Ceist an phinsin stáit ar an méar fhada i gcónaí

Ní bheidh an pinsean stáit slán mura n-íocfaimid go léir as – an fhírinne a sheachnaíonn polaiteoirí

Ceist an phinsin stáit ar an méar fhada i gcónaí

D’fhógair airí sa rialtas agus i rialtais eile rompu go minic riachtanas nár chóir a chur ar an méar fhada. Ach in ainneoin gach ráitis go dtí seo tá an riachtanas ar an méar fhada i gcónaí.

Admhaítear i ngach páirtí go bhfuil mórathrú de dhíth chun íoc as an méadú mór ar chostas an phinsin stáit atá romhainn. Tá thart ar 4.5 oibrí in aghaidh gach pinsinéara sa stát faoi láthair. Ísleoidh an coibhneas sin idir oibrithe agus pinsinéirí go dtí 2:1 faoin mbliain 2050.

Tá aird á tarraingt ar chlaonadh na bhfigiúirí le fada ag airí rialtais chomh maith le coistí Oireachtais, coistí comhairleacha a bhunaigh an rialtas agus forais neamhspleácha éagsúla ar nós an ESRI. Níor athraigh aird, síor-rabhadh ná síorphlé an córas pinsean stáit go dtí seo, cé gur léir a laige do chách.

Déanta na fírinne, níl difríocht mhór idir faillí na bpolaiteoirí agus an neamhshuim a léiríonn ár bhformhór agus cúrsaí pinsin á bplé.

Ní chuirfidh scéim phinsin ar bith dá fheabhas é bia ar an mbord amárach ná arú amárach. Níl de thionchar ag pinsean dá fheabhas é ar shaol gach neamhphinsinéir ach an costas a bhaineann leis an méid a chaithfear a íoc anois ar mhaithe le tairbhe a fháil as amach anseo.

Mar is eol do dhaoine a raibh sé d’ádh orthu riamh éisteacht le hachtúire ag cur síos ar chúrsaí pinsin, ní féidir tábhacht ná tionchar an phinsin a shéanadh. Ní haon iontas é nach gcaitheann daoine atá sna fichidí agus na tríochaidí, go háirithe, mórán ama ag machnamh ar phinsean, ach is mó, dá dheasca sin, an dualgas atá ar pholaiteoirí an machnamh a dhéanamh ar a son.

Féach mar sin a ndearna an rialtas agus an Dáil a toghadh in 2021 maidir le cúrsaí pinsin. Bhunaigh an rialtas coimisiún pinsean faoi chathaoirleacht Josephine Feehily a mhol in 2021 go n-ardófaí de réir a chéile an aois ag a n-íoctar pinsean stáit (66 faoi láthair) go dtí 68 in 2039.

Mhol coiste Oireachtais d’aon ghuth go gcuirfí moladh an choimisiúin i leataobh ach níor mhol na comhaltaí athrú ar bith chun íoc as an gcostas breise a bhainfeadh le haois reatha an phinsin a choinneáil mar atá sé.

D’fhógair an tAire Coimirce Sóisialaí Heather Humphreys i mí Meán Fómhair nach n-athrófaí aois an phinsin agus go n-ardófaí rátaí PRSI “de réir a chéile”. Breis eolais níor thug sí faoin ardú a bheadh riachtanach, fiú faoin uair a bhfógrófaí é.

Dúirt an tAire Airgeadais Michael McGrath Déardaoin go raibh beartais a chuirfeadh an státchiste ar bhonn acmhainneach á bplé aige le státseirbhísigh a roinne. Tugadh le fios chomh maith go molfaidh Heather Humphreys ardú “de réir a chéile” ar rátaí PRSI ach dúirt sí leis an Irish Examiner go gcaithfí cuimhneamh ar an ngéarchéim chostas maireachtála.

Is dóichí ná a mhalairt mar sin gur ardú atá beartaithe aici a chuirfí i bhfeidhm uair éigin tar éis an olltoghcháin (a chaithfear a ghairm faoi mhí Feabhra 2025 ar a dheireanaí).

Cé gur thug Louise O’Reilly le fios, thar ceann Sinn Féin, anuraidh “go gcaithfí breathnú ar PRSI” tá sé ionann agus cinnte nach molfaidh príomhpháirtí an fhreasúra ach oiread méadú ar na rátaí a chuirfí i bhfeidhm roimh an olltoghchán.

Mhol an Chomhairle Chomhairleach Fhioscach (IFAC) don rialtas Déardaoin rátaí PRSI a ardú anois (agus cuid den teacht isteach ó cháin chorparáideach a chur i dtaisce) ionas nach mbeadh ardú níos mó riachtanach amach anseo.

Déan talamh slán de, áfach, go háirithe agus páirtithe na hÉireann ag faire ar an trioblóid a spreag leasú ar chóras pinsin na Fraince, go gcoinneofar an gníomh a deirtear ar chaon taobh atá riachtanach san áit chéanna ar feadh scaithimh eile, nó níos faide faraor.

Ar an méar fhada, arís eile.

Fág freagra ar 'Ceist an phinsin stáit ar an méar fhada i gcónaí'

  • Eoghan Ó Néill

    Réiteach amháin ar an fhaidhb ná infheistíocht fhad-téarmach, bíodh sé i gcomhghuailíocht le úinéirí talún nó talamh ceannaithe ag an stáit, agus foraoiseacha móra de chrainnte measctha a phlantáil ionns go mbeadh ábhar luachmhar leanúnach a rachfadh chun leas an phinsin do phobal na tíre agus a chuideódh le stóráil carbóin. Win win a bheadh in a leithéid!