair 2016 tugadh an t-eiteachas dá n-iarratas ar an mbonn gur déshaoránach Briotanach agus Éireannach í Emma agus nár mhór dóibh a n-iarratas a bhunú ar rialacha inimirce na Ríochta Aontaithe.

(Scéal thairis é seans, ach is le linn do Theresa May a bheith ina Státrúnaí Gnóthaí Baile a tugadh isteach na srianta ar chearta na déshaoránach.)

Ba é breithiúnas na foirne san Oifig Ghnóthaí Baile gur shaoránach Briotanach í toisc gur rugadh í i dTuaisceart Éireann. Dá mbeadh sí toilteanach a saoránacht Bhriotanach a aisghairm d’fhéadfaidís iarratas a dhéanamh bunaithe ar a stádas mar shaoránach Éireannach le cearta Eorpacha. Ní raibh sí sásta saoránacht nár aithin sí agus nár ghlac sí leis riamh a thabhairt suas. Rinne siad achomharc ar an mbonn gur sháraigh cinneadh na Breataine Comhaontú Aoine an Chéasta. D’éirigh leo. Rialaigh binse go raibh na forálacha faoi shaoránacht sa chonradh idirnáisiúnta idir rialtais na hÉireann agus na Breataine (An Comhaontú) curtha in ionad Acht Náisiúntachta na Breataine 1981 chomh fada is a bhaineann le pobal Thuaisceart Éireann. Tá Whitehall ag déanamh a machnaimh faoi achomharc i gcúirt uachtarach.

Go bunúsach, de réir dlí is saoránach Briotanach (saoránach de chuid na Ríochta Aontaithe) gach duine de bhunadh na háite a rugadh i dTuaisceart Éireann- cuma an pribhléid nó a mhalairt é sin, dar leo féin. Deir dlíodóirí a bhíonn ag plé leis an inimirce gur iomaí fadhb a chothaigh sé sin cheana. Tá cor eile sa scéal i ngeall ar an mBreatimeacht.

Faoi Scéim Lonnaíochta na Ríochta Aontaithe is féidir le saoránaigh ó bhallstáit den Aontas Eorpach, ón Iorua, ón Íoslainn, ó Lichtinstéin agus ón Eilvéis iarratas a dhéanamh fanacht go buan san Ríocht Aontaithe tar éis 30 Meitheamh 2021.

Ní gá do shaoránaigh na hÉireann iarratas ar bith a dhéanamh ach ní hionann an scéal do mhuintir an Tuaiscirt. Tá sé leagtha síos go beacht i rialacha na Scéime Lonnaíochta nach bhfuil saoránaigh Éireannacha an Tuaiscirt i dteideal iarratais a dhéanamh mar go n-áirítear gur Briotanaigh iad.

Tá ciallachais thromchúiseacha aige sin ó tá an-chuid den phobal abhus ag iarraidh a gcearta Eorpacha a choinneáil. An gciallaíonn sé sin nach mbeidh saoránaigh Éireannacha abhus, murab ionann agus daoine ón bPoblacht, in ann céile nó duine muinteartha a thabhairt isteach chun na Ríochta Aontaithe? Cearta ag dream amháin a bheidh ceilte ar a gcomhshaoránaigh?

Ní hé sin an t-aon aimhrialtacht. An mbeidh cearta Eorpacha ag saoránaigh Éireannacha sa Tuaisceart nach mbeidh ag a gcomharsana? An mbeidh sciar mór den phobal ó gach taobh thíos le Breatimeacht nár theastaigh ón móramh? Níor mhór a bheith cúramach faoin toradh a bheadh air sin. Tá a fhios againn go rómhaith an sórt guagachta a eascraíonn as éagothromaíocht agus idirdhealú. Cé is moite de na srianta a chuir Theresa May ar chearta na déshaoránach in 2012 a chur ar ceal níl fuascailt shimplí ar na fadhbanna seo ach tá práinn le saothar réitigh.

Fág freagra ar 'Ceist chasta na saoránachta sa Tuaisceart ag éirí níos casta fós'