Ceann de na díospóireachtaí is áiféisí agus is mí-ionraice riamh faoin nGaeilge i nDáil Éireann

Cothrom an lae seo 50 bliain ó shin, pléadh sa Dáil cinneadh cinniúnach an chomhrialtais deireadh a chur leis an riachtanas Gaeilge d’fhostaithe sa státseirbhís

Ceann de na díospóireachtaí is áiféisí agus is mí-ionraice riamh faoin nGaeilge i nDáil Éireann

Cothrom an lae seo 50 bliain ó shin, Déardaoin an 5 Nollaig 1974, spreag ceist a chuir Eugene Timmons, Teachta Dála de chuid Fianna Fáil i mBaile Átha Cliath Thoir Thuaidh, ceann de na díospóireachtaí is áiféisí agus is mí-ionraice riamh faoin nGaeilge i nDáil Éireann.

Chuir Timmons ceist ar an Aire Seirbhíse Poiblí, Richie Ryan, faoi pholasaí Gaeilge an rialtais a d’fhógair an mhí roimhe sin go raibh deireadh á chur leis an riachtanas Gaeilge d’fhostaithe sa státseirbhís.

Dhein Ryan cosaint áiféiseach ar an gcinneadh agus mhaígh sé, mar shampla, gurb é an toradh a bheadh ar an bpolasaí nua go mbeadh an Ghaeilge agus an Béarla “ar chomhchéim feasta i gcomórtais iontrála na státseirbhíse”.

An rud ba mhó a chuir mearbhall agus fearg ar an bhfreasúra ná áiteamh an aire gurb é an toradh a bheadh ar an gcóras nua ná go bhfostófaí daoine nach raibh aon Bhéarla acu sa státseirbhís

Mhaígh Ryan ag pointe amháin go bhféadfaí duine a chur i gceannas ar an Roinn Gnóthaí Eachtracha nach mbeadh aon Bhéarla aige, fad is go mbeadh Gaeilge líofa aige.

Thug Ryan ar dtús an míniú oifigiúil ar chinneadh an rialtais, go mbláthódh an dea-thoil don teanga ar fud na státseirbhíse agus na tíre ach deireadh a bheith curtha leis an nGaeilge éigeantach.

“Tá an Rialtas lán-mhuiníneach go músclóidh na hathruithe seo, a chuireann spreagadh in áit éigeantais, dea-mhéin bhreise don Ghaeilge agus go gcuideoidh siad le leathnú na teanga laistigh agus lasmuigh den státseirbhís trí atmaisféar níos fabhraí a chothú di,” arsa Richie Ryan.

Ina dhiaidh sin, chuir George Colley ó Fhianna Fáil, ceist ar Ryan, Teachta Dála de chuid Fhine Gael, an amhlaidh go raibh an rialtas ag maíomh go nglacfaí le daoine sa státseirbhís feasta gan é a bheith cruthaithe acu go raibh Béarla acu.

“An é sin atá i gceist aige?” a d’fhiafraigh Colley.

“Sea. Is é sin atá i gceist againn,” arsa Ryan.

“Agus is dócha go n-aontódh an tAire gur beag iarrthóir dá leithéid a bheadh ann ach ag glacadh leis go raibh a leithéid ann, cá háit sa Státseirbhís a mbeadh sé i gceist ag an Aire na daoine sin a fhostú?” arsa Colley.

“Aon Roinn,” arsa Ryan.

“Mar shampla, san Roinn Airgeadais, Sráid Mhuirfean,” arsa Colley.

“An Roinn Airgeadais, an Roinn Cosanta.”

“Daoine gan Béarla?” arsa Colley agus, déarfá, pas beag den chur i gcéill ag baint leis an iontas a bhí air.

“Daoine gan Béarla, sea,” arsa Ryan.

Má bhí an searbhas agus an spochadh le brath ar thaobh an fhreasúra bhíodar ann ar thaobh an rialtais leis.

D’fhiafraigh Ryan de Colley arbh amhlaidh gur chreid sé gur chóir “an Béarla a bheith éigeantach nuair nach mbíonn an Ghaeilge éigeantach”.

Chuir Jim Tunney ó Fhianna Fáil i leith an aire ansin nár éist sé le haon dream eile seachas an Language Freedom Movement (LFM) sular chinn sé deireadh a chur leis an riachtanas Gaeilge.

Bunaíodh LFM i 1965 chun cur i gcoinne stádas na Gaeilge sa státseirbhís agus sa chóras oideachais.

Richie Ryan

Dúirt Ryan gur fógraíodh an beartas roimh an olltoghchán an bhliain roimhe sin “tar éis a lán machnaimh”. Dúirt sé go raibh “eolas cruinn” ag an rialtas ar dhearcadh eagraíochtaí éagsúla agus gur chuireadar “gach rud cuí san áireamh”. Ach ní fhéadfadh sé cuimhneamh ar aon dream eile go bhfuair sé comhairle uathu seachas cumainn bhaill foirne na seirbhíse poiblí. Mhaígh sé arís gur ardú céimse don Ghaeilge a bhí sa chinneadh.

