Cad a dhéanfaidh siad feasta gan seacláid?
Seacláid Vozart ina theannta san?
An Mozartkugel blasta anuas air sin.
Deireadh go deo lena déantúsaíocht ina ndúthaigh féin! Mein Gott in Himmel!
Don té a thugann cuairt ar an gcathair cháiliúil san Saltzburg, baile dúchais an chumadóra Wolfgang Amadeus Mozart, ní bhíonn aon easpa earraí cuimhneacháin orthu in aon siopa a mheallann cuairteoirí.
Réimse leathan bronntanas a thugann cumadóir draíochtúil an ochtú haois déag chun cuimhne, más t-léine fhánach é nó liathróidí gailf, gan trácht ar bhróistí is beilteanna.
Ach is iad na seacláidí ar a mbaistear Mozartkugel is mó go mbíonn éileamh ag cuairteoirí orthu.
Déanta as prásóg nó marzipam, cnónna piostáise, eithneagán nó nougat, 106 calra i ngach aon ghreim.
Sa naoú haois a cruthaíodh na seacláidí seo an chéad lá. Bhíothas ag táirgeadh 57 milliún den mhilseog seo in aghaidh na bliana agus á n-easpórtáil ar fuaid na cruinne.
Anois sa chathair ársa seo Saltzburg, ceann de chathracha cáiliúla na hOstaire, tá drochscéalta ceart fachta ag lucht déanta is lucht ite na seacláide Mozartkugel.
Tá deireadh go deo ag teacht le déantúsaíocht na milseoige sa dúthaigh san.
Bhí laochas ar fhoireann na monarchan Saltzburg Schokolade, de réir dealraimh, go raibh éileamh domhanda ar an tseacláid seo. Ba chúis mhórtais dóibh a leithéid agus ba é croí an réigiúin an táirge san, a mhaígh a gceardchumann.
Ach anois gur mhéadaigh costas an chócó ar fud an domhain, thit an t-anam as an ngnó agus tá breis is trí fichid fostaí as obair.
Cé go rabhthas ag maíomh gur táirge ‘dúchasach’ ‘áitiúil’ ab ea an tseacláid seo, an Mozartkugel, sé firinne an scéil go bhfuil buannacht le blianta fada orthu ag comhlacht mór sna Stáit Aontaithe, siadsan Mondelez Idirnáisiúnta, dream a tháirgeann brioscaí Oreo agus an tseacláid Toblerone.
Meastar go bhfuil an comhlacht meáite an gnó cáiliúil seo a aistriú go dtí Poblacht na Seice, áit ina bhfuil costais déantúsaíochta níos ísle ná mar atá san Ostair.
Agus lucht na heite deise ag méadú in aghaidh an lae, agus an seans ann go mbeidís i réim sara fada sa tír sin don gcéad uair ón dara cogadh domhanda, deir tráchtairí polaitiúla nach róbhuíoch a bheadh pobal na hOstaire dá dtarlódh a leithéid.
Is cuid dá n-oidhreacht an Mozartkugel, a deir siad, agus don turasóir tá sé chomh hOstarach leis an scannán The Sound of Music.
Meallann Saltzburg na mílte míle turasóir gach bliain in ómós don bhfathach ceoil Mozart. Má bhíonn an t-earra is milse amuigh á dhéanamh in áit éigin eile conas a bheidh acu?
Beidh Saltzburg is Mozart náirithe, a deir daoine eile.
Ach de réir an tseanchais ní mór an cion a bhí ag an gcumadóir ar a bhaile dúchais.
B’fhada leis go raibh sé bailithe leis, bhí an áit gruama paróisteánach plúchtach ina thuairim féin.
B’fhearr leis go mór is go fada a bheith ag maireachtaint i Vín – áit a bhí, ina thuairim siúd, i bhfad níos sofaisticiúla is níos spleodraí.
Nach deacair an duine a shásamh leis.…
Fág freagra ar 'Céard a dhéanfaidh siad feasta i Salzburg agus seacláid Mhozart ag dul chun na Seice?'