Cás John Broderick agus lorg na cinsireachta in Éirinn

Dá mbeadh úrscéalta John Broderick le fáil níos túisce in Éirinn ráineodh go mbeadh cuid den chiúnas a bhí ann faoin homaighnéasacht ruaigthe acu

Cás John Broderick agus lorg na cinsireachta in Éirinn

Chuir an tAcht um Chinsireacht Fhoilseachán, a cuireadh i bhfeidhm sa mbliain 1967, teorainn dhá bhliain déag leis an tréimhse ina bhféadfaí cosc a chur ar leabhair. Chiallaigh sé sin gurbh fhéidir cúig mhíle leabhar a raibh cosc orthu roimhe sin a chur ar an margadh in Éirinn. Dáiríre, chiallaigh an t-acht gur cuireadh deireadh le dianchinsireacht leabhar in Éirinn. Ba chor cinniúnach a bhí ann. Tar éis 1967, tá an chosúlacht air nár bhreathnaigh daoine siar níos mó – bhí leabhair Brendan Behan, John McGahern agus Edna O’Brien, gan ach trí údar a lua, ar liostaí léitheoireachta na nÉireannach. Léigh mé féin Borstal Boy sa mbliain 1970 mar go raibh eagrán den leabhar faoi chlúdach bog le fáil i leabharlann Choláiste Pheadair, Loch Garman, scoil Chaitliceach de chuid na deoise.

Go tobann, ní raibh leabhair contúirteach níos mó. D’fhéadfadh sé go mbeadh fonn eicínt ar staraí a rá, ó cuireadh deireadh le cinsireacht leabhar, gur sciobtha a leigheasadh an damáiste a rinne an córas agus an lorg a d’fhág an córas sin ina dhiaidh. Tar éis 1967, bhí an chuma air nach raibh muid inár gcónaí faoi scáth na cinsireachta ach i saol úrnua.

Chreid mé féin é sin freisin go dtí le gairid. Ach caithfidh mé athmhachnamh a dhéanamh ar an méid damáiste a rinne na dlíthe cinsireachta ar an gcultúr liteartha tar éis 1967 mar gheall ar chás John Broderick, a rugadh in Áth Luain sa mbliain 1927 agus a bhásaigh i mBath i Sasana sa mbliain 1989. Níos luaithe i mbliana fuair mé r-phost ó Lorin Stein atá ina bhall foirne ag McNally Jackson, an siopa mór leabhar i Nua-Eabhrac a athfhoilsíonn clasaicí a bhfuil dearmad déanta orthu sa tsraith Eagráin McNally. Go dtí seo, is iontach an liosta atá acu: tá Gary Indiana, Lion Feuchtwanger, Gavin Lambert agus Mary Gaitskill i measc na n-údar.

Scríofa sa r-phost bhí: ‘An bhliain seo chugainn athfhoilseoidh Eagrán McNally – sraith leabhar faoi chlúdach bog – ina measc The Pilgrimage, nóibhille John Broderick ón mbliain 1961 faoi ménage à trois cráite a bhfuil sé ar intinn acu cuairt a thabhairt ar Lourdes. Is dóigh gurb é an t-úrscéal Éireannach is meataí é a léigh mé riamh (béim dhúbailte ar ‘meatach’ agus ar ‘Éireannach’); taitníonn sé go mór le mo chomhghleacaithe agus liomsa. D’fhiafraigh muid dínn féin an bhféadfadh muid thú a mhealladh le réamhrá gearr a scríobh dúinn don leabhar.’

Bhí réamhrá do rogha scríbhinní Broderick scríofa agam cheana féin do Lilliput Press a fhoilsíonn The Pilgrimage agus An Apology for Roses freisin. Sa bpíosa sin, luaigh mé cáil Broderick mar léirmheastóir leabhar sna 1970idí: Do neart againn a léigh a chuid léirmheasanna a foilsíodh in Hibernia agus san Irish Times, bhí an chosúlacht air scaití go mbíodh an nós aige a bheith an-chantalach. Ní fhéadfadh léirmheasanna a thosaigh leis an abairt, ‘Mura mbacann údar le leabhar a scríobh mar is ceart…’ nó ‘Tá mé tinn agus tuirseach d’úrscéalaithe a scríobhann úrscéalta faoi úrscéalaithe a scríobhann úrscéalta faoi úrscéalaithe’ ach teacht ó pheann Broderick. Bhí sé in ann beag is fiú a dhéanamh de ghluaiseacht liteartha ar fad ar iompú boise: ‘Thar aon fhaisean eile a scaip tríd an saol liteartha le dhá chéad bliain anuas, is é an siombalachas, gan dabht, an ceann is seafóidí agus is seisce ar fad acu.’