“Tá an Ghaeilge agus an Béarla ar aon dul anois,” arsa Ryan, “agus tig le duine den chéad uair post sa Státseirbhís a bhaint amach gan Béarla.”

“Táim cinnte nach ndéanfaidh sé dochar ach go gcuirfidh sé feabhas ar staid na Gaeilge sa Státseirbhís agus lasmuigh di.”

Níor scaoil Tunney leis.

“An é seo polasaí an LFM atá curtha ar bun anois ag an Aire?”

“Dúirt mé cheana gur iarr na cumainn foirne ar an Rialtas deireadh a chur leis na trialacha éigeantacha Gaeilge sa Státseirbhís,” arsa Ryan agus é ag seachaint na ceiste arís.

Ba léir, dar le Tunney, nár lorgaíodh tuairimí daoine a raibh “suim dáiríre” acu agus gur fhan an t-aire “le San Siobhán agus an LFM”.

“Tá mé cinnte go bhfuil formhór mhuintir na hÉireann i bhfabhar an athraithe a dheineamar,” a dúirt Ryan.

Dúirt George Colley ansin nach raibh cumainn na foirne féin ar son an athraithe agus gur theastaigh uathu fáil réidh leis na scrúduithe Gaeilge inmheánacha sa státseirbhís ach na scrúdaithe iontrála a choimeád.

“An luafadh an tAire cumann ar bith seachas an LFM a mhol dó siúd nó don Rialtas go gcuirfí deireadh le Gaeilge mar ábhar éigeantach i scrúdú iontrála don Státseirbhís?” a d’fhiafraigh Colley de Ryan.

Ag tagairt dó féin, dúirt Ryan: “Dúirt an tAire ‘na cumainn foirne’.”

“Éist. Ní dóigh liom go dtuigeann an tAire an rud a bhí ins an brief aige,” arsa Colley.

“Is í seo an cheist. Cén eagraíocht nó cumann seachas an LFM a mhol don Aire deireadh a chur le Gaeilge ins an scrúdú iontrála—‘entry examination’ sa Státseirbhís? An bhféadfadh an tAire ceann amháin díobh a lua?”

Ghéill Ryan sa deireadh.

“Ní féidir liom agus chomh maith, ní féidir liom ainm aon chumainn eile a lua a bhí i gcoinne an athraithe sin.”

Tosaíodh ansin ar phlé dátheangach a dhéanamh ar conas a chinnteofaí faoin gcóras nua go bhféadfadh aon duine ar mhian leis é a ghnó a dhéanamh trí Ghaeilge le ranna rialtais.

Bheadh marcanna breise le fáil ag iarrthóirí ar phoist sa státseirbhís a raibh Gaeilge agus Béarla acu, a dúirt Ryan. Bheadh cabhair ar fáil freisin ag foghlaimeoirí ó Ghaeleagras na Státseirbhíse agus chuirfí “eolas” ar an nGaeilge san áireamh chomh maith nuair a bheadh arduithe céime le bronnadh.

“Tá súil agam go mbeidh cumas sa Ghaeilge ag formhór na ndaoine a cheapfar amach anseo…Ní bheidh aon easpa Gaeilge, mar sin, sa Státseirbhís agus beidh fonn níos láidre chun feidhm a bhaint aisti toisc deireadh an éigeantais.

“Fuair mé a lán gearán nach mbíodh sé éasca.”

Dúirt Colley gurb é fírinne an scéil ná go mbeadh ranna rialtais ann “staffed entirely by people unable to do business through Irish”.

George_Colley

Ní raibh aon ghlacadh ag Ryan leis sin.

“We are now satisfied that by replacing the compulsion, which did so much damage to the Irish language over the past half century, with enthusiasm for the language, we will have people more readily disposed to use Irish.”

Mhaígh sé go raibh níos mó Gaeilge á húsáid sa Dáil féin le tamall “because the element of compulsion is gone out of Irish now”.

“Come off it,” arsa Colley.

Ach sheas Ryan an fód.

“People are better disposed to use it. There are more people going to the Gaeltacht now to master Irish and to refresh their Irish.”

“For cheap holidays,” arsa Jim Tunney.

Dúirt Ryan gur ghlac sé leis go raibh de cheart ag aon saoránach a chuid gnó a dhéanamh trí Ghaeilge le ranna poiblí.

“…I will see to it that that right is respected. It will certainly be better respected in the future than it was in the past under a policy which failed totally to please anybody.”

Ní den chéad uair é tháinig blas Becketteach ar an ndíospóireacht nuair a d’fhiafraigh Colley den aire conas a chinnteodh sé go mbeadh an ceart sin i gcónaí ann.

