Tá an teach á fholmhú againn, agam féin agus ag mo dheartháir óg; teach ár máthar, a chuaigh ar shlí na fírinne ag deireadh an tsamhraidh.
Ceann de na rudaí sin atá ann, teach do mhuintire a fholmhú, nach n-éiríonn leat a shamhlú i gceart go dtí go mbíonn ort tabhairt faoi dáiríre. Tuigeann tú feadh do shaoil fhásta go bhfuil sé romhat, áit éigin ansin ar íor na spéire, ar an amlíne idir pháiste agus seanduine, ach ní bhíonn tuairim agat faoin tionchar a bheidh aige ort go dtí go dtiocfaidh an lá mór.
Ós rud é gur scríbhneoir mé, shocraigh mé súil a choinneáil orm féin agus nótaí a bhreacadh síos i gcóipleabhar m’aigne. Cá bhfios nach ndéanfadh eachtra a tharlódh nó cuimhne a mhúsclófaí gearrscéal deas lá éigin amach anseo.
Go deimhin an bhuairt ba mhó a bhí orm maidir le folmhú an tí ná go dtógfadh sé i bhfad, go mbeadh cathú orm féin agus ar mo dheartháir óg stopadh chuile ré nóiméad chun dul siar ar bhóithrín na smaointe agus seanbhréagán éigin á chasadh timpeall inár lámha againn, ag iarraidh cinneadh a dhéanamh maidir lena chaitheamh amach nó lena choinneáil. Gan dabht bhí faitíos orm freisin go mbeinn spíonta ag na mothúcháin ar fad, nó go n-éireodh idir mé féin agus mo dheartháir óg faoi phíosa troscán fánach éigin.
Ach bhí dul amú orm. Chuir an ceantálaí tí deifir orainn: teastaíonn uaithi pictiúirí a ghlacadh an tseachtain seo chugainn agus an teach a chur ar an margadh an tseachtain dár gcionn. Ní theastaíonn aon troscán nó go deimhin aon cheo eile ó mo dheartháir ceal spáis, agus cuid mhór den am bhí mise ag caitheamh amach stuif i seomra amháin fad is a bhí seisean ag glanadh líonta damhán alla i seomra eile, agus ba ar éigean a bhí deis againn am a chur amú ag caint ar an seanam.
Maidir leis an gcroí de, an mothúchán ba mhó a chuir as dom ná an fhuarchúis aisteach a bhí orainn agus ár n-óige á caitheamh amach againn; níor spreag seanbhréagáin scéalta agus níor mheall seanghiuirléidí deora. B’fhéidir gurbh fhearr mar sin é, ach mar scríbhneoir mhothaigh mé gur cur amú deise a bhí ann ar chaoi éigin. Ní dheachaigh na coiníní boga stuáilte, na geansaithe a chniotáil ár máthair ná ciclipéid cheoil ár n-athar isteach i gcóipleabhar m’aigne – isteach sa bhruscar a chuaigh siad.
Ba é an chaoi gur dhiúltaigh fiú amháin an siopa athláimhe do chuid mhór den stuif a shamhlaigh muid i gcónaí a mbeadh luach éigin ag baint leis.
‘Ní féidir linn glacadh leis an gcathaoir sin, féach, tá go leor smál ar an adhmad, shílfeá gur dóirteadh leacht éigin uirthi i bhfad ó shin agus nár glanadh é.’
Cathaoir luascáin ár n-athar a bhí ann, an chathaoir ina mbímis inár suí ina ucht agus ina gcumadh sé scéalta dúinn ó bharr a chinn faoin Dochtúir Fred, tréidlia i Zú na nAinmhithe Breoite.
An chathaoir ina bhfuair mé mo chéad taithí ar an scéalaíocht.
Ní raibh sí uaim féin ach oiread. An ormsa a bhí sé nó an raibh boladh toitíní ón adhmad fós? Lena chois sin, níl tuairim agam cá háit a mbeidh cónaí orm amach anseo, ach drochsheans go n-oirfidh seanchathaoir luascáin don dearadh intí nó go deimhin go mbeidh spás ann dá leithéid; taisteal ar bheagán bagáiste, sin é an plean atá agam.
Ach seo hí an íomhá a fhanfaidh liom den lá a d’fholmhaigh muid an teach: cathaoir luascáin na scéalta ag eitilt tríd an aer, í ar foluain go grástúil ar feadh soicind sular thit sí isteach i scipe bruscair chomhairle an bhaile.
Bhris ceann dá géaga.
Neil Browne
Colún áileann é seo agat Alex
Fionnbarra
💚 Más sa chathaoir sin a fuair tú taithí ar an scéalaíocht ar dtús, táimíd go léir buíoch as sin.
Pól Ó Braoin
Cur síos ó chroí a d’fhága deoir le mo shúil agus gan mé féin ach i mo stráinséir amach is amach daoibh.
Eoghan Ó Néill
Is cuimhin liom go maith na rudaí sin agus muidne á dhéanamh….