Cé a labhróidh ar a son siúd a thacaíonn le héilimh Shasana san Eoraip?

Is ar éigean go bhfuil aon díospóireacht ar siúl againn faoin leas a d’fhéadfadh muid a bhaint as aidhmeanna Shasana sa Eoraip

David_Cameron EU

Bhí an t-am ann agus ba dhíograiseoirí ar son na hEorpa móramh mhuintir na hÉireann, ach diaidh ar ndiaidh, tá an díograis sin laghdaithe: tá aimhreas forleathan ann faoin Aontas anois, agus an t-aon údar amháin atá ag cuid mhór den phobal glacadh leis ná nach dtaibhsítear dóibh aon rud níos fearr a bheith ar fáil.

Léiríonn an phobalbhreith is deireanaí de chuid an Irish Times an méid sin. Cé go bhfuil móramh mór den phobal i gcoinne imeacht Shasana ón Aontas (75% in aghaidh 13%), agus móramh eile i bhfabhar fanacht san Aontas fiú dá n-imeodh Sasana (74% in aghaidh 15%), tá móramh eile ann atá ar son na n-athruithe atá á lorg ag David Cameron.

Mar sin, tá beagnach 60% den phobal ar son cumhachtaí breise a thabhairt ar ais do na ballstáit taobh istigh den Aontas agus an líon céanna daoine atá i bhfabhar cead a bheith ag ballstáit diúltú do bheith páirteach in aon iarracht bhreise cumhacht an Aontais á lárnú.

Tá sé spéisiúil, ámh gur fhág an Irish Times as an suirbhé dhá aidhm atá á gcur chun cinn ag na Sasanaigh: go gcuirfí deireadh leis an gcuspóir go mbainfí Aontas níos dlúithe amach, agus go mbeadh níos lú maorlathais ann i gcúrsaí eacnamaíochta.

Téann an dá cheist seo go smior an Fhiontair Eorpaigh (mar a thugtar air), agus tá an chéad cheist mar chuid de chonradh bunaidh an Aontais. Ach i bhfianaise na dtuairimí a luaitear faoi na ceisteanna eile, is léir nach bhfuil pobal na hÉireann chomh tógtha leis an Eoraip agus a bhí.

Siar i 1972, vótáil 83% i bhfabhar dul isteach sa gComhphobal Eacnamaíoch Eorpach, ach thit na móramh i bhfabhar athruithe sna conarthaí i ndiaidh a chéile go dtí gur vótáil móramh i gcoinne Chonradh Nice agus Chonradh Liosbóin an chéad uair a reáchtáladh reifrinn fúthu (i 2001 is 2008).

Ar an gcaoi chéanna, in ainneoin líon ard daoine a bheith ann a raibh dearcadh dearfach acu i leith na hEorpa i 1972, tá an líon sin ag titim leis ón mbliain sin amach. Fiú i 2009, nuair a glacadh le Conradh Liosbóin an dara huair, bhí muinín ag 47% san Aontas. Faoi 2012, nuair a glacadh leis an gConradh maidir le Comhshocrú Fioscach, ní raibh ach 24% den tuairim sin agus 60% a bhí ‘mímhuiníneach’. 

Ní chreideann 54% go gcuireann an tAontas riachtanais na hÉireann san áireamh nuair atá polasaithe á gcur chun cinn.

Ach an bhfuil sé ródhéanach? Má tá móramh ann i gcoinne Aontas níos dlúithe, nár ghlac muid leis an aidhm sin agus leis na céimeanna (ar nós an Comhshocrú Fioscach) a bhí riachtanach dó sa tsraith reifrinn a reáchtáladh faoi?

‘Sea, sna feachtais reifrinn sin go léir, dúirt lucht a molta nach raibh smacht mhuintir na hÉireann ar a dtír féin i mbaol, ach anois deirtear linn gur aontaigh muid le lagú is laghdú na smachta céanna sna reifrinn céanna!

Sin é is dócha an tábhacht a bhaineann le Brexit. Má éiríonn leis na Sasanaigh a gcuid aidhmeanna ar fad a bhaint amach, beidh deireadh leis an gcaint ar Aontas níos dlúithe, agus má imíonn Sasana, beidh athruithe bunúsacha ag teastáil (sa gcaoi, mar shampla, a dtugtar cearta trádála don Eilbhéis don Ioruaidh).

Cinnteoidh an méid seo go mbeidh dhá Eoraip ann: Eoraip comhdhlúthaithe agus scáth-Eoraip, ar Aontas eacnamúil amháin é.

Agus léiríonn suirbhé seo an Irish Times go bhfuil cuid mhaith den phobal i bhfabhar a leithéide.

Ach níl aon pháirtí polaitiúil ann (go fóill) a labhraíonn thar ceann na tuairime seo. Fiú, i gcás Shinn Féin, cé go bhfuil siad i bhfabhar cló eile a chur ar an Aontas ar bhonn a chuirfeadh deireadh le déine, tá siad i gcoinne an Brexit. Ní fheictear dóibh, is cosúil, go ndéanfadh Brexit dochar mór don chineál Aontais a deir siad go bhfuil siad ag cur ina choinne.

Ar ndóigh, níl Sinn Féin ag iarraidh cur leis na difríochtaí idir an tuaisceart agus an deisceart, ach is cosúil go dtugann an díospóireacht faoi Brexit agus na téarmaí atá á lorg ag Sasana seans fáil réidh le hAontas nach dtugann aon aird ar riachtanais na tíre seo. Agus tugann sé seans freisin an smacht a bhí againn ar ár gcinniúint féin, a cailleadh i ndiaidh a chéile, a fháil ar ais.

Tá cuid mhaith den phobal míshásta le cúrsaí mar atá; ach is léir freisin nach bhfuil an misneach ann le briseadh leis an seanchóras ar fad go dtí go dtagann rud éigin níos fearr agus níos sothuigthe ar an saol.

Ní féidir é seo ar fad a fhágáil faoi Sasanaigh, ach is ar éigean go bhfuil aon díospóireacht ar siúl againn féin faoin leas a d’fhéadfadh muid a bhaint as an scéal.

Fág freagra ar 'Cé a labhróidh ar a son siúd a thacaíonn le héilimh Shasana san Eoraip?'

  • Concubhar

    Tóraí faoi cheilt é Eoin anois, is cosúíl. Cinnte tá fadhbanna leis an Aontas Eorpach ach, cosúil leis an daonláthas, is é an réiteach is fearr go dtí seo é ar fhadhb, i gcás na hEorpa, síor chogaíocht. Thosnaigh dhá mhór choghadh san Eoraip an chéad seo chaite…..maraíodh na milliúin dhaoine. Tá an Bhreatain ag iarraidh an Aontas a fhágaint mar go bhfuil noisean aici gur féidir lei arís bheith ina h-impire mar a bhí agus go mbeidh glacadh lei ag an barr thabla le tíortha móra ar nós an Rúis, SAM, an tSín, an Ind, an Astráil, Canada, an tSeapáin. Is é an fhírinne ná go bhfuil a ré caite agus an iomarca droch chuimhní air fós beo in aigne is i gcuimhne na ndaoine, ní fhillfidh sé. Agus é ag tacú le clár oibre Shasana/Na Breataine, is e seo i bhfirinne atá Eoghan ag tacú leis, an paróistiúlachas, an xenophobia agus an impiriúlachas, na treithe codarsnacha ach nasctha atá in uachtar i Sasana inniu.