Colley: How can he ensure that, if he enforces the regulations he has announced?

Ryan: I will ensure it.

Colley: How? That is the question.

Ryan: I will ensure——

Colley: Tell us how. Do not mind the propaganda.

Tosaíodh athuair ansin ar argóint faoi mhaíomh an aire go bhféadfadh daoine gan acu ach an Ghaeilge aon phost sa státseirbhís a fháil.

Chuir seo an phip ar fad ar George Colley.

“May I submit that the Minister is showing his contempt and that of his colleagues for the intelligence of the people, and a total lack of regard for reality?”

Dúirt Colley go raibh sé cruthaithe go soiléir ag an aire nach raibh sé i gceist in aon chor a chinntiú go mbeadh sé de cheart i gcónaí ag an saoránach a ghnó a dhéanamh trí Ghaeilge leis an stát.

Bhí freagra áiféiseach ag an aire ar an méid sin.

“The Deputy [Colley] is asserting that a person who is an Irish speaker and does not know English has not got the same intellectual capacity…” arsa Ryan.

“Nonsense,” arsa Colley.

“I do not accept that,” arsa Colley.

Ag Jim Tunney a bhí an focal scoir.

“Is it intended to restore the language? No.”

Léiríonn scagadh a rinne Tuairisc ar mheamraim rialtais ó 1974 go raibh an ceart ag Tunney gur tuigeadh go maith don Rialtas go bhféadfadh gur imeallú na teanga sa státchóras agus séanadh cearta teanga ar an bpobal a leanfadh an cinneadh deireadh a chur leis an riachtanas.

Léirigh ar tharla ó shin go raibh an ceart acu.

Fág freagra ar 'Ceann de na díospóireachtaí is áiféisí agus is mí-ionraice riamh faoin nGaeilge i nDáil Éireann'

  • Conán Maol

    Bhí na FFers comh ciontach céanna ón tús. Dhiúltaigh Dev seirbhís raidió dos na Gaeltachtaí a chur ar fáil sna 1940daí.
    Rud a chuir “pip” ar go leor…

  • An Sléibhteoir

    Muis a Chonáin Mhaoil, smaoineamh Dev a bhí ann go bhfiosrófaí an bhféadfaí a leithéid a dhéanamh ar an gcéad dul síos ach ní raibh na hacmhainní ann.
    Níl aon chomparáid eatarthu.

  • Criostóir Ó Maonaigh, Melbourne, Na hAstráile

    Nach bhfuil sé in am dúinn anois a bheith níos soiléire ar cérbh iad na daoine a bhí fé bhun an LFM, eagraíocht a bhí comh láidir san ? Caithfidh gur daoine ón iasacht ab ea iad?

  • Donncha Ó hÉallaithe

    Ag breathnú siar ar an dtréimhse sin, caithfear an cheist a chur cén fáth nach ndearna Fianna Fáil aon cheo le rialacháin Richie Ryan a chur ar cheal, nuair a chaithfeadh comhrialtas FF/LO amach i 1977? Trí bhliain níos deireannaí, i 1977, tháinig George Colley i gcomharbacht ar Richie Ryan mar Aire Airgeadais agus mar Aire Seirbhís Poiblí. Cén suan a bhí ar na eagraíochtaí Gaeilge ag an am, nár chinntigh siad go mbeadh Fianna Fáil, ag cinntiú go mbeadh dóthain daoine á earcú sa státshéirbhís le freastal a dhéanamh i nGaeilge ar phobal na Gaeltachta agus ar phobal na Gaeilge?
    Caoga bliain níos deireannaí ceaptar go bhfuil sé uaillmhianach a bheith ag súil le 20% de earcaithe nua a bheith inniúl ar an dá theanga faoi 2030! Agus drochsheans go mbainfear amach an sprioc sin, deirtear linn!

  • Conán Maol

    @An Sléibhteoir
    Sna 1970daí cheap grúpaí ar nós Misneach gur beag an difir a bhí dir FF agus FG. Smaoinigh ar an ionsaí a rinne Máirtin Ó Cahdhain agus a chomrádaithe ar Aire Fianne Fáileach Paddy Faulkner agus leac comórtha á nochtadh don fhile in Oirghialla i 1969.
    Duine a bhí a bhí ag obair don Chartlann Náisiúnta a mhínigh an scéal ar an raidió uair amháin.
    Ghlac Dev le tuairimí an coiste acadúil a d’fhiosraigh an cheist go millfeadh an tseirbhís raidió na canúintí.
    Bhí cuid den lucht acadúil sin fós ag léachtóireacht tré Bhéarla maidir leis an tSeanGhaeilge agus litríocht na meánaoisean is leir gu ba mhó a spéis i miondifríochtaí na gcanúintí ná an Ghaeltacht a choinneáil bheo.