Tá folúntas fógartha ag Coimisiún na Meán do ‘Ceannasaí Gaeilge’ a bheidh freagrach feidhmeanna an rialtóra i leith na Gaeilge.
Deir an Coimisiún go mbeidh an té a cheapfar freagrach as “feidhm fhoirmiúil” na heagraíochta i leith na Gaeilge “a bhunú agus a leabú”.
Beidh ar an té a cheapfar sa ról, a bhfuil tuarastal idir €81,000-€101,ooo sa bhliain luaite leis, “a chinntiú go bhfuil an teanga lárnach i misean agus i bhfeidhmiú na heagraíochta”.
Beidh an Ceannasaí nua Gaeilge freagrach as cur i bhfeidhm na ndualgas Gaeilge atá ar Choimisiún na Meán faoin Acht Craolacháin (2009) agus faoi Acht na dTeangacha Oifigiúla (2021).
“Áirítear leis sin beartais, nósanna imeachta agus pleananna gníomhaíochta a fhorbairt i ndáil leis na dualgais sin agus a chinntiú go gcuirtear chun feidhme iad go héifeachtach,” a deirtear sa cháipéis ina gcuirtear síos ar an bpost.
Ar na dualgais agus freagrachtaí eile a bheidh ar Cheannasaí Gaeilge Choimisiún na Meán beidh bunú ‘Feidhmeannas na Gaeilge’ san eagraíocht agus earcú na mball foirne nua a bhainistiú; plean tionscadal a fhorbairt; taighde, imeachtaí agus tionscnaimh Ghaeilge an Choimisiúin a threorú agus cúrsaí aistriúcháin san eagraíocht a riaradh. Beidh ar an té a cheapfar “comhairle agus cúnamh a thabhairt don Choimisiún maidir le cinnteoireacht amach anseo maidir leis an mbealach is fearr is féidir riachtanais Ghaeilge na heagraíochta agus na seirbhísí a sholáthar”.
Deir an Coimisiún go bhfuil siad sa tóir ar dhuine a bhfuil “líofacht den scoth” sa Ghaeilge acu, atá in ann aistriúchán cruinn a dhéanamh idir Gaeilge agus Béarla. Ní mór don iarrthóir “taithí ghairmiúil ábhartha” a bheith aige nó aici in earnáil na meán cumarsáide nó san earnáil phoiblí chomh maith le “sárscileanna pleanála agus eagrúcháin”.
Beidh buntáiste atá eolach ar “reachtaíocht, caighdeáin agus treoirlínte ábhartha” a bhaineann leis an nGaeilge san earnáil phoiblí. Deirtear gur “critéar inmhianaithe” é taithí a bheith ag an iarrthóir ar “rannpháirtíocht le páirtithe leasmhara le pobail Ghaeilge, le grúpaí abhcóideachta, agus le heagraíochtaí cultúrtha” freisin.
Is post buan, lánaimseartha é post an Cheannasaí Gaeilge, agus beidh an té a cheapfar ag obair ón mbaile trí lá sa tseachtain agus dhá lá in oifig an Choimisiúin ar Bhóthar Shrewsbury i ndeisceart Bhaile Atha Cliath.
Is ag grád an phríomhoifigigh chúnta sa Státseirbhís a fhostófar an Ceannasaí Gaeilge, agus tuarastal idir €81,475 agus €101,535 luaite leis an bpost. Deirtear gur ar an gcéad phointe den scála a cheapfar an Ceannasaí.
Beidh trí chéim i gceist leis an bpróiseas earcaíochta: réamhagallamh, measúnú Gaeilge, agus agallamh lena n-áireofaar cur i láthair nó “cleachtadh praiticiúil eile”.
Fág freagra ar 'Ceannasaí Gaeilge á lorg ag Coimisiún na Meán'