Ceiliúradh le déanamh ar an scríbhneoir Gaeilge ba mhó rath riamh

Díoladh breis is 120,000 cóip de leabhair Chathail Uí Shándair, ach is beag cuimhne atá air sa lá atá inniu ann

Ceiliúradh le déanamh ar an scríbhneoir Gaeilge ba mhó rath riamh

Déanfar údar a meastar ar díoladh níos mó cóipeanna dá chuid leabhar ná aon scríbhneoir Gaeilge eile a cheiliúradh an mhí seo le taispeántas speisialta.

Scríbhneoir bisiúil ab ea Cathal Ó Sándair ar foilsíodh beagnach 120 leabhar dá chuid idir na 1940idí agus na 1960idí. Is beag eolas atá faoi sa lá atá inniu ann áfach agus is mó aithne ag daoine ar Réics Carló, ainm an bhleachtaire fhicseanúil a bhí ina phríomhcharachtar i sraith leabhar de chuid Uí Shándair, ná mar atá ar an údar féin.

Tá iarrachtaí ar bun anois saol agus saothar an scríbhneora a cheiliúradh agus tús á chur le taispeántas taistil, Ag Léamh faoin mBinse Scoile: Scéal Chathail Uí Shándair, a bhfuil sé mar aidhm aige an scríbhneoir a chur ar ais i mbéal an phobail arís.

Beidh an taispeántas le feiceáil ar dtús i nDún Dealgan an mhí seo agus beidh sé le feiceáil in ionaid dhifriúla ar fud na hÉireann i rith na bliana.

Socraíodh an taispeántas a oscailt i nDún Dealgan toisc an ceangal a bhí ag Ó Sándair leis an mbaile.

“Chinn muid tús a chur leis an taispeántas i nDún Dealgan toisc go raibh ceangal an-láidir ag Ó Sándair le Contae Lú,” arsa Róisín Adams, ball de Choiste Comórtha Chathail Uí Shándair. 

“Samhlaíonn gach duine Ó Sándair le Baile Átha Cliath – agus ar ndóigh bhí an-ghrá aige dá chathair dhúchais – ach bhí áit speisialta ag Contae Lú ina chroí. Cuireadh ansin é nuair a céadcheapadh é mar Oifigeach Custaim sna 1940idí. 

“Is ann a casadh a bhean chéile, Mary, air agus is ann a saolaíodh a chéad bheirt pháistí. Is ann a scríobh sé formhór a chuid leabhar do dhéagóirí. Agus, dá bharr sin ar fad, is ann a scaip a chlann a luaithreach nuair a cailleadh é.” 

Chaith Ó Sándair, a bhásaigh i 1996, dhá scór bliain ag scríobh leabhair Ghaeilge do dhéagóirí agus scríobh sé ábhar i ngach seánra – bleachtaireacht, eachtraíocht, buachaillí bó, ficsean eolaíochta agus tuilleadh.

Díoladh breis agus 120,000 cóip dá cuid leabhar. 

Seolfar an taispeántas go hoifigiúil an tseachtain seo chugainn, Déardaoin, an 10 Márta 2022, ag 6.30in i Leabharlann Chontae Lú, Dún Dealgan. Beidh caint dhátheangach ann ar shaol agus ar shaothar an údair mhór-ráchairte. Beidh an taispeántas le feiceáil i Leabharlann Chontae Lú go dtí an 26 Márta.

Fág freagra ar 'Ceiliúradh le déanamh ar an scríbhneoir Gaeilge ba mhó rath riamh'

  • Pat Butler

    Muna raibh béithe fadchosacha, cíocha leathanacha James Bond ag mo laoch-sa Réics Cárló, bhí bean tuisceannach aige, píopa lán agus togha na Gaolainne ar bheolaibh an bhleachtaire chéanna.

    Idir Réics agus an Bráthar Diarmuid Rang na Scoláireachta Scoil Chríost Rí, Crosaire Tuirneara, Cathair Chorcaí, tugadh dom bunús pé smuta Gaolainne atá fágtha ionam – bail ó Dhia ar an mbeirt céanna sin……

    Bullaí fir is mnáibh lucht a cheiliúrtha!!!!!

  • Róisín Adams

    Is álainn scéalta mar sin a chloisteáil, a Pat. Beidh an taispeántas thíos i Leabharlann Chathair Chorcaí i mí na Bealtaine más mian leat bualadh isteach!