Agus d’fhéadfadh tua Átha Luain titim anuas ar mhuineál an scríbhneora is cáiliúla, fiú: ‘Chuaigh an raiméis sin go mór i bhfeidhm ar W.B. Yeats, agus ní chuireann sé sin iontas dá laghad orm. Chaith an seangheamaire a shaol ag cur dallamullóg ar an drong le róis mhistiúla, agus ba bhréagach iad an chuid ba mó díobh.’ Nó: ‘Fillfidh Joyce, mura bhfuil sé fillte cheana féin, ar na hollscoileanna.’’

Sa réamhrá do leabhar Lilliput, thosaigh mé le ceann de na sleachta is fearr liom. Is as leabhar Brian Fallon é, leabhar faoin bpéintéir Tony O’Malley: ‘I mbaile tuaithe, tá aithne ag chuile dhuine ort agus ar do theaghlach, nó tá eolas acu fút ar a laghad. Is eachtra pobail é gach breith agus gach bás, agus tá mothú eicínt ann go bhfuil an saol ar fad clúdaithe ag cocún an chinniúnachais, ar nós cúrsa réamhshocraithe nó pleanáilte a chríochnódh i reilig áitiúil an bhaile. Is deacair é sin a chur i bhfocail, ach mothaíonn chuile dhuine é agus fágann sé a lorg ar an saol beag cúng seo; agus fiú nuair a fháganns tú an baile i do dhiaidh, bíonn lorg eicínt fágtha ortsa go deireadh do shaoil.’

Scríobh mé freisin gur ‘i gcás go leor scríbhneoirí Éireannacha, ní hamháin gur fhág múnla de thírdhreach sainiúil agus córas cainte agus an tuin áitiúil a lorg orthu, ach rinne na gnéithe sin a mbealach isteach i gcroílár fhriotail fhileata, stíle, agus físe na scríbhneoirí. I bprós a aimsíodh Muineachán Eugene McCabe, Liatroim John McGahern agus Áth Luain Broderick, gan ach trí shampla a lua, agus é mar chocún a chlúdaíonns chuile ghné den saol. Ligtear don tírdhreach, don chóras cainte, don oidhreacht, cuimhne a bheith acu sa saol ficseanúil amhail is dá mba charachtair iad. Gan dabht, is minic a fheictear carachtar scéil mar fheidhm chruinn d’áit, agus feictear pobal nó ceantar mar shruthán nimhiúil a mbíonn ar choinsias an duine aonair dul ag spágáil thríd go himníoch míshuaimhneach.

Bhí a fhios agam, agus mise dá scríobh, nuair a chuir mé ainm Broderick i gcomórtas le hainmneacha Eugene McCabe agus John McGahern, go ndeachaigh mé beagán thar fóir mar ní raibh glactha ag an ngiúiré go fóill le Broderick mar úrscéalaí liteartha. Ní raibh aon úrscéal dá chuid inchurtha le Death and NightingalesAmongst Women.

Bhí sé ró-éasca gan Broderick a fheiceáil ach mar chroiniceoir lár tíre na hÉireann. Tá an t-úrscéal is fearr dá chuid, i mo thuairimse, The Trial of Father Dillingham, lonnaithe i mBaile Átha Cliath. Scríobh mé i mo réamhrá: ‘Bíonn an fhéidearthacht nó an seans ann éalú as cocún an chinniúnachais seo ina spreagadh suntasach do na carachtair i saothar McGahern agus Broderick, rud a dhéananns Baile Átha Cliath chomh tábhachtach don bheirt úd leis an áit ar rugadh iad nó as a dtáinig siad.’

