Ceimic na hArdteiste gan téacsleabhar Gaeilge agus gan é i gceist ag an Roinn Oideachais a leithéid a fhorbairt

Ní bhíonn ‘téacsleabhair oideachais á gceadú, á gcoimisiúnú, á n-urrú, ná á moladh’ ag an Roinn – an tAire Oideachais

Ceimic na hArdteiste gan téacsleabhar Gaeilge agus gan é i gceist ag an Roinn Oideachais a leithéid a fhorbairt

Níl sé i gceist ag an Roinn Oideachais ‘téacsleabhar Gaeilge a fhorbairt’ do shiollabas Ceimice na hArdteiste i láthair na huaire. Níl fáil faoi láthair ar a leithéid de leabhar.

Dúirt an tAire Oideachais Richard Bruton nach gcuireann foilsitheoirí leabhar scoile leabhair Ghaeilge ar fáil sa chás go mbíonn “éileamh an-bheag nó nach mbíonn aon éileamh” ar a leithéid de leabhar d’ábhar scoile ar bith.

Thug sé le fios gur iondúil “nach mbíonn téacsleabhair oideachais á gceadú, á gcoimisiúnú, á n-urrú, ná á moladh” ag an Roinn agus gurb iad na scoileanna féin a roghnaíonn na leabhair a úsáidtear ón rogha a chuireann foilsitheoirí éagsúla ar fáil.

“Mar sin féin, bíonn deis ag scoileanna Gaeltachta réimse leathan leabhar agus acmhainní eile atá curtha ar fáil ag an gComhairle Oideachais Gaeltachta agus Gaelscolaíochta, a úsáid i nGaeilge d’fhormhór na n-ábhar scoile.

“Níl aon téacsleabhar Ceimice don Ardteist ar fáil i nGaeilge faoi láthair agus níl aon phlean ann téacsleabhar a fhorbairt do shiollabas reatha Ceimice na Ardteiste. Tá an NCCA ag forbairt siollabas nua sa Cheimic don Ardteist faoi láthair,” a dúirt sé.

Bhí an tAire Bruton ag freagairt ceist a chuir an Teachta Dála Charlie McConalogue air faoi théacsleabhar Ceimice a bheith ar fáil i nGaeilge.

Thagair an tAire don athbhreithniú atá ar bun ag an Roinn ar a bpolasaí oideachais nua don Ghaeltacht i láthair na huaire, agus dúirt go ndéanfar machnamh faoi cheist na dtéacsleabhar agus ceist na n-acmhainní múinteoireachta i bhfianaise thorthaí an athbhreithnithe.

Fág freagra ar 'Ceimic na hArdteiste gan téacsleabhar Gaeilge agus gan é i gceist ag an Roinn Oideachais a leithéid a fhorbairt'

  • Manus

    Ní ceimic an taon ábhar gan téacsleabhar i nGaeilge. Freisin tá go leor téacsleabhair i nGaeilge as dáta. Aisteach go bhfuil tuismitheoirí ag iarraidh tuilleadh Gaelscoileanna ach go bhfuil an Stát á ligint síos maidir le téacsleabhair i nGaeilge. Patfhuar agus diúltach atá freagra Bhruton. Fianna Fáil ag tacú leis an páirtí frithGhaelach seo is aidhm oifigiúil pháirtí FF an Gheailge a athbheochaint caite ar leataobh.

  • Gabriel Rosenstock

    Croch ard chun a gcrochta is téad láidir chóir….

  • Éamonn Ó Gribín

    A Eagarthóir , a chara,

    Más mall is mithid, …

    Mar eolas duit!

    Scrúdú na hArdteistiméireachta trí mheán na Ghaeilge 2019 Ceimic.
    Gnáthléibhéal,Uimhir na n-iarrthóirí: 19 (1.5 %)
    Ardléibhéal, Uimhir na n-iarrthóirí: 229 (2.8%)
    Fuair mé an t-eolas seo faoin Cheimic agus na hábhair go léire eile ó Jackie Wade Uasal. An Rannóg um Ghnóthaí Corparáideacha, Coimisiún na Scrúduithe Stáit,
    Corr na Madadh, Baile Átha Luain, Co. na hIarmhí.
    N37 TP65.
    Más mian leat cóip de seol teachtaireacht ar ais chugam ldt

  • Éamonn Ó Gribín

    Inniu, fuair mé an t-eolas seo ó Rúnaí an Aire Derek Newcombe (Tagairt: DES-CU-09932-2020) mar fhreagra ar litir a scríobh me chuig Norma Foley faoi alt’ ‘Ceimic na hArdteiste gan téacsleabhar Gaeilge agus gan é i gceist ag an Roinn Oideachais a leithéid a fhorbairt’.

    “Cuireann an Roinn Oideachais maoiniú ar fáil tríd an gComhairle um Oideachas Gaeltachta agus Gaelscolaíochta (COGG) chun acmhainní a tháirgeadh, lena n-áirítear téacsleabhair, chun staidéar a dhéanamh ar ábhair trí Ghaeilge. Foilsíonn COGG acmhainní ceimice ar a láithreán gréasáin http://www.cogg.ie/ceimic/ agus tá Treoir Athbhreithnithe Cheimic na hArdteistiméireachta mar aon le hiarpháipéir ar fáil i nGaeilge.Tá athbhreithniú á dhéanamh ag an CNCM faoi láthair ar oideachas na Sraithe Sinsearaí. Tugann an t-athbhreithniú deis fís chomhroinnte a chruthú don tsraith shinsearach agus bonn láidir ónár féidir curaclam a mhúnlú a fhreastalóidh ar riachtanais gach foghlaimeora ar feadh na mblianta atá le teacht. Cé go bhfuil a fhios ag an Roinn agus ag COGG nach bhfuil aon téacsleabhar oiriúnach ann chun staidéar a dhéanamh ar Cheimic na hArdteistiméireachta trí Ghaeilge agus go bhfuil pleananna ann téacsleabhar den sórt sin a fhorbairt agus a fhoilsiú, cinneadh nuair a fógraíodh an t-athbhreithniú ar churaclam Ceimice na hArdteistiméireachta roinnt blianta ó shin nár cheart do COGG téacsleabhar a fhoilsiú bunaithe ar an ‘seanchuraclam’.Tá sé beartaithe anois go bhfoilseofar sonraíocht nua do Cheimic na hArdteistiméireachta in Earrach na bliana 2022. Tar éis an ama sin, cuirfidh COGG tús le hathbhreithniú ar na hacmhainní atá acu le cabhrú le teagasc agus le foghlaim Cheimic na hArdteistiméireachta agus táthar ag súil de thoradh an phróisis sin go bhfoilseofar téacsleabhar oiriúnach don ábhar.”