Ceantair i nDún na nGall, Gaillimh agus Maigh Eo is measa atá buailte ag cásanna den choróinvíreas

Tá ceantair Ghaeltachta san áireamh sna toghcheantair ina bhfuil an líon is mó cásanna den Covid-19 aimsithe le coicís anuas

Ceantair i nDún na nGall, Gaillimh agus Maigh Eo is measa atá buailte ag cásanna den choróinvíreas

Is i nDún na nGall, Gaillimh agus Maigh Eo atá na rátaí scaipthe is airde den Covid-19 sa stát. Is iad Carn Domhnach (2,800), Bun Cranncha (1,476), Cathair na Gaillimhe Láir (1,034), Cathair na Mart (958) agus Baile Dhún na nGall (955) na toghcheantair is measa atá buailte ag cásanna den Covid-19 le coicís anuas.

Tá an ráta scaipthe i gCarn Domhnach os cionn ocht n-uaire níos airde ná an meánráta náisiúnta – 344. Deimhníodh 253 cás nua sa chuid sin d’Inis Eoghain le coicís anuas.

Tá ceantair Ghaeltachta san áireamh i dtoghcheantair Chathair na Mart agus Bhaile Dhún na nGall. 

176 cás den chóróinvíreas a deimhníodh i dtoghcheantar Chathair na Mart, mar a bhfuil Gaeltacht Thuar Mhic Éadaigh, le coicís anuas agus 253 cás a deimhníodh i gceantar Bhaile Dhún na nGall.

Tá an ráta scaipthe sna ceantair Ghaeltachta eile i dTír Chonaill os cionn an mheánráta náisiúnta freisin. Ráta 452 atá i gceist i dtoghcheantar na nGleanntach, mar a bhfuil formhór Ghaeltacht Dhún na nGall. 108 cás a deimhníodh ansin idir an 13-26 Iúil. Ráta 428 atá i dtoghcheantar Bhaile na nGallóglach agus 59 cás deimhnithe sa cheantar céanna.

Cé go bhfuil na figiúirí an-ard i dtoghcheantar Chathair na Mart i Maigh Eo, níl Béal an Mhuirthead buailte chomh dona céanna. 20 cás ar fad a deimhníodh ansin le cúpla seachtain anuas agus ráta 159 i gceist dá bharr.

Tá an ráta i gConamara Theas – 370 – níos airde ná an meánráta náisiúnta. 79 cás nua den víreas a deimhníodh sa cheantar le coicís anuas. 53 cás a deimhníodh le linn na tréimhse chéanna i gConamara Thuaidh. Ráta 308 atá i gceist ansin.

I gCiarraí, deimhníodh 16 cás i gCorca Dhuibhne agus ráta 113 ann dá bharr. Tá an ráta i dtoghcheantar Neidín, mar a bhfuil Gaeltacht Uíbh Ráthaigh, a dhá oiread níos airde ná sin – 220 – tar éis do 55 cás nua den víreas a bheith deimhnithe ann idir an 13-26 Iúil.

Ráta 212 a bhí i gceist le toghcheantar Mhaigh Chromtha, mar a bhfuil Gaeltacht Mhúscraí. 78 cás a deimhníodh ann le coicís anuas.

29 cás a deimhníodh i dtoghcheantair Dhún Gharbhán, mar a bhfuil Gaeltacht na nDéise. Ráta 142 a bhí i gceist sa gceantar.

I gcontae na Mí, ráta 359 a bhí i dtoghcheantar Bhaile Átha Troim, mar a bhfuil cuid de Ghaeltacht Ráth Chairn. 112 cás a deimhníodh ann idir an 13-26 Iúil.

I gCeanannas, mar a bhfuil an chuid eile de Ghaeltacht Ráth Chairn agus Bhaile Ghib, 245 a bhí i gceist agus 89 cás nua aimsithe ansin le coicís anuas.

Fág freagra ar 'Ceantair i nDún na nGall, Gaillimh agus Maigh Eo is measa atá buailte ag cásanna den choróinvíreas'