Áit do shaoirse aonarach is ea an taobh ó thuaidh den chathair i roinnt de na scéalta is fearr a scríobh McGahern agus ina úrscéalta The Leavetaking agus The Pornographer, díreach mar a ligeann Cearnóg Mhic Liam as The Trial of Father Dillingham a foilsíodh sa mbliain 1982, do Broderick fáil réidh le cinniúint an teaghlaigh agus an bhaile bhig ina shaothar.

Níor léigh mé The Trial of Father Dillingham go dtí na 1990idí deireanacha nuair a chuir mé The Penguin Book of Irish Fiction in eagar. Chuir sé iontas orm nach raibh eolas níos mó ag daoine faoi. Ina úrscéal, bhí Broderick ag iarraidh grá idir beirt fhear meánaosta, Eddie agus Maurice, i mBaile Átha Cliath na linne a léiriú, áit a gcruthaíonn siad cineál teaghlach le beirt eile – iarshagart agus iar-amhránaí ceoldrámaíochta. Cuid de shaibhreas an úrscéil ná an chaoi a ndéanann sé gnáthrud den chaidreamh aerach. Tá rún ag Broderick gan cúis imní a dhéanamh dá charachtair, gan drochbhail a chur orthu mar gheall ar a ngnéasacht. Ná ní aingil iad. Tá méid áirithe den leimhe agus den ghnáthshaol ag baint lena saol, rud atá neamhghnách in úrscéal na linne sin a bhfuil an homaighnéasacht mar phríomhábhar ann. Is doiciméad tábhachtach é úrscéal Broderick a léiríonn saolta aeracha folaithe i mBaile Átha Cliath ceathracha bliain ó shin.

An rud a chuir iontas orm ná go raibh mé i mBaile Átha Cliath sa mbliain 1982 nuair a foilsíodh an leabhar seo. Bhíodh mé ag léamh an chuid is mó d’fhicsean nua Éireannach. Ach ní cuimhneach liom cloisteáil faoin leabhar seo. Léigh mé i leabhar Madeline Kingston, Something in the Head: The Life and Work of John Broderick gur dhiúltaigh foilsitheoir as an Ríocht Aontaithe é a fhoilsiú sa mbliain 1968 agus, aisteach go leor, gur foilsíodh den chéad uair i bhFraincis é sa mbliain 1974.

Scríobhann Madeline Kingston: ‘Dá nglacfadh foilsitheoir leis an úrscéal sa mbliain 1968… b’fhéidir go gcuirfeadh sé fuinneamh i ngairm bheatha an údair, rud a shábhálfadh é ó bhlianta ‘caillte’ an óil roimh fhoilsiú An Apology for Roses sa mbliain 1973.’

Ach ní mé ar thosaigh na trioblóidí níos luaithe, le foilsiú The Pilgrimage, an chéad úrscéal de chuid Broderick, sa mbliain 1961, agus an leabhar coiscthe ag an mBord Cinsireachta. Taispeánann Kingston nár cuireadh deireadh leis an gcosc go dtí sa mbliain 1975, cé gur dhúirt Broderick go ndearna an leabharlann áitiúil san Iarmhí ‘a ndícheall chun The Pilgrimage a choinneáil ar fáil dóibh siúd a d’éileodh é nó gur cuireadh deireadh leis an gcosc.’

Ach níor ghlac an leabhar a áit sa gcultúr liteartha sa gcaoi chéanna ar ghlac leabhair Edna O’Brien nó John McGahern. Nuair a fuair mise an r-phost ó McNally Jackson, ní raibh an leabhar léite agam fiú.

Agus mé dá léamh anois, agus ag athléamh The Trial of Father Dillingham, tá an chuma air, dá mbeadh The Pilgrimage ar fáil go héasca sa mbliain 1961 agus The Trial of Father Dillingham ar fáil sa mbliain 1968, go ndéanfadh siad difríocht in Éirinn. Líonfadh siad an ciúnas a bhí ann faoin homaighnéasacht, ciúnas a bhí forleathan. Ní hamháin go raibh gníomhartha homaighnéasacha idir fir mídhleathach; níorbh fhéidir iad a lua fiú. Chiallaigh easpa leabhair le leithéidí Broderick nach raibh íomhánna saibhre agus casta de dhaoine aeracha ar fáil ó phinn úrscéalaithe cumasacha. Ní hé nach raibh scríbhneoirí Éireannacha eile ag plé leis na hábhair sin sna 1960dí.

