‘Ceap magaidh go bhfuil 25% de na múinteoirí atá ag múineadh i nGaelcholáiste gan Ghaeilge’ – Príomhoide

Deir Príomhoide Choláiste Ráithín go raibh sé gann ar mhúinteoir do 132 rang an chéad seachtain ar ais ar scoil

‘Ceap magaidh go bhfuil 25% de na múinteoirí atá ag múineadh i nGaelcholáiste gan Ghaeilge’ – Príomhoide

Deir príomhoide Gaelcholáiste i mBré, i gcontae Chill Mhantáin gur ceap magaidh é nach bhfuil Gaeilge ag 25% de na múinteoirí atá ag obair sa scoil toisc go bhfuil sé chomh deacair múinteoirí cáilithe a earcú.

In agallamh le Tuairisc, deir Deaglán Ó Laoire, Príomhoide Choláiste Ráithín i mBré, go bhfuil an t-easnamh mór sa soláthar múinteoirí le Gaeilge ag cur as do chaighdeán an oideachais lán-Ghaeilge atá ar fáil do dhaoine óga.

Deir Ó Laoire, a bhfuil ceithre bliana caite aige ina phríomhoide ar Choláiste Ráithín, go bhfuil sé “beagnach dodhéanta” múinteoirí le Gaeilge a earcú agus nach bhfuil aon chuma air go bhfuil feabhas ag teacht ar chúrsaí.

“I ndáiríre, ní fhaigheann tú iarrthóirí le Gaeilge, sin bun agus barr an scéil. Tá poist fógartha againn anseo arís agus arís eile le ceithre bliana anuas.

“Má tá an t-ádh ort duine amháin a mhealladh, is annamh a aimsíonn tú duine le Gaeilge,” a dúirt sé.

Deir Ó Laoire “go ngoilleann sé go mór” air go mbíonn air múinteoirí gan Gaeilge a earcú ach nach mbíonn aon rogha aige.

“Nílim ag cáineadh aon duine atá againn anseo atá gan Ghaeilge ach is ceap magaidh é go bhfuil 25% den fhoireann ag feidhmiú i nGaelcholáiste gan Ghaeilge.

“Táim i ndeireadh na feide ag an bpointe seo. Táim sa ról seo le ceithre bliana anuas agus bíonn na deacrachtaí céanna againn chuile shamhradh. Athraíonn na hábhair is dócha ach tosaíonn tú amach gach bliain gann ar go leor múinteoirí agus bíonn impleachtaí móra aige sin do dhaltaí.

“Is ceann de spriocanna na scoile é barrfheabhas a bhaint amach san oideachas. Tá sé ag tarlú in áiteanna sa scoil ach níl sé in áiteanna eile. Sa chás ina bhfuil an príomhoide agus an leas-phríomhoide gafa ag clúdach ranganna nach bhfuil siad cáilithe a bheith a mhúineadh ni fhéadfá a rá go bhfuil barrfheabhas á bhaint amach.”

Dúirt Ó Laoire gurb éigean dó féin agus don leas-phríomhoide níos mó ná míle rang a chlúdach anuraidh.

An tseachtain seo, an chéad seachtain den scoilbhliain nua, bhí 132 rang gann ar mhúinteoirí i gColáiste Ráithín.

“Is iad na daltaí a bhíonn thíos leis i ndáiríre. Srian á chur ar an méid ábhar atá ar fáil dóibh agus an méid sin ranganna saora a bhíonn ag ár ndaltaí, tá sé náireach. Níl a fhios agam céard is féidir a dhéanamh faoi ag an bpointe seo, tá mé ag iarraidh a bheith cruthaitheach, tá muid ag baint leas as na scoileanna máguaird, tá muid ag íoc as daoine le teacht agus teagasc a dhéanamh tar éis am scoile ach i ndáiríre tar éis ceithre bliana tá mé ag cailleadh mo mhisnigh faoi.”

Dúirt Ó Laoire go raibh folúntas do mhúinteoir gairmthreorach fógartha trí bliana as a chéile agus nár éirigh leo duine a fháil. Sa deireadh, thug múinteoir sa scoil faoin cháilíocht, cúrsa dhá bhliain, chun an tseirbhís a chur ar fáil i nGaeilge sa scoil.

