Cé hé Gael na bliana? Buaicphointí na Gaeilge in 2026 roghnaithe le cabhair ó ghiúiré an Antartaigh

Sa dara cuid d’eagrán speisialta de ‘An Pod Gaeilge’ féachtar siar ar dhea-scéalta agus drochscéalta shaol na Gaeilge in 2026 agus tá aoi againn atá ar long amach ó chósta an Antartaigh

Cé hé Gael na bliana? Buaicphointí na Gaeilge in 2026 roghnaithe le cabhair ó ghiúiré an Antartaigh

Sa dara cuid dár n-eagrán speisialta de ‘An Pod Gaeilge’ faoin mbliain 2025, roghnaítear dea-scéal Gaeilge na bliana, drochscéal Gaeilge na bliana agus Gael na Bliana. In éineacht le Bridget arís tá Pádraic, agus Seán Tadhg ó Tuairisc agus Máirín Ní Ghadhra, craoltóir le Raidió na Gaeltachta.

Tá iriseoir eile ó Tuairisc linn chomh maith, Maitiú Ó Coimín atá ar bhord loinge amach ó chósta an Antartaigh, áit nach bhfuil buaicphointí shaol na Gaeilge agus na Gaeltachta in 2025 ag déanamh oiread sin tinnis dó.

Podchraoladh ó Tuairisc, seirbhís nuachta ar líne na Gaeilge, é ‘An Pod Gaeilge’. Tabhair cuairt orainn ag www.tuairisc.ie nó ar na meáin shóisialta.

Fág freagra ar 'Cé hé Gael na bliana? Buaicphointí na Gaeilge in 2026 roghnaithe le cabhair ó ghiúiré an Antartaigh'