Cead pleanála tugtha do Ghaelscoil ar an Ómaigh

Beidh ar chumas na scoile nua glacadh le níos mó ná 200 dalta. 169 dalta atá ag freastal ar Ghaelscoil na gCrann mar atá

Beidh foirgneamh úrnua ag Gaelscoil na gCrann ar an Ómaigh go luath sa bhliain 2019. Thug Comhairle Cheantair Fhear Manach agus na hÓmaí cead pleanála fá choinne scoile ina mbeidh seacht seomra ranga agus naíonra. Beidh ar chumas na scoile nua glacadh le níos mó ná 200 dalta. 169 dalta atá ag freastal ar Ghaelscoil na gCrann mar atá. Beidh an naíscoil nua ábalta glacadh le 26 gasúr, seachas 19 mar atá anois acu.

Chuir Deirdre Uí Cheallaigh, Príomhoide na scoile, fáilte roimh chinneadh na bpleanálaithe. “Tá sé ar dóigh don scoil agus do phobal na scoile. Beidh na háiseanna uilig atá de dhíth ar scoil againn. Táimid ag dúil go mbeidh an scoil réidh in 2019. Tá an obair le tosú sa bhliain nua.”

Beidh an obair thógála á cur amach ar thairiscintí go luath, agus conraitheoir á cheapadh dá réir.

Cheadaigh Roinn Oideachais an Tuaiscirt maoiniú £2.3 milliún (€2.57milliún) cúpla bliain ó shin fá choinne na hoibre.

Beidh an scoil nua lámh leis an scoil atá anois ann. Tá an scoil sin i seomraí ranga sealadacha lámh le Dún Uladh, an tIonad Acmhainne Réigiúnach ag Comhaltas Ceoltóirí Éireann. Is ann atá an scoil ó bunaíodh í in 2006. Déanann sí freastal ar bhaile na hÓmaí agus an ceantar máguaird.

Tá Risteard Mac Dáibhéid, múinteoirí nGaelscoil na gCrann, ag súil go mór leis an athrú. “Tá mé ag teagasc le dhá bhliain is fiche, agus seo an chéad uair go mbeidh mé ag teagasc i scoil a tógadh le brící, i seomra ranga ina mbeidh leithreas. Beidh mé caillte!” ar seisean.

Fág freagra ar 'Cead pleanála tugtha do Ghaelscoil ar an Ómaigh'