“Tá an fhoireann anseo ag déanamh a seacht ndícheall le freastal ar na daltaí agus tá siadsan i ndeireadh na feide chomh maith mar gach uile bliain bím ag impí orthu níos mó agus níos mó a dhéanamh. Níl sé sin féaráilte orthusan ach oiread.

“I mbliana, bhí orm grafaic dheartha agus chumarsáide a bhaint ón gclár ama. Bhí orm corpoideachas a bhaint ón gclár ama anuraidh. Níl Gearmáinis ar fáil do dhaltaí i mbliain a haon i mbliana, níl Fraincis ar fáil do dhaltaí eile.”

Dúirt Ó Laoire gurb é an rud “is measa” uilig faoin scéal nach bhfuil an soláthar oideachais a theastaíonn uathu á chur ar fáil do na daltaí mar gheall nach bhfuil múinteoirí ar fáil.

“Bíonn ar phríomhoidí a bheith cruthaitheach chun na fadhbanna sin a réiteach. Sheol mé daltaí chuid Gaelcholáistí eile, bhí daltaí ón scoil ag dul chuig scoileanna eile le ríomheolaíocht agus grafaic dheartha a dhéanamh. Bíonn muid ag fostú daoine lasmuigh den scoil san iarnóin chun teagasc agus cosnaíonn sé na mílte euro ar an scoil gach bliain na daoine sin a fhostú. Tá an t-ádh orainn go bhfuil daoine toilteanach teacht agus ár ndaltaí a mhúineadh lasmuigh den scoil ach níl sé sin ceart ná cóir,” a dúirt Ó Laoire.

Dúirt Ó Laoire, nach raibh aon rud a mheallfadh múinteoirí le dul ag obair i scoil lán-Ghaeilge seachas scoil Bhéarla.

“Bhí agallamh socraithe againn Dé hAoine seo caite. Bhí ochtar le bheith faoi agallamh. Tharraing seisear amach an lá roimhe agus níor tháinig ceachtar den bheirt eile ar an lá. Sin an áit a bhfuilimid.

“Má bhíonn an rogha ag múinteoir a bheith ag teagasc i scoil Bhéarla nó i scoil Ghaeilge, níl aon rud le múinteoirí a mhealladh chuig scoil Ghaeilge,” a dúirt Ó Laoire.

Fág freagra ar '‘Ceap magaidh go bhfuil 25% de na múinteoirí atá ag múineadh i nGaelcholáiste gan Ghaeilge’ – Príomhoide'

  • Billy an Ghoirt

    Tá drogall ar an Roinn Oideachais tuileadh Gaelcholáistaí a bhunú mar gheall ar an easpa múinteoirí.

    Tá sé deacair don Roinn Oideachais tuilleadh múinteoirí le Gaeilge a thraenáil mar gheall ar an easpa cúrsaí tríú leibhéal don oideachas lán-Ghaeilge.

    Tá drogall ar an Roinn Oideachais tuileadh cúrsaí tríú leibhéal don oideachas lán-Ghaeilge a chur a fáil mar gheall ar an easpa Gaelcholáistaí a bheadh in ann mic léinn cumasacha a sholáthair.

    Scéal casta atá ann go deimhin – ach níl fhios ag duine ar bith cé atá freagrach as an gcíor thuathail seo!!?

    Hmmmm.,….

  • Nóirín

    Billy, ceart ar fad agat. Praiseach atá ann ón mbun aníos agus ón mbarr anuas. Ní sna Gaelcholáistí amháin atá Béarlóirí ag teagasc. Tádar na Béarlóirí flúirseach i roinnt scoileanna Gaeltachta agus daoine óga ag suí páipéir scrúdaithe stáit as Béarla dá mbarr agus ag cailliúint amach ar phointí bónais sa Ghaolainn. Tuistí bochta coinnithe ó dhoras ag na Béarlóirí atá i gceannas sna scoileanna!

  • Pól Ó Grífín

    Níl mé claonta I dtreo aon teanga ó thaobh an oideachas ach go mbeadh rogha ag daltaí ó thaobh an meán ceart dó san. B’fhéidir go bhfuil easpa múinteirí ghaeilge ann toisc easpa suim sa teanga san slí in a usáidtear í san chóras. Is ceist cearta sibhialta é ar ndóigh do daltaí áirithe agus sin an fadhb don rialtas I mo thuairim.