Ceannaire Nuachta agus Cúrsaí Reatha ceaptha ag TG4 den chéad uair

Is í Deirdre Ní Choistín, Bainisteoir Cumarsáide TG4, atá ceaptha mar an chéad Cheannasaí Nuachta ag an stáisiún

Ceannaire Nuachta agus Cúrsaí Reatha ceaptha ag TG4 den chéad uair

Tá Deirdre Ní Choistín ceaptha ina Ceannaire Nuachta agus Cúrsaí Reatha ag TG4.

Seo an chéad uair go mbeidh ceannasaí nuachta dá leithéid ag TG4 a fhaigheann a soláthar nuachta agus cúrsaí reatha ó RTÉ.

Agus fáilte á cur aige roimh an gceapachán nua tráthnóna, dúirt Ardstiúrthóir TG4, Alan Esslemont, go gcuirfí tús go luath le cainteanna le RTÉ faoi conas a bhainfidh Nuacht TG4 ‘neamhspleáchas’ amach agus faoin infheistíocht a theastóidh chun sin a dhéanamh.

I mí Iúil na bliana seo ghlac an Rialtas le moladh go mbeadh soláthar nuachta TG4 neamhspleách ó RTÉ.

Moladh i dtuarascáil a d’fhoilsigh an Coimisiún um Thodhchaí na Meán go mbeadh “ceannas neamhspleách eagarthóireachta” ag TG4 ar a sholáthar nuachta chun seirbhís níos fearr a chur ar fáil dá lucht féachana.

Is le “tús a chur leis an aidhm sin a bhaint amach” a d’fhógair TG4 an post do Ceannaire Nuachta agus Cúrsaí Reatha.

Dúirt Alan Esslemont, Ardstiúrthóir TG4, go leagfadh Deirdre Ní Choistín amach fís nua do chúrsaí nuachta sa stáisiún.

“Mar thoradh ar chinneadh an rialtais go mbeadh ceannas neamhspleách eagarthóireachta ag TG4 ar a nuacht féin, cuirim fáilte roimh cheapachán Deirdre Ní Choistín sa ról nua mar Ceannaire Nuachta agus Cúrsaí Reatha TG4.

“Tá tús le cur ag Deirdre le fís agus straitéis nua a mhúnlú do Nuacht agus Cúrsaí Reatha TG4 ar an teilifís agus ar ardáin dhigiteacha.”

Tá Deirdre Ní Choistín, arb as Cill Dara ó dhúchas di ach a bhfuil cónaí uirthi ar an Spidéal i nGaeltacht Chonamara, ag obair le TG4 ó 1999.

Tá sí ina Bainisteoir Cumarsáide ar TG4 ó 2019.  Roimhe sin, chuir sí tús leis an ardán ar líne Molscéal. Sular bunaíodh Molscéal in 2017, mar léiritheoir agus mar stiúrthóir a bhíodh Deirdre Ní Choistín ag obair den chuid is mó agus baint aici le cláir amhail  7 Lá, ComhráRóisín, agus Léirmheas Leabhar.  D’oibrigh sí chomh maith ar gach clár toghcháin a bhí ag TG4 ó 2002 i leith.

Tá sí pósta ar Bhreandán Ó Conláin, as an Spidéal, agus tá ceathrar mac acu, Finian, Fiachra, Darach agus Éanna.

Dúirt Alan Esslemont ag cruinniú de Choiste Oireachtais anuraidh go mbeadh sé casta an nasc le RTÉ ó thaobh na nuachta a bhriseadh tar éis 25 bliain ach thug sé le fios nach mbeadh aon doicheall ag TG4 roimh a leithéid de chinneadh.

Faoin reachtaíocht chraolacháin ní mór do RTÉ 365 uair an chloig de chláir a chur ar fáil do TG4 agus tá cainteanna ar siúl faoi láthair idir an dá stáisiún faoin soláthar sin.

Tá sraith cúrsaí reatha nua, Iniúchadh TG4, coimisiúnaithe ag TG4 ón earnáil neamhspleách, sraith sé chlár 50 nóiméad a bheidh á craoladh an bhliain seo chugainn.

 

Fág freagra ar 'Ceannaire Nuachta agus Cúrsaí Reatha ceaptha ag TG4 den chéad uair'