Cé hiad olagairc na Rúise is cá bhfuair siad a gcuid airgid?

Is féidir linn a bheith cinnte faoi rud amháin: ní leagfaidh an rialtas Caomhach i Londain oiread is méar ar shaibhreas na n-olagarc

Cé hiad olagairc na Rúise is cá bhfuair siad a gcuid airgid?

Vladimir Putin

Agus rialtas na hÉireann ag cloí go hurramach leis an seasamh i gcoinne na Rúise atá á éileamh ag an Ríocht Aontaithe agus ag an Aontas Eorpach, tá caint ann faoi na holagairc a luaitear go minic le scéal na tíre sin. Cé hiad, cá bhfuair siad a gcuid airgid, is céard atá siad a dhéanamh i Londain?

Nuair a bhí an cumannachas i réim san Aontas Sóivéadach ba leis an stát na monarchana, na mianaigh agus foinsí an tsaibhris ar fad. Go deimhin is le linn na réime úd a tharla tionsclú na Rúise, mar bhí acmhainní an stáit taobh thiar den fhorbairt eacnamaíochta agus de na tionscail.

Ach nuair a theip ar an stát i 1989, chinn na ceannairí a tháinig chun tosaigh ag an am gur chóir gnéithe de chóras an rachmais a thabhairt isteach. Ba í an fhadhb sa tír, áfach, nach raibh aon aicme rachmais ann. Chinn siad ar a leithéid a chruthú agus cé ab fhearr chuige sin ach na daoine a bhí i gceannas ar an gcóras ag an am.

Bhailigh Boris Yeltsin scata daoine ina thimpeall don obair seo, daoine a d’éirigh an-saibhir, mar a d’éirigh Yeltsin agus a mhuintir freisin.

Ach níor tháinig an saibhreas seo as aon obair nó nuálaíocht a dhein na daoine seo, ach trí acmhainní an stáit a aistriú chucu féin.

Ba é an chaoi go ndearnadar é ná gur tugadh scaireanna sna monarchana, sna mianaigh, sna fiontair agus sna comhlachtaí éagsúla dóibh siúd a bhíodh ag obair leo.

Ach ag an am céanna theip ar an gcóras airgeadais agus, níos tábhachtaí, ar an gcóras soláthair. Fágadh oibrithe gan airgead pá ar feadh na míonna. Bhí bainisteoirí na bhfiontar in ann airgead na bhfiontar a úsáid le bia a cheannach is a dhíol leis na hoibrithe.

Agus cén chaoi ar íoc na hoibrithe as ar cheannaigh siad? Trí na scaireanna a tugadh dóibh a aistriú ar son an bhia sin ó na bainisteoirí.

Ní féidir rud ar bith a thabhairt air seo ach goid.

Bhí Gaibhríl Popov ina mhéara ar chathair Mhoscó idir 1990 agus 1992, agus i ndiaidh na tréimhse sin ba é Popov an ceathrú duine ba shaibhre sa Rúis. Meastar gur breabaireacht a chruthaigh an saibhreas sin dó.

Mar an gcéanna leis na holagairc eile. Tóg Mikhail Khodorkovsky, mar shampla. Thosaigh seisean mar oifigeach san Ógra Cumannach ach thug sin cumhacht dó le banc dá chuid féin a bhunú le hairgead stáit. Leis sin bhí sé in ann fiontair a bhí lonnaithe i gceantair na hola is na bhfoinsí fuinnimh a cheannach agus an t-ollchomhlacht Yukos a bhunú.

Dhein sé margadh le Boris Berezovsky a bhí i gceannas ar fhiontair ríomhaireachta is teicneolaíochta le margaíocht idirnáisiúnta a dhéanamh ar acmhainní a goideadh ón stát an chéad lá.

Le cabhair ó Berezovsky, a bhí sa gciorcal ba chóngaraí do Yeltsin, cheannaigh Khodorkovsky foinsí ola is gáis ar phraghas íseal a shocraigh Khodorkovsky féin.

Ach nuair a bhí réimeas Yeltsin thart, chuir Putin an dlí ar Khodorkovsky agus cúisíodh é i gcúbláil airgid is acmhainní stáit. Ciontaíodh é agus cuireadh téarma príosúnachta deich mbliana air.

Ach maíonn tráchtairí an Iarthair gur cuireadh i bpríosún é mar chuid d’ionsaí an stáit ar chearta an duine. Agus dhiúltaigh cúirteanna na Breataine an t-airgead a ghoid sé a thabhairt ar ais don Rúis.

D’éirigh le Berezovsky éalú sula cuireadh an dlí air, ach dhiúltaigh na Sasanaigh arís é a eiseachadadh go dtí an Rúis. Laoch chearta an duine a thug siad airsean chomh maith.

Ba é Putin a dhein iarracht stop a chur leis an ngoid leanúnach a bhí ar siúl ag na holagairc seo. Agus chuir sé brú orthusan a bhí thar lear a gcuid airgid a chur ar ais i ngeilleagar na tíre. Dhein sé margadh, mar shampla, le Roman Abramovitch – a bhfuil clú air mar gheall ar an gclub sacair, Chelsea, a cheannach – airgead a thabhairt ar ais agus scaradh ó Berezovsky.

Mar gheall ar na nithe seo tá tacaíocht Putin méadaithe go mór sa Rúis, ach tugtar le fios i meáin an Iarthair le fios gurb é Putin cara na n-olagarc, cé gurbh é Yeltsin a d’oscail an doras dóibh is gurbh é Putin a dhún é.

Mar gheall ar naimhdeas bunúsach na Breataine don Rúis, agus an chosaint a thug rialtais is cúirteanna na Breataine do na gadaithe Rúiseacha seo, tá níos mó olagarc Rúiseach i Londain ná in aon bhaile eile san Iarthar.

Ach bíonn siad go minic i gcoimhlint lena chéile, agus iad seasta ag iarraidh goid óna chéile.

Ní haon ábhar iontais é mar sin gur ionsaíodh Skripal más fíor go raibh sé ag feidhmiú thar ceann dream amháin de na holagairc.

Ach is féidir linn a bheith cinnte faoi rud amháin: ní leagfaidh an rialtas Caomhach i Londain oiread is méar ar shaibhreas na n-olagarc, ní hamháin toisc gur thug na daoine seo os cionn £15 milliún do na Tóraithe, ach toisc go bhfuil siad glan in aghaidh an t-airgead a goideadh a thabhairt ar ais go dtí an Rúis.

Fág freagra ar 'Cé hiad olagairc na Rúise is cá bhfuair siad a gcuid airgid?'