Bhí sé, mar a scríobh an file Meiriceánach Adrienne Rich, amhail is dá mbreathnófá sa scáthán gan duine ar bith a fheiceáil ann, seachas cineál folús.

Tá an t-atmaisféar plúchtach céanna le fáil in The Pilgrimage agus atá sa gcéad úrscéal de chuid Brian Moore, The Lonely Passion of Judith Hearne (1955) agus sa gcéad úrscéal de chuid John McGahern, The Barracks (1963). Roghnaigh gach duine den triúr scríbhneoirí mná mar phríomhcharachtair. Ach cé go léiríonn Moore agus McGahern meath brónach drámatúil a gcuid príomhcharachtar, ligeann Broderick do Julia Gyn, an laoch ina scéal, cuid mhaith spraoi is spóirt a bheith aici. An rud atá Broderick ag iarraidh a dhéanamh ná úrscéal Francach a scríobh atá lonnaithe i mbaile Éireannach; ba mhaith leis caidrimh bhaolacha a lonnú i gceartlár na hÉireann, an tsaoirse a thabhairt dá charachtair Éireannacha a bheith ag paidreoireacht chuig a nDia ar son a n-anamacha síoraí nóiméad amháin agus iad féin a thumadh i bpeacaí marfacha chomh héasca céanna díreach ina dhiaidh sin.

Tá sé soiléir san úrscéal go bhfuil baint mhór ag creideamh dúthrachtach Michael, fear céile cróilí Julia, lena chuid homaighnéasachta. Dá bhfoilseofaí an t-úrscéal sin in Éirinn sa mbliain 1961, scaipfí é, phléifí é mar rud uafásach millteanach, spéisiúil, úr. In Éirinn na linne sin, níorbh ann d’íomhá an fhir phósta a bheadh aerach san am céanna; d’fhéadfadh an tsochaí a chur i gcéill nárbh ann dá leithéid seo d’fhir nó go ndeachaigh siad go Sasana, mar a rinne Oscar Wilde.

Bhí a fhios ag Broderick féin, nach raibh aon ní le cailleadh aige. Bhí sé ina oidhre ar ghnó mór rathúil in Áth Luain, Broderick’s Bakery. ‘Dá mbeinn i mo mháistir scoile nó i mo leabharlannaí, ní thiocfainn slán as,’ a dúirt sé. Ní raibh na dleachtanna uaidh.

Ach chaithfeadh sé a bheith deacair air, agus The Pilgrimage scríofa aige, nuair a chonaic sé an leabhar fágtha ina ghné eile fós den chiúnas a rialaigh an ghnéasacht agus an homaighnéasacht in Éirinn. Cosúil le The Trial of Father Dillingham, phléigh The Pilgrimage lena ábhair féin rómhacánta agus ró-oscailte.

Dá réir sin, is leabhair faoi scáth iad leabhair Broderick, leabhair a bhféadfadh tábhacht a bheith leo ag an am sin, b’fhéidir, agus freisin sólás agus misneach, fiú, a thabhairt do léitheoirí in Éirinn. Ach le fírinne, chuir na dlíthe cinsireachta Broderick ina thost. Ach dá mbeadh díol maith ar The Pilgrimage in Éirinn, b’fhéidir nach ndiúltófaí do The Trial of Father Dillingham. B’fhéidir gurb é The Pilgrimage an t-úrscéal Éireannach is meataí dá bhfuil ann. Ba sa mbliain 1961 a scríobhadh é, ach bhí air fanacht lena chuid léitheoirí.

Micheál Ó Conghaile i gcomhar le Niklas Fink a d’aistrigh go Gaeilge na hailt le Colm Tóibín sa tsraith seo, sraith atá á foilsiú againn i gcomhar leis an gComhairle Ealaíon. Tá Colm Tóibín ina Laureate i gcomhar Ficsean Éireannach, 2022-2024

Fág freagra ar 'Cás John Broderick agus lorg na cinsireachta in Éirinn'