Cead Comórtas Peile na Gaeltachta a reáchtáil le baint de chumainn i gceantair atá lag ó thaobh na Gaeilge de

D’fhéadfaí cosc a chur ar chumainn nach ndéanann iarracht an Ghaeilge a labhairt agus iad ag glacadh páirt sa Chomórtas

Cead Comórtas Peile na Gaeltachta a reáchtáil le baint de chumainn i gceantair atá lag ó thaobh na Gaeilge de

Ní bheidh cead ag cumainn i gceantair atá lag ó thaobh na Gaeilge Comórtas Peile na Gaeltachta a reáchtáil amach anseo agus athruithe le déanamh chun stádas na teanga ag an gcomórtas a chosaint.

D’fhéadfaí cosc a chur freisin ar fhoirne nach ndéanann iarracht an Ghaeilge a labhairt mar chuid den chur chuige nua.

Tá glactha ag Coiste Náisiúnta Chomórtas Peile na Gaeltachta nach mbeidh cead ach ag cumainn atá lonnaithe i gceantair a áiríodh i gCatagóir A nó B sa Staidéar Cuimsitheach Teangeolaíoch ar Úsáid na Gaeilge sa Ghaeltacht (2007) an comórtas a óstáil.

Tá na cumainn atá le Comórtas Peile na Gaeltachta a reáchtáil idir seo agus 2031 roghnaithe cheana féin, seachas i gcás 2030, agus tuigtear go mbeidh an fhoráil nua i bhfeidhm ina dhiaidh sin.

Tá an fhoráil mar chuid de bhunreacht nua a bhfuil glactha leis ag Coiste Náisiúnta Chomórtas Peile na Gaeltachta ach atá fós le cur faoi bhráid Ard-Chomhairle Chumann Lúthchleas Gael, rud atá le tarlú go luath a deirtear.

D’fhágfadh an riail nua go mbeadh roinnt clubanna ar fud na tíre nach mbeadh cead acu Comórtas Peile na Gaeltachta a reáchtáil níos mó.

Tá Cill na Martra, a reáchtáil comórtas na bliana seo i rtih dheireadh seachtaine na Cincíse, áirithe i gCatagóir C de réir an staidéir atá luaite ag Coiste Náisiúnta Chomórtas Peile na Gaeltachta, mar atá Cill Chartha, Lios Póil agus Cill Chomáin, trí chumann atá leis an gcomórtas a óstáil sna blianta amach romhainn.

Is fiú airgead mór d’aon chumann Comórtas Peile na Gaeltachta a reáchtáil agus na mílte ag freastal ar chluichí agus go leor deiseanna urraíochta ar fáil mar chuid de. Meastar go bhféadfadh cumann suas le €100,000 a thabhairt isteach ó imeachtaí an Chomórtais, chomh maith le deontais eile a fhaightear chun áiseanna an chumainn a fhorbairt.

Dúirt Jamie Ó Tuama, Oifigeach Gaeilge Chumann Lúthchleas Gael agus ball de Choiste Náisiúnta Chomórtas Peile na Gaeltachta, gur eascair an moladh maidir hóstaigh an Chomórtais ó shuirbhé a scaipeadh ar na clubanna ar fad a ghlacann páirt sa Chomórtas.

“Bhíodh clamhsáin i gcónaí faoi chúrsaí Gaeilge ag Comórtas Peile na Gaeltachta agus shocraigh muid, mar Choiste Náisiúnta, go dtabharfadh muid fúthu sin mar bhíodh na ceisteanna céanna ag teacht bliain i ndiaidh bliana,” a dúirt sé le Tuairisc.

Dúirt Ó Tuama go ndearnadh cinneadh bunreacht an Chomórtais a uasdátú agus, mar chuid den phróiseas sin, gur scaipeadh suirbhé ar na clubanna. Bhí an Ghaeilge ar cheann de na hábhair is mó a pléadh sna haighneachtaí a fuarthas ar ais.

“Bhí daoine den tuairim gur chóir go mbeadh Comórtas Peile na Gaeltachta á eagrú i gceantair ina raibh an Ghaeilge go láidir,” a dúirt Ó Tuama.

I measc na ngníomhartha eile atá le déanamh chun stádas na Gaeilge a chosaint ag Comórtas Peile na Gaeltachta, tá athbhreithniú ar úsáid na Gaeilge le déanamh ag deireadh gach comórtais.

Má cheaptar nach ndearna cumann ar leith iarracht cloí le “spiorad an chomórtais maidir leis an nGaeilge”, is féidir rabhadh a thabhairt dóibh agus, mura bhfeictear dul chun cinn, an cumann a chur ar fionraí ón gComórtas ansin.

Dheimhnigh Rúnaí Choiste Náisiúnta Chomórtas Peile na Gaeltachta, Cathal Seoighe, le Tuairisc go bhfuil athbhreithniú le déanamh ar chomórtas sóisir na bhfear agus go bhféadfadh go mbeadh ar chumainn babhtaí cáilithe a imirt chun áit a bhaint amach ag an gcomórtas náisiúnta.

