Ceathrú ‘Ghaeltachta’ ina tosaíocht ag Ard-Mhéara nua Bhaile Átha Cliath

Thart timpeall Cheannáras Chonradh na Gaeilge ar Shráid Fhearchair a bhunófar an Cheathrú ‘Ghaeltachta’ san Ardchathair

Críona Ní Dhálaigh, Ard-Mhéara Bhaile Átha Cliath
Críona Ní Dhálaigh, Ard-Mhéara Bhaile Átha Cliath

Tá Ceathrú ‘Ghaeltachta’ san Ardchathair ar cheann de na tosaíochtaí atá ag Ard-Mhéara nua Bhaile Átha Cliath, Críona Ní Dhálaigh, a dúirt sí le Tuairisc.ie.

Ag labhairt di ag an gcruinniú ag ar toghadh ina hArd-Mhéara í aréir, dúirt an Dálach go raibh sí ag iarraidh a cuid tacaíochta a thabhairt don Ghaeilge go mbeadh sí chun tosaigh agus níos feiceálaí sa chathair linn a téarma Méarachta.

Bhí cruinniú ann coicís ó shin idir baill Chonradh na Gaeilge agus comhairleoirí na cathrach le pleananna don Ghaeilge sa chathair a phlé. Dúirt an tArd-Mhéara Ní Dhálaigh go bhfuil sí “go mór mór taobh thiar” den Ghaeilge sa chathair agus do na pleananna Ceathrú ‘Ghaeltachta’ a bhunú timpeall Uimhir 6 Sráid Fhearchair – mar a bhfuil ceannáras an Chonartha lonnaithe.

“Tá clú agus cáil ar an áit mar Ardoifig Chonradh na Gaeilge agus is ann a bheidh an mol don Cheathrú Ghaeltachta. Tá plean ann cúpla foirgneamh eile a fháil sa cheantar agus an Cheathrú a bhunú thart timpeall orthu. Tacaím go mór leis an togra sin agus an togra eile neamhspleách ionad tacaíochta teaghlaigh a bhunú do thuismitheoirí na cathrach,” a dúirt sí le Tuairisc.ie

Dúirt sí gur roghnaíodh an ceantar sin mar gurb é is lárnaí, agus go bhféadfaí ionad turasóireachta a dhéanamh as chomh maith le lárionad Gaeilge don phríomhchathair. Dheimhnigh sí freisin nach mbeadh aon bhaol ann go mbainfí ó cheantair eile sa chathair atá Gaelach go maith cheana féin.

“Cuirfidh sé seo leis na háiteanna eile; ní chuirfeadh sé isteach orthu. Tá an-chuid Gaeilge i mBaile Munna agus timpeall Áras Crónáin i gCluain Dolcáin. Beidh sé seo ina ionad cathrach agus beidh an Ghaeilge le cloisteáil agus le feiceáil go nádúrtha ann. Níl aon chroílár ag na Gaeil faoi láthair,” a dúirt sí.

Gheall an tArd-Mhéara Ní Dhálaigh go mbeidh “níos mó Gaeilge a labhairt i Halla na Cathrach ná mar a labhraíodh riamh” le linn a téarma méarachta agus go bhfuil sé i gceist aici an teanga a normalú sa Chomhairle Cathrach agus sa chathair féin.

“Is é an teideal Gaeilge a bheidh in úsáid agam i mBéarla agus i nGaeilge araon. Is teideal d’fhear é an teideal ‘Lord-Mayor’ agus níl sé oiriúnach domsa mar bhean. Mar sin is ‘Ard-Mhéara’ a thabharfaidh mé orm féin ag imeachtaí Béarla agus Gaeilge. Tá súil agam go leanfaidh na hArd-Mhéaraí a thiocfaidh i mo dhiaidh leis an nós sin,” a dúirt sí le Tuairisc.ie.

Beidh Críona Ní Dhálaigh ina hArd-Mhéara ar Bhaile Átha Cliath as seo go ceann bliana.

