Ceannairí na Gaillimhe róchiúin
Bhí sé soiléir roimh thús chluiche an tSathairn i mBóthar na Trá go raibh bóthar fada roimh Ghaillimh más leo cluiche ceannais na hÉireann a bhaint amach don dara bliain as a chéile agus den tríú huair le ceithre bliana anuas, ach fágann an chailliúint in aghaidh Átha Cliath go mbeidh orthu anois cúpla cor agus casadh eile a chur díobh.
Is ag déanamh ar Dhoire a bheidh foireann Phádraic Joyce faoi cheann coicíse agus fios acu go bhféadfadh cailliúint eile deireadh nach mór a chur le haon seans atá acu teacht amach ó Ghrúpa 4. Ní fios go fóill cé chomh maith is atá Doire nó an bhfuil aon aiséirí le déanamh acu i ndiaidh dheacrachtaí an earraigh ach cinnte caithfidh na Gaillimhigh feabhsú má tá siad chun toradh maith a fháil i bPáirc na gCeilteach.
Ní raibh ach an t-aon phointe amháin idir na foirne, an scór cinniúnach a fuair Tom Lahiff agus an bonnán séidte, ach b’fhearr d’fhoireann iad Áth Cliath. Tugadh spreagadh do Ghaillimh roimh an gcluiche agus Shane Walsh fillte ar an bhfoireann ach seachas scór deas sa gcéad leath, is beag tionchar a bhí aige ar an imirt. Ní haon ionadh sin agus cúpla mí caite aige ar an taobhlíne le gortú agus níorbh eisean an t-aon fhear nár bhain barr a mhaitheasa amach.
Ceann de na buanna is mó a bhí ag Gaillimh le roinnt blianta anuas ná go raibh grúpa imreoirí acu a bhféadfaí brath orthu i gcónaí chun a gcion a dhéanamh don fhoireann – leithéidí Paul Conroy, Dylan McHugh, Liam Silke, Johnny McGrath, Cillian McDaid agus John Maher. Ar an drochuair do Ghaillimh, níor éirigh le duine ar bith díobh dul i bhfeidhm ar an imirt an lá cheana. Sa gcosaint, rinne Liam Silke praiseach i gcás an chúil a ghéill Gaillimh agus fuair Áth Cliath scór tábhachtach sa dara leath nuair a theip ar McHugh seilbh a choinneáil ar an liathróid. Comh maith leis sin, bhí McGrath céasta ag Con O’Callaghan sa gcéad leath. Ar an taobh eile den pháirc, níor aimsigh Conroy an sprioc le haon cheann den dá iarracht a bhí aige ar na postaí agus baineadh den pháirc é agus 20 nóiméad fágtha.
Maithfidh lucht tacaíochta na Gaillimhe na botúin sin dóibh ach ní raibh an fhoireann baile chun Áth Cliath a shárú agus an oiread sin imreoirí tábhachtacha faoina mbuille. Goillfidh an toradh agus an taispeántas ar Joyce ach caithfear rudaí a chur ina gceart go tapa agus an turas go Doire rompu anois.
Buanna móra Luimnigh
Bhí sárthaispeántas Luimnigh in aghaidh Chorcaí i bPáirc na nGael Dé Domhnaigh ar an mbua is mó a bhí acu i gcraobh na Mumhan ó thosaigh ré na mbabhtaí grúpa in 2018.
Uair amháin eile a bhuaigh Luimneach ar fhoireann sa chraobh le 16 pointe le linn na tréimhse céanna, in aghaidh Chorcaí i gcluiche ceannais na hÉireann in 2021.
Bhí Luimneach 13 pointe chun cinn ag leath ama sa chluiche sin, 3-18 in aghaidh 1-11. Farasbarr 15 pointe a bhí acu ag leath ama Dé Domhnaigh seo caite, an farasbarr is mó a bhí acu ag leath ama i gcluiche craoibhe ó thosaigh a ré órga in 2018.
24 pointe an farasbarr is mó a bhí ag Luimneach le linn na ré sin, in aghaidh Cheatharlach i réamhchluiche ceathrú ceannais in 2018. Farasbarr 14 pointe a bhí ag foireann John Kiely ag leath ama an lá sin.
Mar sin arbh é a dtaispeántas Dé Domhnaigh seo caite an taispeántas is fearr a thug Luimneach in aon leath amháin le seacht mbliana anuas? Seachas cluiche ceannais na hÉireann in 2021, d’fhéadfaí cás a dhéanamh don dara leath i gcluiche ceannais na hÉireann in aghaidh Chill Chainnigh in 2023, leath a bhuaigh siad 0-21 in aghaidh 1-6. D’fhéadfaí cás a dhéanamh leis don dara leath de chluiche ceannais na Mumhan in 2021, leath a bhuaigh Luimneach le 15 pointe. Bhí siad 10 bpointe chun deiridh ag leath ama i bPáirc Uí Chaoimh an lá sin, ach scóráil siad 1-10 sa chéad 18 nóiméad tar éis an bhrisidh agus níor ghéill siad ach aon phointe amháin do na Tiobraid Árannaigh sa tréimhse imeartha chéanna.
Maidir le foirne a dhein teacht aniar i ndiaidh dóibh greadadh a fháil ó Luimneach, éacht fhoireann Thiobraid Árann in 2019 an t-údar dóchais is mó a bhí ag Corcaigh. Bhuaigh Luimneach ar na Tiobraid Árannaigh le 12 pointe i gcluiche ceannais na Mumhan ag deireadh mhí an Mheithimh an mhí sin, ach na Tiobraid Árannaigh a bhí ag ceiliúradh i mí Lúnasa nuair a fuair siad an ceann is fearr Chill Chainnigh i gcluiche ceannais na hÉireann.