Tá na cúrsaí sin le plé ag cruinniú cinn bhliana an Choiste Náisiúnta, a bheidh á reáchtáil an mhí seo chugainn.

Is i Ráth Chairn a bheidh Comórtas Peile na Gaeltachta 2025 agus é á reáchtáil ag Clann na nGael. Beidh sé i gCill Charthaigh in 2026, i Lios Póil in 2027, Carna-Caiseal a bheidh á reáchtáil in 2028, fillfidh sé ar Chloich Cheann Fhaola in 2029 agus beidh sé i gCill Chomáin in 2031. Tá comórtas 2030 i gCúige Mumhan fós le socrú.

Fág freagra ar 'Cead Comórtas Peile na Gaeltachta a reáchtáil le baint de chumainn i gceantair atá lag ó thaobh na Gaeilge de'

  • Colm Mac Fhionnghaile

    Droch-chinneadh gan ach é a lonnú i gceantracha A & B feasta. Aon duine a bhí i gCill na Martra le linn an deireadh seachtaine, agus in mórán áiteanna eile sna blianta roimhe sin, leithéid na Dúnaibh, chífidh siad go ndéanann lucht óstaigh iarracht ollmhór feadh an d/s fada I dtaca leis an teanga. Na háiteanna sin a chur as an áireamh feasta i ndáil le suirbhé atá beagnach 20 bliain d’aois, chan fheictear domh go bhfuil mórán céille leis.
    Cinnte ba cheart a bheith níos déine ar na foirne a théann chun páirce i dtaca le nósmhaireacht teanga, áfach.

  • Súil an tseabhaic

    Maidir leis na foirne a ligtear isteach sa chomórtas:
    ní labhairt na Gaeilge ag an deireadh seachtaine mór an t-aon slat tomhais ba cheart a bheith ann; ba cheart iompraíocht teanga an chlub ó cheann ceann na bliana a chur san áireamh; sna sraitheanna/craobhacha áitiúla/contae, i réamhbhabhtaí Chomórtas Peile na Gaeltachta. An club Gaeltachta é nó an club Gaelach é fiú? An i nGaeilge a bhíonn cruinnithe an choiste? An i nGaeilge a reáchtáiltear na seisiúin traenála – ar na leibhéil uilig? An i nGaeilge a bhíonn lotto an chlub? An í an Ghaeilge teanga an chlub ar Twitter, Facebook, etc.? An bhfuil polasaí teanga (foirmiúil, leagtha síos agus foilsithe) ag an chlub (dála an scéil – an dtugann ceanncheathrú CLG tacaíocht do chlubanna le polasaí teanga/plean forbartha teanga a dhréachtú – sin smaoineamh do Jarlath Burns!)

    Déanta na fírinne, má fhágtar an as an áireamh an bhuntáiste gheilleagrach do na ceantair Ghaeltachta, is cuma dáiríre cén áit in Éirinn a reáchtálfar an deireadh seachtaine mór. Is é obair na gcumann i rith na bliana an rud tábhachtaí. Má bhíonn sin i gceart beidh rudaí i gceart deireadh seachtaine mór an chomórtais.

  • Irial Mac Murchú

    Beidh an Comórtas sna Déise i 2030.

  • Mícheál

    Cosúil le Colm, ní maith liomsa a bheith ag druid doirse. Ach le Cothrom na Féinne a thabhairt don Choiste Náisiúna , tabhair samplaí do roinnt bealaí ar féidir leo “a bheith níos déine ar na foirne a théann chun páirce i dtaca le nósmhaireacht teanga”.

  • Concubhar Ó Liatháin

    Tá sé amaideach amach is amach bheith ag caint faoi na pobail Gaeltachta de réir na stadais a bronnadh orthu beagnach scór bliain ó shin sa ‘Staidèar Chuimsitheach’ amhail is go bhfuil an brí céanna leo inniu. Pé stadas a raibh ag pobail Gaeltachta seachas a chéile I 2007 (bunaithe ar fhigiúirí níos sine arís) an bhfuil sin fíor go fóill i 2024?
    Rinne Cill na Martra sár obair chun Comórtas Peile na Gaeltachta a reachtáil agus bhí an Ghaeilge go mór chun tosaigh ag an bpobal agus ag an gcumann. Tá go leor oibre déanta sa cheantar chun úsáid na Gaeilge a neartú agus tá moladh tuillte dá réir.
    Bhí Béarla le clos á labhairt i bhfaiche Pháirc Uí Chuana ach is ó bhéalaibh na gcuairteoirí ó Chonamara, Tír Chonaill agus Ciarraí a chualathas é á labhairt go tiubh te an oiread is nìos tiuibhe is níos teo aris ná ó bhéalaibh mhuintir na Gaeltachta seo i Múscraí.