‘Céad slán don oíche aréir’ agus leis an samhradh ar an Spidéal

Bíonn leisce ar dhaoine slán a fhágáil leis an samhradh, go háirithe nuair nár mhair sé ach tamall

‘Céad slán don oíche aréir’ agus leis an samhradh ar an Spidéal

Bhí goimh ann. Faoina seacht a’ chlog bhí cuairteoirí an Domhnaigh ag bailiú leo de réir a chéile.

Ag ceann na trá ag an gcéibh nua sa Spidéal bhí garda tarrthála, ina T-léine bhuí agus shorts dearga, ag baint anuas an bhratach dhearg is bhuí den uair dheiridh i mbliana. Má bhí comhartha uait go raibh an samhradh tugtha, b’in ceann.

Fear óg as Bóthar na Trá a bhí sa ngarda tarrthála. Faoi cheann cúpla lá bheadh sé ag cur tús lena chuid staidéir in Ollscoil na Gaillimhe, a dúirt sé.

Moch maidin an lae roimhe sin, bhí fear ar an gCéibh Nua agus é ag caint faoi shamhradh an fhómhair, mar a thugtaí air, agus é ag tagairt don tréimhse dea-aimsire a bhí tagtha.

Bhí an deis tapaithe ag roinnt daoine tomachaí a bhí imithe ó smacht a ghearradh agus péinteáil a dhéanamh,  obair nach bhféadfaí a dhéanamh roimhe seo mar gheall ar chomh dona is a bhí an aimsir.

Bhí sé féin cruógach le laethanta beaga anuas ag tabhairt na móna abhaile. Labhair sé go healaíonta faoin obair a bhaineann leis an móin. Bhí an teanga a dhéanann cur síos ar an obair úd ar a thoil aige.

Bíonn an áit ina bhfuil sé ag baint mhóna le leathchéad bliain ciúin agus tréigthe anois, a dúirt sé. Ní mar sin a bhíodh. B’iomaí duine a bhíodh ag baint mhóna ann tráth den saol.

Thagair sé don seandream a bhíodh ag saothrú ar an talamh. Ní labhraítear ná ní scríobhtar fúthu siúd, a dúirt sé.

Bhreathnaigh sé amach chun farraige. “Níl breac ar an gcuan,” a dúirt sé. Seanscéal a bhí ann.

An tráthnóna roimhe sin arís, bhí fear a bhaineann lá amach ag tabhairt daoine amach ag iascach i gCuan na Gaillimhe ag rá an rud céanna. Is beag ronnach atá ann i mbliana. Tá an-dochar déanta ag na báid mhóra, a dúirt sé. Seanscéal agus meirg air, ach ní hionann sin is a rá nach bhfuil sé fíor.

Labhair fear na móna ar an méid feamainne a bhí caite i dtír le seachtain ag rabharta an fhómhair agus faoin gcaoi ina mbíodh muintir an bhaile á bailiú agus á baint.

“Maise, céad slán don oíche aréir,” a dúirt sé. Agus d’imigh sé leis. Bhí móin fós le tabhairt abhaile aige.

Níos deireanaí an lá úd, thuas faoin tír, bhí an chosúlacht air go raibh muintir lár na tíre ag baint tairbhe as an aimsir bhreá chun an mhóin a thabhairt abhaile chomh maith. Bhí fóid mhóna a bhí tite ó leantóiri scaipthe anseo is ansiúd ar na bóithre beaga.

Bhí dath an óir ar roinnt de na páirceanna agus rosamh an bhrothaill ar bhruacha na Sionainne.

Faoi thráthnóna bhí gloine gaoithe an chairr breactha le feithidí marbha. Údar clamhsáin na blianta ó shin, ach dea-chomhartha atá ann anois don té atá buartha faoi cé chomh gann is atá feithidí, aisteach go leor.

Tráthnóna Domhnaigh i mBaile an Droichid agus bratacha na ngardaí tarrthála fillte agus fágtha ar leataobh go dtí an chéad bhliain eile, bhí fear a bhfuil cónaí air taobh thoir den Spidéal ag an mbanc buidéal agus lán an bhúit de bhuidéil fholmha aige.

Bhí cóisir ann an oíche roimhe sin do na daoine a bhfuil cónaí orthu ar an mbóthar céanna leis, a mhínigh sé. Ócáid bhliantúil í seo atá á heagrú ó bhí Covid ann.

Thóg an fear seo agus cúpla duine eile é orthu féin cóisir a reáchtáil toisc gur thuigeadar gur beag aithne a bhí ag cuid de na daoine ar an mbóthar ar a chéile.

Cuirtear bia ar fáil don dream a fhreastalaíonn ar an gcóisir ach níl aon chostas orthu. Ní gá dóibh ach deoch agus milseog a thabhairt leo.

Bhí an fear seo tuirseach ach sásta tar éis na hoíche agus búit an chairr le folmhú aige fós.

Bíonn leisce ar dhaoine slán a fhágáil leis an samhradh, go háirithe nuair nár mhair sé ach tamall. Bhí tráth ann nuair a ghlac roinnt daoine leis go mbíodh deireadh an tsamhraidh tagtha an tríú Domhnach de Mheán Fómhair, an lá a n-imrítí Cluiche Ceannais Peile na hÉireann i bPáirc an Chrócaigh. Ach tá an dáta úd sciobtha ó mhuintir na tíre anois, gan cás gan náire.

Maidin Luain, bhí cuma an tsamhraidh fós ar an spéir, ach is beag teas a bhí ann agus bhí báisteach air. Ag Ceardlann an Spidéil, bhí fear ag baint plásóg féir ar an tseanstíl, speal in úsáid aige.

Níl deireadh leis an samhradh fós ná baol air,” a dúirt duine a choinníonn súil ghéar ar chúrsaí aimsire ar a fhón “Tá teas mór geallta,” a dúirt sé. Go minic ní dea-scéala a bhíonn aige, ach a mhalairt.

Cé a chreidfeadh é an uair seo!

Bhí tús curtha le sceideal an fhómhair ar Raidió na Gaeltachta. Bhí an sárchlár Cuideachta Ceoil le Eibhlín de Bhailís ar ais ar an aer agus Nan Tom Teaimín ag rá ‘Caisleán Uí Néill’ arb í an chéad líne ann: ‘Céad slán don oíche aréir.’

Fág freagra ar '‘Céad slán don oíche aréir’ agus leis an samhradh ar an Spidéal'