Freagra ag Áth Cliath ar lucht an amhrais
D’fhéadfadh na Gaillmhigh ceacht a fhoghlaim ó Áth Cliath agus freagra tugtha ag fir na príomhchathrach do lucht an amhrais ag an deireadh seachtaine. Toradh gan choinne a bhí sa gcailliúint in aghaidh na Mí i gcraobh Laighean ach cé gur dhúirt Dessie Farrell i ndiaidh bhua an tSathairn nár chuir aon chaint ón taobh amuigh den champa isteach orthu, dúirt sé go raibh rud éigin le cruthú dóibh féin.
“Bhí an-díomá orainn lenár taispeántas an lá faoi dheireadh, ní féidir é sin a shéanadh,” a dúirt Farrell.
“Bhí muid ag súil le freagra mór sna seachtainí seo romhainn mar bhí a fhios againn nár léirigh [an cluiche i gcoinne na Mí] ár gcumas agus go bhfuil i bhfad níos mó ionainn.
“B’fhéidir nach bhfuil muid chomh láidir agus a bhí an séasúir roimhe seo ach níor cheart go gceisteofaí ár ndúthracht ná ár ndíocas. Sin an rud is mó a ghoill orainn nuair a bhreathnaigh muid siar ar an gcluiche agus nuair a rinne muid ár n-anailís féin air. Bhí orainn dul i ngleic leis sin agus fuair muid freagra maith inniu.”
Cé go raibh imreoirí amhail Peadar Ó Cofaigh Byrne, Killian McGinnis agus Lorcan O’Dell lárnach in imirt mhaith Átha Cliath, sheas na seanfhondúirí an fód chomh maith. Cuireadh Stephen Cluxton faoi bhrú mór in aghaidh na Mí ach nuair a bhí an cluiche idir dhá cheann na meá i mBóthar na Trá agus an t-am beagnach caite, d’éirigh leis cic amach gleoite a sheoladh chuig Tom Lahiff i lár na páirce chun tús a chur leis an ngluaiseacht a bhuaigh an cluiche d’Áth Cliath.
Ba é Ciarán Kilkenny an t-imreoir ab fhearr ar an bpáirc, áfach, agus lámh aige i chuile rud maith a rinne Áth Cliath, nach mór. Bhí sé gríosaithe chun catha ón tús ar an Satharn agus seilbh na liathróide faighte aige arís agus arís eile. Is go réchúiseach a labhraíonn Kilkenny nuair a bhíonn maidhc ina lámh aige ach bhraithfeá gur le cantal a d’imir sé in aghaidh na Gaillimhe agus fonn air féin agus a chomrádaithe an mianach atá iontu a léiriú.
Ceacht crua eile foghlamtha ag Uíbh Fhailí
D’fhág cúl Lee Chin in am cúitimh gur fhág iománaithe Uíbh Fhailí Páirc Loch Garman gan tada Dé Sathairn agus léiriú eile faighte acu ar an gcaighdeán atá ag teastáil ag an leibhéal is airde.
Ba í 2025 an chéad bhliain ag Uíbh Fhailí i gcraobh Laighean ó 2018 ach beidh orthu an ceann is fearr a fháil ar Aontroim an deireadh seachtaine seo chugainn má tá siad chun a bheith sa gcraobh arís an bhliain seo chugainn.
Bhuail Cill Chainnigh agus Gaillimh greadadh ar na fir ó lár tíre i mbabhtaí a dó agus trí ach léirigh na taispeántais in aghaidh Loch Garman agus Átha Cliath roimhe sin nach bhfuil foireann Johnny Kelly i bhfad ón gcaighdeán atá ag teastáil. Bhí Uíbh Fhailí trí phointe chun cinn ar Áth Cliath agus 68 nóiméad imeartha sa gcluiche chéad bhabhta ach chlis orthu san am a bhí fágtha agus an cluiche caillte acu le trí phointe. An bhearna chéanna a bhí eatarthu agus Loch Garman an deireadh seachtaine seo agus cúl aimsithe ag Chin sa nóiméad deireanach chun an bua a chinntiú. Chuir Uíbh Fhailí tús maith leis an gcluiche agus iad cúig phointe chun tosaigh sular aimsigh Loch Garman scór ar bith. Ach bhí siad ag imirt le cóir na gaoithe sa gcéad leath agus theastaigh níos mó ná an bhearna ceithre phointe a bhí acu ag leath ama.
Mar sin féin, beidh siad dóchasach go maith roimh an gcluiche tábhachtach in aghaidh Aontroma an Domhnach beag seo agus beidh siad ag súil le tacaíocht láidir ar an Tulach Mhór. Rinne Aontroim roinnt mhaith athruithe don chluiche in aghaidh na Gaillimhe an deireadh seachtaine seo caite agus leathshúil acu ar an gcluiche seo ach ní dhéanfaidh an greadadh ollmhór a tugadh d’fhoireann Davy Fitzgerald aon mhaitheas dóibh agus iad ag fáil réidh don chluiche in aghaidh Uíbh Fhailí.
D’fhág bua sin na Gaillimhe go bhfuil Loch Garman anois le díbirt ón gcraobh ag deireadh chraobh Laighean, is cuma céard a tharlaíonn idir iad agus Cill Chainnigh i bPáirc Loch Garman Dé Domhnaigh. Beidh na Cait i gcluiche ceannais Laighean agus iad ag fanacht ar bhuaiteoirí an chluiche idir Áth Cliath agus Gaillimh.
Fág freagra ar 'Ceannairí ciúine na Gaillimhe, buanna móra Luimnigh, freagra Átha Cliath'