Cé acu is fearr an fhírinne faoin Úcráin a insint nó a cheilt ar na páistí? 

Chas mé suas an fhuaim ar an raidió is d’éist muid leis an tuairisc nuachta ba dheireanaí ón Úcráin. Ní raibh aon dea-scéala ann…

Cé acu is fearr an fhírinne faoin Úcráin a insint nó a cheilt ar na páistí? 

‘Mamaí cas suas an raidió, tá mé ag iarraidh éisteacht leis an nuacht,’ a d’iarr an Babaí orm is muid sa gcarr ag dul go dtí an traenáil sacair. Tráthnóna fionnuar a bhí ann agus bratach solais ar dhath na fola fágtha i ndiaidh na gréine in íochtar na spéire.

‘Tá tú ag iarraidh orm an nuacht a chasadh suas?’ a d’fhiafraigh mé dhe agus mé ag iarraidh a dhéanamh cinnte gur chuala mé i gceart é.

‘Sea,’ a deir sé, ‘cas suas é, tá mé ag iarraidh a fháil amach cén chaoi a bhfuil na daoine ag déanamh thall san Úcráin.’

Chas mé suas an fhuaim ar an raidió is d’éist muid leis an tuairisc nuachta ba deireanaí ón Úcráin. Ní raibh aon dea-scéala ann.

D’éist muid go cúramach leis na scéalta faoi na daoine atá ar a dteitheadh. Chuala muid faoi na hionsaithe leanúnacha atá á ndéanamh ar Kyiv, Mariupol is cathracha eile nár chuala muid trácht orthu cheana ach atá ar eolas anois againn mar gheall ar ionradh na Rúise.

Nuair a bhí an tuairisc thart, níor labhair éinne againn. Céard is féidir a rá faoin olc is éigiall?

Deirtear gur measa an fear bréagach ná an fear bradach; tá cosaint éigin ann in aghaidh an ghadaí ach níl aon chosaint in aghaidh fear inste na mbréag. Céard is féidir a rá nó a dhéanamh in éadan an fhir atá bréagach agus bradach?

‘Bhí mé ag iarraidh paidir a rá dóibh aréir nuair a bhí mé ag dul a chodladh, Mamaí,’ a dúirt an Cailín Mór Beag liom, ‘ach ní raibh mé in ann stopadh ag caoineadh nuair a chuimhnigh mé ar na daoine.’

Bhí aiféala orm go raibh an tuairisc casta suas agam, bhí mé idir dhá chomhairle cé acu ab fhearr an fhírinne a insint nó í a cheilt?

Tá bileog eolais eisithe ag rialtas na hÉireann agus treoirlínte ann do thuismitheoirí agus do chaomhnóirí cén chaoi le tacú le páistí agus daoine óga le linn cogaidh. 

Moltar a bheith cúramach faoi bheith ag caint an iomarca ar an gcogadh agus gasúir óga ag éisteacht sa gcúlra. Moltar ann freisin eolas a thabhairt ar bhealach sólásach. Deir siad sa mbileog go mbeidh tuiscintí difriúla ag páistí agus daoine óga ar a bhfuil ar tarlú ná mar a bheadh ag an duine fásta.

‘An mbeidh siad ok, Mamaí?’ a d’fhiafraigh an Babaí díom théis tamaill.

‘B’fhéidir go mbeadh deireadh leis an ionsaí go luath le cúnamh Dé,’ a dúirt mé.

‘Beidh díolachán cácaí sa scoil againn Dé hAoine do mhuintir na hÚcráine,’ a deir an Cailín Mór Beag aniar ó chúl an chairr.

‘Gabhfaidh muid ag bácáil mar sin,’ a dúirt mé, cé go raibh a fhios agam i mo chroí istigh nach mbeadh aon rath orainn ag bácáil cácaí, fiú ar son na dea-chúise.

‘Is beidh raifil ann freisin,’ a deir an Babaí.

‘Beidh sibh in ann síntiús a thabhairt,’ a dúirt mé, ‘is tabharfaidh sé cúnamh do dhuine éigin.’

Fág freagra ar 'Cé acu is fearr an fhírinne faoin Úcráin a insint nó a cheilt ar na páistí? '

  • Niall Gòrdan

    Tá sé seo ag cur i mo chuimhne go mbeadh “Newsround” ag John Craven ag insint cuid den fhírinne do na páistí 7 na daoine óga ach ní hé an rud uilig…. ach is trua ar fad é.