Céard a chaithfidh tú ag an obair inniu? Seo ocht rogha…

Chuaigh ár gcomhfhreagraí i ngleic leis an dúshlán a bhaineann le bheith compordach agus dea-ghléasta ag an obair le linn an tsamhraidh

Céard a chaithfidh tú ag an obair inniu? Seo ocht rogha…

Céard a chaithfidh mé chun na hoibre inniu? Sin an chéad cheist a ritheann liom féin nuair a dhúisím ar maidin. Tá a fhios agam go bhfuil daoine ann atá chomh heagraithe sin go bhfuil éadaí na maidine roghnaithe acu an oíche roimh ré ach is maith liomsa cluas a thabhairt do thuar an haimsire agus súil a chaitheamh amach an fhuinneog sula bpiocaim an t-éadach don obair. 

Bíonn sé sách deacair an tráth seo bliana an rogha cheart a dhéanamh. An té atá ag obair in oifig nó ag bualadh le daoine le linn an lae ag cruinnithe, caithfidh sí a bheith compordach ach néata gairmiúil freisin. Is cinnte gur éadach éadrom as fabraic mar línéadach nó cadás is feiliúnaí agus b’fhearr mionsciortaí gearra a sheachaint más faoi dhuine cuma phroifisiúnta a bheith uirthi. 

Seo roinnt ball éadaigh a chonaic mé an tseachtain seo a bheadh go deas don obair tráth a bhfuil an chosúlacht air go bhfuil feabhas ag teacht ar an aimsir.     

Tá gúnaí léine thar cionn don obair agus is maith liom an ceann fada gorm seo a bhfuil pócaí breátha air. (Zara, €49.95)

 

Cuachóg atá mar bheilt ar an treabhsair breá éadrom seo ar dhath oráiste. Ó Mango ar €19.99

 

Línéadach atá sa léine ghorm seo atá oiriúnach don dea-aimsir ach sách foirmeálta don obair. Margadh maith é ar €22.99 ó H&M

 

D’fhéadfaí an treabhsair breá gléineach buí seo atá déanta as cadás a chaitheamh le léine shimplí bhán. Ar fáil ó Warehouse ar €47

 

Is maith liom an dearadh atá ar an v-mhuineál agus is barr deas foirmeálta seo atá ar fáil ó River Island ar €33

 

Tá an sciorta uaine seo ar mheánfhad sách fada don obair agus is breá liom na pócaí agus an bheilt bheag dheas. Ar fáil ó ASOS ar €48.39

 

Ó bhranda Lennon Courtney i Dunnes Stores an barr seo ar a dtugtar ‘Marina’ agus é ar fáil ar €39. Barr simplí le polcaphoncanna, muineál ard agus beilt bheag dheas.

 

Gúna cídeoige le patrún bláthach d’ócáid speisialta ag an obair le linn an tsamhraidh. Ar fáil ó Topshop ar €52

Fág freagra ar 'Céard a chaithfidh tú ag an obair inniu? Seo ocht rogha…'