Gheofar radharc tráthnóna ar na hocht bhfoireann eile atá fágtha i gCraobh Shinsir Peile na hÉireann 2025 agus seaimpíní Uladh agus Laighean orthu siúd a bheidh ag dul chun páirce.
Ó thuaidh atá an dá chluiche is mó, b’fhéidir, agus Dún na nGall agus Tír Eoghain ag imirt a chéile i mBealach Féich agus Doire ag tabhairt aghaidh ar Ard Mhacha.
Beidh Dún na nGall an-sásta leis an bhfeachtas go dtí seo agus Craobh Uladh tugtha leo acu i gcoinne Ard Mhacha coicís ó shin ach beidh a fhios acu go maith go bhfuil Tír Eoghain ag súil go mór leis an gcluiche seo i bPáirc Mhic Cumhaill. Bhuaigh Ard Mhacha ar fhoireann Malachy O’Rourke leis an aon phointe amháin sna babhtaí leathcheannais sa gcúige agus bhí roinnt mhaith ama acu chun díriú isteach ar an gcluiche seo agus snas a chur ar aon phlean.
Chas na foirne ar a chéile i mbabhtaí na ngrúpaí anuraidh agus bua seacht bpointe ag Dún na nGall, an tríú bua craoibhe a bhí acu ar Thír Eoghain ó 2020, agus beidh a fhios ag Jim McGuinness go maith nach go héasca a thabharfar tada dá fhoireann inniu.
Tá daoine ag súil le radharc a fháil ar Dhoire chomh maith agus iad ag imirt den chéad uair ó fuair Dún na nGall an ceann is fearr orthu i réamhbhabhtaí Uladh an mhí seo caite. Ní bheidh fir Dhoire sásta beag ná mór lena gcuid taispeántas go dtí seo i mbliana ach bhí deis ag Paddy Tally rudaí a chur ina gceart agus ráflaí thart go bhfuil siad ag cruthú go maith i gcluichí dúshláin.
Cé gur briseadh croí a bhí ann arís d’Ard Mhacha i gcluiche ceannais Uladh, níor cheart go ngoillfeadh an chailliúint in aghaidh Dhún na nGall chomh mór sin orthu, go háirithe tar éis dóibh imirt chomh maith sin sa gcluiche. Agus Áth Cliath agus Gaillimh istigh leo i nGrúpa 4, beidh an dá fhoireann ag iarraidh tús maith a chur le cúrsaí anseo.
Bheifeá ag súil go bhfuil ceiliúradh maith déanta ag imreoirí agus lucht tacaíochta Lú ó bhuaigh siad Craobh Laighean den chéad uair le breis is trí scór bliain ach is cinnte go mbeidh siad dírithe isteach ar chluiche an lae inniu agus iad le casadh ar Mhuineachán ar an Droichead Nua. Is iad fir Lú curaidh an chúige ach is iad fir Mhuineacháin rogha na coitiantachta don chluiche seo, aisteach go leor.
Bunaithe ar fheachtas sraithe na bhfoirne atá na corrlaigh sin agus bua sé phointe ag Muineachán ar Lú níos luaithe i mbliana. Bhain foireann Raymond Galligan an t-ardú céime amach ó Roinn 2 agus thugadar taispeántas maith uathu in aghaidh Dhún na nGall i gCraobh Uladh ach tabharfaidh bua stairiúil Lú an-spreagadh dóibh agus iad bíogtha ag iarraidh áit sna babhtaí díbeartha a bhaint amach.
San Uaimh a bheidh an cluiche eile inniu agus dhá fhoireann eile ó Roinn 2 ag tabhairt aghaidh ar a chéile. Beidh an-díomá ar chontae na Mí nár éirigh leo Craobh Laighean a thabhairt leo tar éis dóibh Áth Cliath a shárú sna babhtaí leathcheannais ach caithfear foghlaim ón gcailliúint in aghaidh Lú agus feabhsú sa gcosaint, go háirithe. Thug Corcaigh dúshlán ceart do Chiarraí i mbabhtaí leathcheannais na Mumhan agus caithfidh siad anois dhá thaispeántas mhaithe a chur i ndiaidh a chéile más leo toradh maith a fháil inniu.
Craobh Peile na hÉireann
An Mhí v Corcaigh – Páirc Tailteann, 15:00
Lú v Muineachán – Páirc Naomh Conlaith, 16:45 (Beo ar GAA+)
Ard Mhacha v Doire – Páirc Lúthchleasaíochta, 17:00
Dún na nGall v Tír Eoghain – Páirc Mhic Cumhaill, 19:00 (Beo ar GAA+)
Fág freagra ar 'Dúshlán le tabhairt do sheaimpíní Uladh agus Laighean agus cluichí suimiúla romhainn'