Fág freagra ar 'Ceathrú ‘Ghaeltachta’ ina tosaíocht ag Ard-Mhéara nua Bhaile Átha Cliath'

  • Séamus mac Seáin Béal Feirste

    Mar is dual athar di, an bhean chóir. Go raibh suaimhneas síoraí ag Seán Ó Dálaigh. Gael go smior. Ní dhéanfaidh sí dhá leath da dícheall

  • Feirsteach

    Is iontach an rud é tacaíocht an Ard-Mhéara a fháil lena leithead de thogra a fhorbairt ach beidh tacaíocht daoine dheonacha le spéis sa Ghaeilge mar aon leis na heagrais / grúpaí Gaeilge agus daoine / dreamanna nach iad chun an fhís seo a fhíorú.
    Bímis dóchasach go gcuirfí tús leis i gceart i mbliana agus go bhfásfaidh agus go bhforbróidh sé sna blianta amach romhainn.

  • Concubhar

    Céard ar a bhfuil sibh ag fánacht? Fógair gur ceathrú gaeltachta é an ceantar seo, croch bratacha agus bíodh ocáid oscailte agaibh leis an Ard Mhéara nua. Tóg ar an méid atá ráite ag an Ard Mhéara nua agus tapaigh an deis laithreach. Ní bheidh deis níos fearr ann….. Ná bí ag fánacht ar dhaoine eile theacht isteach nó an Stát le h-aitheantas a thabhairt. Ní tharlóidh sin…..

  • Breathnóir

    Ach nach mbeadh sé níos fearr dá roghnófaí ceantar nó bruachbhaile ina mbeadh an Ghaeilge ina príomhtheanga laethúil de réir dlí, seachas ‘ceathrú Gaeltachta’ a bhunú i limistéar oifigí nach bhfuil pobal ar bith ina gcónaí ann, dáiríre?

    • Feirsteach

      A Bhreathnóir,
      Chuir mé seo le chéile cúpla seachtain ó shin tar éis fíorbheagán réamhthaighde, is é seo a bheag nó a mhór an cheantar ar a bhfuil muid ag déanamh tagairt.

      https://www.google.com/maps/d/viewer?usp=sharing_eid&mid=zv8q8lY6MAFg.kuUE-Y8vmV_w

      Tóg le fios go bhfuil 3 ghaelscoil, 3 naíonra fadbhunaithe laistigh de c2 mhíle ón Lárionad Gaeilge nua (Uimhir 6 sráid Fhearchair). Cuimsíonn an léarscáil bunúsach seo c40 grúpa/eagras/gnólacht agus seirbhís a chuirtear ar fáil trí mheán na Gaeilge ina measc siúd tá dochtúir, club óige, ciorcail comhrá, bialann feoilsheinnteora agus dhá staisiún raidió.

      Tuigim do phointe maidir le ceantar a bhunú ach níl pobal na Gaeilge sa phríomhchathair ar aon tuairim faoi na leithead, is maith leo an cheantar atá roghnaithe acu le cónaí.

      Fiú dá n-aontódh siad le teacht le chéile is beag talamh folamh atá fágtha sa phríomhchathair a bhuíochas leis an Tíogar Ceilteach mar sin cad a dhéanfadh muid le lucht an Bhéarla sa tsráid a roghnófaí?

      Go pointe, tá sé níos tábhachtaigh go bhfuil comhthéacs ag an nGaeilge atá feiceálach, le cloisteáil agus in úsáid ar shráideanna, i siopaí, i mbialanna agus in oifigí oibre na príomhchathrach chun deiseanna úsáidte a thabhairt don c30% de phobal na príomhchathrach atá ar lorg deiseanna úsáidte Gaeilge. Tá 10 Gaelcholáiste sa chontae agus timpeall c4000 mac léinn i gCumainn Ghaelaigh ag an Tríú Leibhéal, tá scéim cónaithe ag roinnt de na coláistí seo, ach cad a tharlaíonn nuair a fhágann siad an choláiste agus faigheann siad postanna i ngnólachtaí/eagrais mhóra/bheaga Béarla?

      Sea, is mó deiseanna úsáide atá againn in achar gairid sea is mó seans go mbualfaidh daoine le chéile trí Ghaeilge agus is ansin a thagann caint ar an nGaeilge sa bhaile, dar linn.